Nuair a bhí athair triúr clainne ag fáil bháis, tháinig mac acu go dtí é ag iarraidh a chuid fhéin air agus dúirt an t-athair nach raibh aon bhlas aige ach an crann a bhí amuigh sa ngarraí agus go bhfágfadh sé aige an cam agus an díreach den chrann. Tháinig an dara mac agus d’iarr sé a chuid air, agus dúirt an t-athair leis go bhfágfadh sé an bun agus an barr den chrann aige. Tháinig an tríú mac chuige agus d’iarr sé a chuid agus dúirt an t-athair leis go bhfágfadh sé a úr agus a chríonnacht aige. Ní raibh a fhios ag ceachtar den triúr ansin cé acu ba leis an crann.
D’imigh siad leo ansin go bhfaigheadh siad fios uaidh dhuine éicint cé acu ba leis é, agus nuair a bhí an oíche ag teacht chuadar isteach go dtí Harry Statel {Arastatal}, dob é an fear ba mhó fios ins an domhan é.
D’fhiafraigh Harry Statel ansin den chéad mhac, cén cineál oibre ab fhearr leis. “Ní fhaca mé aon súisteoir ariamh chomh maith liom,” a dúirt sé. D’fhiafraigh sé den dara mac cén sórt oibre ab fhearr leis, agus mar fhreagra air dúirt sé nach raibh aon fhear ariamh chomh maith leis ag cartadh stáblaí. D’fhiafraigh sé den tríú mac ansin cén sórt oibre ba mhaith leis agus dúirt an nach raibh aon fhear chomh maith leis ag gearradh coillte. “Is sibh a theastaíos uaimse,” arsa Harry Statel.
Nuair a d’éiríodar ar maidin chuaigh gach duine acu ag déanamh a chuid oibre féin. Nuair a chuaigh an cailín amach ag glaoch ag a bhéile ar an té a bhí ag súisteoireacht, leaba é bheith ag súisteoireacht sí an obair a bhí air sin, ag baint de a léine agus ag cur air a bháinín. D’fhiafraigh an máistir de cén sórt oibre í sin air. “Tá,” a deir sé, “níl fhios agam cé is gaire dhom mo mháthair nó m’athair.” “A amadáin, nach gaire dhuit d’athair.”
Chuaigh sé go dtí an dara mac agus sí an obair a bhí air sin, nuair a bheireadh sé ar an bpíce chaitheadh sé uaidh aríst é. “Cén sórt oibre í sin ort a amadáin?” a deir an máistir. “Tá,” a dúirt sé, “nuair a cailleadh m’athair d’fhág sé cam agus díreach den chrann ag duine againn, agus a bhun agus a bharr ag an duine eile, agus a úr agus a chríonnacht ag an duine eile.” “Nach bhfuil fhios agat an fear ar fhág sé a úr agus a chríonnacht aige gurb é sin an fear gur leis an crann.”
Chuaigh sé go dtí an fear a bhí ag gearradh na coille ansin agus bhíodh an tua tarraingthe aige, sé sin an tua leagtha ar an gcrann agus ní bhuailfeadh sé buille ar bith. “Cén fáth nach bhfuil tú ag gearradh na coille?” arsa an máistir. A deir sé “níl fhios agam cé is gaire dhom an spéir atá fúm ná an spéir atá os mo chionn.” “Nach bhfuil fhios agat go maith gur gaire dhuit an spéir a fheiceas tú ná an spéir nach bhfeiceann tú.” “Bhuel,” a deir sé “gearrfaidh mise an choill mar sin”. “Gabh isteach ag do bhéile,” a dúirt an máistir ansin leis.
Nuair a chuaigh an triúr amach ar an tsráid dúradar fhéin le chéile. “Má fhaigheann Harry Statel amach gur muide triúr clainne na barrscolóige bainfidh sé na cloigne dhínn.”
Agus séard a rinne siad ná imeacht agus nuair a fuair Harry Statel imithe iad chuir sé a mhac ar chapall dá dtóraíocht. Bhí an oíche ag teacht ansin agus b’éigean don mhac a dhul abhaile. Nuair tháinig sé isteach d’fhiafraigh Harry Statel dhe an bhfuair sé iad agus dúirt sé nach bhfuair. Cailleadh Harry Statel ansin mar gheall nach bhfuair sé triúr clainne na barrscolóige.
Micheál Ó Ceallaigh, Máimín, Leitir Móir, Conamara, Contae na Gaillimhe
Fearn
In ainm Croim, cad tá is bun is barr an scéil seo?