Bhí nóiméad ann agus mé ag breathnú thart timpeall, gur bhraith mé gur cineál ‘Home of the Year,’ a bhí sa teach. Dearadh álainn, cinnte, bunaithe ar an traidisiún, suíomh dochreidte le radharcanna ar chaon taobh, foscadh ón drochaimsir, solas breá nádúrtha ó na fuinneoga a bhain leis an seantraidisiún ach gan a bheith róbheag.
Cheap mise i gcónaí gur cheannaigh Pádraig Mac Piarais a theach i Ros Muc i dtús an chéid seo caite. Ach níor cheannaigh sé seanteach – cheannaigh sé an suíomh i 1905 agus tógadh ón talamh aníos an teach i 1907-09.
Mar sin, nuair a bhíodh m’athair ag gealladh dúinne go dtabharfadh sé siar muid go ‘Teach an Phiarsaigh’ sna seascaidí ní raibh an teach chomh sean sin ar chor ar bith – beagán le cois 50 bliain d’aois.
Ní cuimhneach liom anois gur thug mise cuairt ariamh air – seans gur fágadh sa mbaile mé. Bhí uair ann go gcaithfeadh duine bualadh isteach chuig teach áitiúil leis an eochair a fháil ó bhean a’ tí. Bhí cead agat siúl thart air agus an eochair a fhágáil ar ais aici agus tú ag imeacht.
Caithfidh mé a rá go ndearna an OPW an-jab ar an áit, ón uair a tógadh ionad oidhreachta taobh leis agus gur forbraíodh é i gceart mar ionad turasóireachta. Lena gcead a thabhairt dóibh níor chuireadar isteach a bheag nó a mhór ar an teach féin. Is ag an Ionad a thosaíonn duine a chuairt ann anois agus caithfidh an cuairteoir siúl uaidh sin go dtí an teach. Agus deis agat cupán caife agus sólaistí a fháil ó Neasa Ní Chualáin agus a foireann.
Casadh Dáire Ó hAinmhire orm an lá a ndeachaigh mé ann. Oifigeach Eolais agus Treoraí leis an OPW é Dáire agus thug sé ar cuairt muid thart ar an suíomh agus isteach sa teach féin.
Bhí Dáire den tuairim gur scríobh an Piarsach an óráid cháiliúil a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa nuair a bhí sé ag caitheamh seal sa teach i Ros Muc. Thaispeáin sé cóip den óráid dom agus í scríofa go soiléir i lámhscríbhneoireacht néata sholéite an Phiarsaigh féin.
Agus muidne faoi gheasa anois ag ‘autocorrect’ agus eagarthóireacht ‘ar an bpointe’, chuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith chomh cruinn agus chomh líofa is a bhí scríbhneoireacht an Phiarsaigh – níl ach corrcheartú déanta aige.
Bhí sé draíochtúil agus mé ag breathnú amach an doras ar Loch Oiriúlach ag samhlú gur amuigh ansin ar chloch nó ar stumpa de chrann a scríobh sé an óráid sin a chuir an lasair sa bharrach i 1915.
Shíl Dáire gur stumpa eile de chrann a bhí ina intinn nuair a scríobh sé faoi ‘Sean-Mhaitias,’ ina ghearrscéal ‘Íosagán’. Bhí an crann féin ag fás le binn an tí i dtús an chéid seo caite. Agus tá sé cinnte de gurb í binn a thí féin a bhí ina intinn agus é ag scríobh ‘Eoghainín na nÉan’.
Bíonn an tsamhlaíocht ag obair go tréan thart ar an suíomh stairiúil seo. Tugtar gasúir scoile ann go minic, ar ndóigh. D’iarr Dáire ar scata díobh suí síos uair amháin ar an leac taobh amuigh go labhródh sé leo faoin teach.
Sheasadar siar ón leac ag féachaint air le hiontas. ‘An d’aon turas a chuir sé an chloch sin os comhair an tí?’ a d’fhiafraigh siad. Bhíodar cinnte de gur ‘roghnaigh’ an Piarsach an chloch áirithe sin toisc gur samhail de léarscáil na hÉireann a bhí inti.
