Bíonn dhá insint ar gach scéal agus ní haon eisceacht atá againn anseo san Iaráin

DIALANN TAISTIL: An Iaráin, an Tuircméanastáin agus seal sa bhfásach a bhí ag ár ndialannaí taistil agus criú an Jimny agus an Mongol Rally faoi lán seoil

Bíonn dhá insint ar gach scéal agus ní haon eisceacht atá againn anseo san Iaráin

Níl aon bhaol air ná go mbíonn dhá insint ar na haon scéal agus níor léiríodh chomh soiléir san riamh dúinn is a deineadh ag bogadh an bhóthair dúinn tríd an Iaráin.

Tá sé comhairlithe ag Rialtas na hÉireann dá saoránaigh gan dul ann. Léigh aon pháipéar nuachta nó éist le haon nuacht ar theilifís nó raidió agus níl acu ach cáineadh don Iaráin, gan trácht ar na Poncánaigh. Sin é a n-insint-san ach ní hé ár n-insint-na é, ach a mhalairt ar fad tar éis dúinn tiomáint tríthi.

Sea, ar an séú lá fichead Meitheamh chuamar thar teorainn isteach san Iaráin. Is ansan a thuigeas a raibh de réamhobair déanta ag an gcriú i gcomparáid liomsa mar bhí páipéar do seo siúd is eile á lorg acu, páipéar cláraithe na gcairteacha, árachas, víosa, agus cúpla doiciméad tábhachtach eile ná cuimhin liom anois. Bhí lagú ag baint leis mar thóg san seacht n-uaire an chloig ar fad orainn agus toisc go raibh Tim, an Sasanach, lenár gcois chaitheamar treoraí Iaránach a fhostú le bheith linn an fhaid is bhíomar ann.

Pé rud é, ach a raibh cúl tabhartha againn don bpáipéarachas san ar fad chuireamar ár n-aithne fhéin ar an áit is ar na daoine.

Órnáid sráide san Iaráin

Bhí gliondar ar leith orm fhéin ach go háirithe a bheith ar thalamh na Peirse, Iaráin an lae inniu, mar ar mhair mo rogha file ón 12ú céad, Rumi, nó Molana mar a dúirt cailín liom istigh i gcaifé go raibh an tsuim chéanna aici ann agus í ag cuardach línte filíochta uaidh ar a fón. Chuir Molana síos ar na haon ghné den saol agus mothúcháin an duine is a chamchuaird fhéin á tabhairt aige tríd an saol ag lorg léiriúcháin nó léargais dá bheatha fhéin nó mar a thugtar go coitianta sa Bhéarla air ‘enlightenment’. Bhíodh sé ag rá uaireanta gur i dtigh an tábhairne a gheofá é agus bhí scéal aige i dtaobh an fhir áirithe seo a chuaigh an tábhairne ar feadh stáir is gur stad na póilín é in am mhairbh na hoíche agus é ar fán ar fuaid an bhaile, is d’fhiafraigh sé dhó cad a bhí sé ag déanamh amuigh chomh déanach.

‘A, dhuine uasail,’ arsa é leis an bpóilín, ‘dá mbeadh a fhios agam é sin, bheinn aige baile sa leabaidh fadó.’

Bronntanas ab ea an leabhar a fuaireas ó Ghlen Hansard tamall do bhlianta ó shin agus thugas liom é d’aon ghnó chun go mbeinn á léamh ar fhód a scríte. Is breá liom na línte seo as an ndán ‘Dance In Your Blood’:

Real value comes with madness,
matzub below, scientist above.
Whoever finds love
beneath hurt and grief
disappears into emptiness
with a thousand new disguises.

Dance, when you’re broken open.
Dance, if you’ve torn the bandage off.
Dance in the middle of the fighting.
Dance in your blood.
Dance, when you’re perfectly free.

Maidir leis na daoine dhó, is annamh a bhuailfeá le daoine chomh muinteartha leo. ‘Where are you from, England…Germany?’ a deiridíst agus, ach a ndéarfá Irlande, ghealadh na súile acu, ag umhlú a gcinn agus a lámh dheas ar a gcroí acu.

