Ceachtanna le foghlaim ag an dá fhoireann is fearr ar domhan

Beidh leathlámh ar an gcraobh ag pé foireann a thugann an lá leo sa gcoimhlint mhór inniu idir an Fhrainc agus Éirinn

Ceachtanna le foghlaim ag an dá fhoireann is fearr ar domhan

Fuair muid an-léargas sa gcéad leath den dá chluiche a raibh Éire agus an Fhrainc páirteach iontu i mBabhta 1 den Chomórtas Sé Náisiún ar an gcúis gurb iad atá ar bharr thábla rugbaí an domhain.

Níor éirigh leis na Breathnaigh ná le Gatland an luíochán a bhagair siad roimh thús an chluiche i gcoinne na hÉireann a eagrú agus iad sa mbaile i gCaerdydd. Chláraigh foireann na hÉireann trí úd sa gcéad ceathracha nóiméad agus gan ach freagra trí phointe ón bhfoireann baile. Chláraigh na Francaigh trí úd iad féin sa gcéad leath freisin agus iad ag imirt as baile i gcoinne na nIodálach, cé gur éirigh le foireann an bhaile úd a aimsiú roimh dheireadh an chéad dhá scór nóiméad.

Cé nár éirigh le foireann na hÉireann tógáil ar an tsár-imirt le linn an dara leath, bhí dóthain déanta acu le bua a chinntiú, go háirithe nuair a d’aimsigh Van Der Flier an ceathrú húd agus na pointí bónais sa dara nóiméad is seachtó.

Níor éirigh leis an bhFrainc ach úd amháin a aimsiú sa dara leath sa Róimh agus bhí an t-ádh orthu gurbh leor sin chun an Iodáil a choinneáil ó dhoras agus gan ach cúig phointe (29-24) á scaradh óna chéile ag deireadh an chluiche. Is tubaisteach nár thapaigh na hIodálaigh an deis ghlórmhar a bhí acu.

Bhain Alba geit as domhan an rugbaí ar fad i Londain agus an ceann is fearr (29-23) á fháil acu ar Shasana. Ní mórán is fiú a rá faoin gcoimhlint sin seachas a rá go raibh an bua tuillte ag na cuairteoirí agus iad i gcoinne fhoireann an bhaile, foireann a bhí i bhfad faoin gcaighdeán a theastaíonn don chomórtas seo. Is fiú a lua freisin nárbh iad na Sasanaigh amháin a croitheadh! Bhí na geallghlacadóirí agus mé féin sa mbád céanna.

Sin scéal chluichí Bhabhta 1.  Tá trí chluiche eile á n-imirt i mBabhta 2 inniu agus amárach.

Seans gur sa gcluiche a bheas á imirt i Staid Aviva in Áth Cliath idir an fhoireann atá ar bharr chlár rugbaí an domhain, Éire ar ndóigh, agus an Fhrainc, an fhoireann atá sa dara háit ar an tábla céanna, is mó a chuirfear suim.

Is iad na Francaigh a bhuaigh an Chaithréim Mhór anuraidh agus ba iad an t-aon fhoireann a fuair an ceann is fearr ar Éirinn (30-24) sa gcomórtas sin. Ach is a bPáras a imríodh an cluiche sin. Is le hÉirinn atá na buntáistí a bhíonn ag dul le himirt sa mbaile an babhta seo.

Faraor, don dara seachtain as a chéile, níl fáil ag Farrell ar an bhfrapa Tadhg Furlong ná an leathchúil Jameson Gibson Park agus tá Dan Sheehan agus Cian Healy a d’imir seachtain ó shin faoi chúram dochtúra. Ní hamháin sin ach tháinig neart deacrachtaí chun solais i lag-iarracht na hÉireann sa dara leath i mBabhta 1. An leor seachtain leis na laigí sin a shárú?  Beidh le feiceáil.

Is cinnte gur chaith foireann na Fraince neart ama iad féin ag breathnú ar fhíseáin dá gcuid drochimeartha féin sa Róimh. Ciallaíonn sin ar fad go bhfuil ábhar sárchluiche againn tráthnóna inniu. Seans freisin go mbeidh leathlámh ar an gcraobh ag pé foireann a thugann an lá leo sa gcoimhlint seo.

Beidh seans iontach ag an bhfoireann is lú a ghéilleann ciceanna éirice agus sin gné amháin d’imirt na Fraince a bhí an-lag go deo seachtain ó shin.

Níos deireanaí inniu i nDún Éideann, beidh cluiche iontach suimiúil againn idir Albain agus an Bhreatain Bheag, foireann atá sa tóir ar a gcéad bhua leis an náire a sheachaint arís eile i mbliana. Má imríonn na foirne seo mar a rinne siad i mBabhta 1, ( bhí Albain thar barr agus an Bhreatain Bheag uafásach lag) is deacair tada eile seachas bua baile a thuar. An é seo an deis is fearr atá ag Gatland chun an luíochán úd a sheoladh?

Amárach, don dara deireadh seachtaine as a chéile, beidh buntáiste an bhaile ag na Sasanaigh agus iad i gcoinne na nIodálach. Tá drogall orm bua baile a thuar do na Sasanaigh mar a rinne mé seachtain ó shin. Ach mura mbíonn feabhas ollmhór ar na Sasanaigh ón gcéad chluiche agus más féidir leis na hIodálaigh imirt mar a rinne siad sa dara leath seachtain ó shin i mBabhta 1 a thabhairt leo go Twickenham, ní féidir geit mhór eile a chur as an áireamh.

Fág freagra ar 'Ceachtanna le foghlaim ag an dá fhoireann is fearr ar domhan'