‘Nach mbíonn ceol ar siúl agat riamh?’
Gan dabht ba é an callaire Bluetooth a bhí ina thost ar an mbord caife a spreag mo chara, an scríbhneoir is an síceolaí, leis an gceist sin a chur orm.
Ar an bpointe boise, tháinig amhras orm maidir lena chumas rudaí a thabhairt faoi deara, mar bhí an callaire ar siúl nuair a tháinig muid isteach sa seomra suite fiche nóiméad roimhe sin, ach ba é an chaoi gur mhúch mé é a luaithe is a shuigh muid síos.
‘Shíl mé go mbeadh sé drochbhéasach é a fhágáil ar siúl agus muid ag caint,’ a mhínigh mé, agus bhí sé sin fíor, ach bhí cúis eile ann. ‘Agus lena chois sin bím ag éisteacht le ceol saghas … aduain.’
Le fada an lá, is é druma agus dord (D’n’B) rogha cheoil mo chara, ceol leictreonach gan liricí den chuid is mó, agus bíonn sé ar siúl aige go minic agus a chuid colún á scríobh aige.
Ní bhíonn ceol ar siúl agamsa agus mé i mbun pinn, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil má bhíonn úrscéal ar bun agat, seachas colún nó gearrshaothar eile, bíonn tú ‘ag scríobh’ fiú amháin nuair nach mbíonn tú ag scríobh. Bíonn an saothar ar d’aigne an t-am go léir agus caithfidh tú – nó caithfidh mise, pé scéal é – caithfidh tú a bheidh cúramach le haon rud a mbeadh tionchar aige ar do chuid scríbhneoireachta.
Dá bharr sin, ní léim aon fhicsean nuair a bhím féin i mbun ficsin. Ach ar chúis éigin bíonn an diabhal ar liricí ceoil, ach go háirithe, sleamhnú isteach i mo chuid scríbhneoireachta féin – toisc gur caol díreach isteach sa chluas a théann liricí, seans, nó toisc go n-iompaíonn amhráin a thaitneodh leat ina n-éistphéisteanna cearta go minic.
Ciall cheannaithe atá anseo.
I bhfad ó shin, nuair a bhíodh dúil agam i gceol PJ Harvey, Aimee Mann agus amhránaithe eile dá leithéid, is minic a spreagfadh liric dá gcuid giota comhrá nó meafar éigin i saothar a bheadh ar bun agam féin. Ach bhíodh orm an saothar a chur as a riocht le go n-oibreodh an giota nó an meafar sin, agus fiú i ndiaidh míle babhta eagarthóireachta thabharfá faoi deara (nó thugainnse féin, pé scéal é) roc éigin i ndromchla na scríbhneoireachta, mar a bheadh scealpóg adhmaid nó earra coimhthíoch éigin eile faoi chraiceann an scéil.
Ní hionann agus mo chara nach n-éisteann ach le D’n’B, is maith liomsa ceol a mbíonn an guth daonna le cloisteáil ann; bíonn ceird na scríbhneoireachta uaigneach a dhóthain agus comhluadar de chineál éigin a bhíonn sna glórtha ar do chuid cluasán.
Ach ar eagla go sleamhnódh frásaí isteach i mo chuid scríbhneoireachta mar a tharlaíodh cheana, diúltaím éisteacht le ceol ar bith a mbeadh liricí ann a thuigfinn. Rud a fhágann popcheol ón bhFionlainn, mar shampla, nó, le deireanas, hip-hop ón Tansáin – ach is maith a thuig mé nach dtaitneodh an teicneothruflais ó Heilsincí a bhí ar siúl ar mo challaire agam an nóiméad áirithe sin le mo chara.
Séamus Mac Chonfhormaoile
cad is éistphéist !!
WTF
D’n’B rogha cheoil do chara?
An dtabharfá ceol air sin?
Éistphéist go deimhin & go domhain.