‘What age are you?’ ab ea an chéad cheist eile. Is dócha go raibh trua ag teacht acu des na seana-leaideanna taistil seo ón ndomhan thiar agus ní ón ndomhan toir nó thoir mar a déarfaimíst-na. Bhí smut fúm fhéin lá ach a dtug bean buille fé thuairim is gur cheap sí gur 45 bliain d’aois a bhíos agus ní raibh sí caoch ach oiread!

Maidir le tiomáint do, sin scéal eile ar fad. Ar an gcéad dul síos áfach ní chreidfeá praghas an pheitril, 30 lítear ar $2, sin timpeall 5 cent an lítear ach ní bhfaighfeá thar 30 lítear in aon líonadh amháin. Maidir leis an dtiomáint do áfach, tá siad glan scuabtha as a meabhair ach gan iad ag focáil ar a chéile.

Tiománaithe seoigh (joy riders) ab ea leath acu fé mar a taibhsíodh dúinne é, iad ag dul ins gach treo, fiú amháin i gcoinnibh na tráchta. Thiocfá uathu mar dá gcuirfeá amach do lámh scaoilfidíst leat ach ní haon chabhair na hindicators [táscairí]…bheifeá chomh maith as do mhéar a bheith id bhéal nó in áit éigin eile agat ná bheith á gcur sin ar siúl.

Cheapas go raibh an India olc agus táid, ach níor thiomáineas ansan rud a fhágann nár thiomáineas trí thrácht chomh contúirteach leis seo riamh im shaol. Ach é sin ráite, gan aon ghoimh le braistint ach a mhalairt, iad ag caint trasna linn trí na fuinneoga oscailte ag fiafraí dhínn cad as sinn is ag cur fáilte romhainn mar gur beag duine ón iarthar a ghabhann chucu.

Soilse eireabaill…mo ghraidhin do cheann! Sinn i lár an deabhaidh an chéad tráthnóna i gcathair Tabriz, an trácht tiubh te gan ribe slí idir na cairteacha is leanann siad orthu lena ngnáth-thiomáint. Dromáin mhoillithe (rampaí) na haon 50 slat fé mar ná beadh na bóithre olc a ndóthain mar bhíodar, agus moillíonn siad thú agus nára maith agat, geallaimse dhuit. Soilse cúil – ní ann dóibh. Géill Slí don té atá sa tslí ort, is sáigh romhat go mbeir sa tslí má theastaíonn uait aon dul chun cinn á dhéanamh tú fhéin. Mura dtaitníonn an ainriail tiomána san leat, fan aige baile! Clogaid ar lucht gluaisrothar…dearúd é! Crios sábháilteachta…mo ghraidhin do cheann aríst.

Ualach contúirteach féir ar an mbóthar. Pictiúr: Breandán Ó Beaglaoich

Leis an dtreoraí lenár gcois thug sé go dtí áiteanna deasa sinn chun fanacht iontu mar mo léan tá deireadh le campáil anois ar feadh tamaill, agus bhí an bia go haoibhinn le gach ní ar cheathrú an chostais is a bheadh sé in Éirinn.

An bradán fearna ón Muir Chaisp óna dtagann an caviar as Pictiúr: Breanndán Ó Beaglaoich

Maidir le fáilte dho, cuirim síos air sin mar fhear ach níl san amhlaidh do mhná. Taibhsíodh dom gur ar an dtaobh thiar ag teorainn na Tuirce ba mheasa a bhí sé. Chaith formhór na mban a n-aghaidh a chlúdach leis an burqa. Má chroitheann tú lámh leis an bhfear umhlaíonn an bhean í fhéin ach ní chroithfear lámh léi sin in aon chor. Tá san go hainnis. De réir mar a dhruideamar soir bhí na mná óga ach go háirithe ag cur ina choinnibh, go háirithe tar éis cailín óg darbh ainm Mahsa Amini a ghaibh na póilíní moráltachta agus a maraíodh sa phríosún dhá bhliain ó shin. Tá gluaiseacht tosnaithe ag cur i gcoinnibh a leithéidí agus go n-éirí san leo.

