An ráta teipe is airde sa tír ag ionad NCT sa Ghaeltacht

As na cúig ionad NCT sa tír ina bhfuil na pasrátaí is ísle, bíonn trí cinn acu ag freastal go rialta ar mhuintir na Gaeltachta

An ráta teipe is airde sa tír ag ionad NCT sa Ghaeltacht

Is sa Ghaeltacht atá an t-ionad tástála NCT ag a bhfuil an pasráta is ísle sa tír, de réir  staitisticí nua.

Tá céatadán na gcarranna a n-éiríonn leo sa Tástáil Náisiúnta Carranna (NCT) in ionaid tástála ar fud na tíre foilsithe agus san ionad sna Doirí Beaga i nGaeltacht Dhún na nGall is mó a theipeann carranna.

Pasráta 39% a bhí i gceist san ionad sna Doirí Beaga, rud a chiallaíonn nach n-éiríonn ach le níos lú ná dhá charr as gach cúig cinn a théann faoi scrúdú ansin an teastas pasála a bhaint amach.

De réir staitisticí an NCT féin, 3,638 carr a rinne an scrúdú NCT iomlán san Doirí Beaga ó thús na bliana. D’éirigh le 1,411 an scrúdú a phasáil ar an gcéad iarracht ach theip an chuid eile – 2,227. ‘Teip Chontúirteach’ a bhí i gceist le 379 acu siúd, sin breis is 10% de na carranna a rinne an scrúdú iomlán.

D’éirigh le breis is 90% de na carranna a ndearnadh atriail orthu in ionad na nDoirí Beaga ó thús na bliana.

As na cúig ionad NCT ina bhfuil na pasrátaí is ísle, bíonn trí cinn acu ag freastal go rialta ar mhuintir na Gaeltachta. Chomh maith leis an ionad sna Doirí Beaga, bhí an t-ionad NCT ar an gClochán (pasráta 42%) in iarthar na Gaillimhe agus an t-ionad i Leitir Ceanainn (46%) i nDún na nGall i measc na n-ionad ina dteipeann an céatadán is mó carranna.

Dar le Dave Humphreys ón suíomh completecar.ie, d’fhéadfadh gurb é droch-chaighdeán na mbóithre sna ceantair thuaithe sin is cúis le líon na gcarranna a bhíonn ag teip sa scrúdú NCT.

“Faoin tuath, is féidir le caighdeán na mbóithre a bheith níos measa agus, de ghnáth, tiomáintear carranna níos faide,” a deir sé. “De thoradh sin, tá níos mó seans ann go dtarlóidh locht a fhágfadh go dteipfeadh carr sa scrúdú NCT.”

Rinneadh beagnach 906,000 tástáil NCT sa tír seo ó thús na bliana agus d’éirigh le 54% díobh sin pasáil agus theip ar an 46% eile.

Is in ionad NCT Ghráinseach an Déin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a bhí an pasráta is airde sa tír – 62%. Bhí Mainistir na Féile (61%) i Luimneach, Port Laoise (61%), Corcaigh-An Bhlarna (60%) agus Port Láirge (60%) i measc na n-ionad eile ina raibh na pasrátaí is airde.

Seo na rátaí pas sna hionaid eile  a bhíonn ag freastal ar cheantair Ghaeltachta: Gaillimh (51%), Trá Lí (58%), Cill Airne (59%), Cathair Saidhbhín (51%), Maigh Cromtha (57%), An Uaimh (49%), Dún na nGall (51%), Béal an Átha (48%) agus Caisleán an Bharraigh (54%).

Fág freagra ar 'An ráta teipe is airde sa tír ag ionad NCT sa Ghaeltacht'