Níl an teach ag cur thar maoil le troscán agus is maith is fiú go ndearnadh an cinneadh sin. Fágann sé spás ag an gcuairteoir féin siúl thart ann go héasca agus a shamhlaíocht féin a chur ag obair.
Ba mhinic a choinnigh an Piarsach cuairteoirí sa teach ach fiú amháin an t-am sin, ní raibh an t-uafás troscán ná giuirléidí aige. Scríobh sé litir ag Seán Mac Diarmada ag tabhairt cuireadh ag an teach dó, ach d’iarr sé air pluid, cupán agus spúnóg a thabhairt leis- ‘I have nothing in the cottage,’ a scríobh sé.
Ba é Pádraic Ó Conghaile, múinteoir as an áit, a thug go Ros Muc é an chéad lá é. Bhí ranganna ar siúl ag an am ag múineadh léitheoireacht agus scríobh na Gaeilge do dhaoine. Agus chuir Conradh na Gaeilge siar é mar scrúdaitheoir ar na ranganna sin.
I dtús an chéid freisin a bhunaigh sé Coláiste Éanna i Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath. Tá músaem sa scoil sin anois agus go deimhin tá an bunleagan den óráid a tugadh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa ansin freisin.
Dar le Ó hAinmhire, b’oideachasóir go smior é Pádraig Mac Piarais. Thug sé cuairt ar an Bheilg chun go ndéanfadh sé staidéar ar chúrsaí oideachais ansin. Agus thug sé comhstádas do mhná sna cúrsaí sin nuair a bhunaigh sé scoil do chailíní – Coláiste Íde i dTeach Feá Cuileann. Go deimhin, deir Dáire nach raibh san Éirí Amach i 1916, ach ‘píosa beag dá shaol’.
Thugadh sé daltaí ón scoil ar saoire go Ros Muc agus d’fhanaidís i gcampaí beaga os comhair an tí. Tá tagairt ar cheann de na póstaeir eolais de sheisiún snámha a rinne sé sa loch – chuaigh sé féin amach ag snámh agus é ar cheann téide ag a dheartháir Liam a d’fhan ar talamh tirim. Ní mórán snámha a rinne sé ina dhiaidh sin, is cosúil.
Tar éis cur chun báis an Phiarsaigh i 1916, d’fhan an teach ansin agus é i seilbh a mhuintire. Ach tar éis eachtra lámhaigh a tharla sa gceantar le linn Chogadh na Saoirse, tháinig na Dúchrónaigh agus las siad roinnt tithe sa gceantar. Bhí teach a chairde, Pádraic Ó Conghaile agus a bhean Jane, ina measc. Las siad Teach an Phiarsaigh ach toisc gur ballaí cloiche a bhí ann, d’fhan an teach ina sheasamh.
Ar feadh na mblianta, thagadh iníonacha na gConghaileach sin ar cuairt chuig an gceantar gach samhradh agus bhronnadh siad duaiseanna sa scoil.
Ba iad na hiníonacha sin a dúirt gur tháinig na leapacha singile atá sa seomra ar thaobh na láimhe clé agus tú ag dhul isteach, ó Choláiste Éanna i mBaile Átha Cliath.
Nóta beag eolais dóibh siúd a bheadh ag déanamh a mbealaigh i gcarr go dtí an t-ionad, agus gan mórán cur amach acu ar an gceantar. Lean an treoir ar an suíomh idirlín – Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ag heritageireland.ie.
Tugann na treoracha go dtí an suíomh ar léarscáileanna Google thú. Don té a bheadh ag leanacht na gcomharthaí bóthair, tá sé éasca dhul amú toisc go bhfuil an scríbhneoireacht deacair a dhéanamh amach.
Fág freagra ar 'Obair dhraíochta na samhlaíochta i réim i gcónaí i dTeach an Phiarsaigh'