Pictiúr dos na Póilíní Moráltachta ná raibh cead agam a thógaint! Pictiúr: Breanndán Ó Beaglaoich

Dúirt cailín liom ná raibh ag caitheamh clúdach iomlán go raibh sí scanraithe go ngabhfaí í agus an créatúir bocht, sé an príosún a bhí i ndán di dá ngabhfaí. Caitheann tú do shaibhreas a bheith déanta agat chun an tír sin a fhágaint, rud a fhágann gur príosún di a tírín féinig.

Ina dhiaidh san as go brách linn go dtí an Tuircméanastáin agus a laghad don gcaint is fearr maidir leis an áit seo. ‘Tír d’aon fhear amháin’ a chuala tabhartha uirthi agus is fíor. Tá Ashkhabad, an chathair mar a maireann an tUachtarán Serder Berdimuhamedow chomh glan le scilling. Dh’íosfá do chuid bídh den mbóthar ann. Sí an chathair is mó marmair ar domhan í, é beirthe isteach ón Spáinn is ón Iodáil ar an airgead a deintear as an ngás nádúrtha ar fad atá sa tír.

Sráid in Ashkhabad. Pictiúr: Breanndán Ó Beaglaoich

Sula rabhamar gafa thar teorainn isteach go dtí an Tuircméanastáin, idir na trí chairt is beag sóinseáil a bhí fágtha againn as $1,000 mar chaitheamar díol as árachas, cáin ar na haon mhíle bóthair a bhí romhainn, víosa, ionadaí rialtais lenár gcois an dá lá go leith a chaitheamar ann agus póilíní gach ceathrú bóthair agus tú ag taisteal.

Ach a bhfágamar an chathair thugamar lá go leith ag dul i dtreo theorainn na hÚisbéiceastáine ar an mbóthar beag nó mór is measa dár thiomáineas riamh im shaol air. Ba chuma liom dá mba tír bhocht í ach sé a mhalairt atá i gceist. An t-airgead ar fad caite ar a phálás cathrach marmair fhéin ag Serdar is dearúd déanta ar an gcuid eile don dtír aige.

Camall sa bhfásach: Pictiúr: Breanndán Ó Beaglaoich

 

Breacadh an lae sa bhfásach: Pictiúr: Breanndán Ó Beaglaoich

Bhí oíche aoibhinn again áfach in Yurtanna sa bhfásach agus thugamar turas ar an ‘Darvasa Gas Crater’.

Le linn do na Sóivéadaigh a bheith ansin agus iad ag tochailt ag lorg tobar gáis, thit an talamh isteach agus bhí an gás ag éalú san aer agus bheartaíodar tine a chur fé is ní raibh éinne in ann é a mhúchadh ó shin. Tá oiread gáis á dhó is é ag dul amú le haer an tsaoil ag truailliú an domhain na haon lá ó shin is a choimeádfadh Éire ag imeacht le ní fios cén fhaid. Scannal mór is ea é ná fuil puinn cainte mar gheall air.

An gás ag dó ‘i bpoll ifrinn’ sa bhfásach mar a rabhamar in Yurtanna. Pictiúr: Breanndán Ó Beaglaoich

Sí an t-aon tír go dtí seo í go ndúrt, ‘Nár lige Dia go seolfadh mo chosa anseo aríst mé’ ach mar thír inti fhéin is tír álainn í níl aon bhaol air. Sé meon an phríosúin oscailte ná maith liom.

Fág freagra ar 'Bíonn dhá insint ar gach scéal agus ní haon eisceacht atá againn anseo san Iaráin'

  • Máire

    Is daoine iontacha na hIaráinigh a bhfuil aithne agam orthu. Is léir á léamh seo dom nach raibh aon áibhéil á dhéanamh ag mo chairde ón Iaráín agus iad ag cur síos ar conas mar a thiomáineann daoine sa tír sin. Ba bhreá liom dul ar cuairt ann. Bhaineas taithneamh as an alt.