An cailín beag ag dul go dtí an scoil mhór, ag léim ón gCarraig Dhubh, an chomhbhá agus an aird

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

An cailín beag ag dul go dtí an scoil mhór, ag léim ón gCarraig Dhubh, an chomhbhá agus an aird

Cheap mé go mbeinn ag caoineadh an tseachtain seo nuair a bhí a lá deireanach ag an gcailín beag sa mbunscoil. Chaoin mé uisce mo chinn dhá bhliain ó shin nuair a bhí sé in am ag a deirfiúr rang a sé a fhágáil ina diaidh. Níl a fhios agam an é go bhfuil mé éirithe soiniciúil, nó an é go bhfuil glacadh níos fearr agam anois le sealanna an tsaoil. Ní mhaireann aon ní ach seal, ar ndóigh.

Ach pébí cén fáth a bhí leis, bhí mé stuama go maith is mé ar chéimeanna chlár tumadóireachta na Carraige Duibhe ag breathnú ar na scoláirí ag léim isteach sa bhfarraige. Bhí siad ag leanúint ar aghaidh le traidisiún fada an íonghlanta agus iad ag fágáil slán ag an mbunscoil agus iad athbheirthe mar scoláirí meánscoile.

Fágfaidh siad a sinsearacht ina ndiaidh freisin, cé gur dóigh go n-airíonn siad fásta suas anois agus iad ag ceiliúradh an méid atá bainte amach acu go dtí seo. Admhaím go raibh orm na deora a dhíbirt sa séipéal níos túisce sa lá agus focal comhairle ag an bpríomhoide do na scoláirí óga agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol.

Ceithre fhocal a dúirt sí a bhí aici dóibh, ach an ceann a rug ormsa ná an chomhbhá agus í ag moladh dóibh comhbhá a bheith acu dóibh féin agus do dhaoine eile. Bua í atá gann laethanta seo na meán sóisialta nuair is féidir leis na céadta agus na mílte duine tuairim a thabhairt faoi dhaoine eile, gan aon aithne acu orthu ná aon chuimhne ar an duine daonna atá i lár an scéil. Tá súil agam go mbeidh comhbhá acu dóibh féin agus do na daoine a chasfar orthu ar bhóithrín an tsaoil.

***

Ag léim ón gCarraig Dhubh

Bhí bá agam dom féin ag an gCarraig Dhubh agus cáitheadh na farraige do mo bhualadh is mé ag iarraidh chuile shúil a choinneáil ar na snámhaithe óga a bhí ag léim isteach san uisce arís is arís eile. Ní raibh aon chailleadh ar an lá cé go raibh sé fuar agus an fharraige beagáinín níos beoga ná mar ba mhaith liom í agus na scórtha gasúr ag léim isteach agus fíbín orthu.

Ag clabaireacht faoi na laethanta saoire agus chomh sciobtha is a imíonn an t-am agus cá ndeachaigh sé a bhí na tuismitheoirí ar an gcéibh. Ní fada gur imigh an chaint ó na laethanta saoire go dtí na gutháin phóca. Traidisiún eile, más ceann nua féin é, ná go bhfaigheann go leor páistí fón póca den chéad uair agus iad sa séú rang sula dtosaíonn laethanta saoire an tsamhraidh.

Bhí go leor díospóireachta sna grúpaí Whatsapp tuismitheoirí i rith na bliana ag iarraidh a fháil amach an raibh nó nach raibh sé i gceist ag daoine na gutháin a cheannacht i mbliana. Tharla go leor de sin mar gheall ar an eolas atá tagtha amach i dtaobh na gcontúirtí a bhaineann le gutháin phóca. Is dóigh gurb é an clár Adolescence a chuir faitíos an diabhail ar dhaoine.

Ach, tá cúpla mí imithe anois ó craoladh an clár sin agus is maith an cneasaí an aimsir. Ní hé go bhfuil an chontúirt laghdaithe tada, ach tá leathdhearmad déanta againn air anois.

****

An iomarca airde

Nuair a thosaíonn daoine ag caint faoi chontúirtí na meán sóisialta agus aipeanna teachtaireachta, is minic gur ar na drochscéalta uafásacha a dhírítear. Níl mé ag rá nach dtarlaíonn na rudaí sin agus nach bhfuil aon bhaol ann, ach is í an chontúirt is measa leis an bhfón cliste ná an creimeadh a dhéanann sé ar chumas airde na hinchinne.

De réir staidéar a rinneadh le deireanas sa Ríocht Aontaithe ar 1,000 déagóir idir 15 agus 18 mbliana d’aois, ní raibh siad ina ann díriú ar staidéar ach ar feadh 14 nóiméad sular chuir an guthán isteach orthu. Go domhanda, tá titim ag teacht ar an méid ama atá muid, daoine óga agus daoine fásta, in ann díriú ar rud amháin.

Sa mbliain 2000 bhí muid in ann 150 soicind a chaitheamh ag fócasáil ar rud amháin ar scáileáin, thit an figiúr sin go 47 soicind sa mbliain 2020.

Is deacair aon rud a fhoghlaim ná do chinntí féin a dhéanamh sa saol seo mura bhfuil tú in ann nóiméad amháin féin a chaitheamh ag díriú air sula dtarraingítear d’aird taobh éigin eile.

***

Tá fear ag pósadh sa Veinéisvan tseachtain seo a bhfuil tuiscint mhaith aige ar aird a tharraingt, Jeff Bezos, ceannaire Amazon, duine den chéad dream a thuig cén chaoi le haird dhaoine a tharraingt agus iad a chur ag ceannacht ar-líne. Córas tástála leanúnaí a chuir seisean i bhfeidhm ina chomhlacht ón tús agus iad ag déanamh mionathrú i ndiaidh mionathraithe ar an suíomh idirlín ag brath ar cén rud is mó a tharraing aird is a chuir daoine ag ceannacht.

Thuirling léirsitheoirí ar an gcathair an tseachtain seo, grúpa a thug ‘No Space for Bezos’ orthu féin agus iad ag cur in aghaidh an tsaibhreas mór millteach atá ag leithéidí Bezos nuair atá daoine eile beo bocht. Leag siad bratach mhór i gCearnóg Naomh Marcus a raibh ‘If you can rent Venice for your wedding you can pay more tax’. Níl aon bhréag ansin, is dóigh, ach an bhfaighidh na léirsitheoirí aon toradh ar an léirsiú, seachas aird?

Ag breathnú ar…

Grenfell Uncovered, clár faisnéise a dhéanann iniúchadh ar an tine a bhí sa mbloc árasán Grenfell Tower i Londain sa mbliain 2017. Maraíodh 72 duine sa tine, básanna a d’fhéadfaí a sheachaint murach cliseadh sna córais agus faillí a bhain le cúrsaí tógála agus sábháilteachta tine. Ar fáil ar Netflix.

Fág freagra ar 'An cailín beag ag dul go dtí an scoil mhór, ag léim ón gCarraig Dhubh, an chomhbhá agus an aird'