Tá cinneadh déanta ag príomhchóitseálaí rugbaí na hÉireann Joe Schmidt éirí as a phost nuair a thiocfaidh deireadh lena chonradh tar éis Chorn an Domhain 2019 sa tSeapáin.
Is buille mór don IRFU é cinneadh an Nua-Shéalannaigh a bhfuil níos mó buaite ag foireann na hÉireann faoina cheannas ná mar atá buaite acu faoi aon duine eile.
D’fhógair an IRFU inniu chomh maith gurb é cóitseálaí cosanta na hÉireann Andy Farrell a thiocfaidh i gcomharbacht ar Schmidt mar bhainisteoir na foirne. Dúirt Farrell gur “pribhléid mhór” é a bheith roghnaithe mar chomarba Schmidt, a bhuaigh gradam ‘An Cóitseálaí Rugbaí is Fearr ar Domhan’ i Monte Carlo aréir.
Ghabh Schmidt féin buíochas leis an IRFU agus an uile dhuine a d’fhág gur bhraith sé féin agus a chlann “mar chuid den phobal” in Éirinn.
Dúirt sé gur mhór an spreagadh dó “na dúshláin iontacha” a bhí roimh fhoireann na hÉireann sa bhliain amach romhainn.
Bhí an IRFU ag iarraidh conradh nua a thabhairt do Schmidt ach, tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh faoin scéal lena chlann, shocraigh sé go mbeadh sé in am imeacht an bhliain seo chugainn.
Tá sé ráite cheana ag Schmidt gur mhaith leis filleadh ar an Nua-Shéalainn nuair a bheadh sé críochnaithe le foireann na hÉireann.
Tá os cionn naoi mbliana caite ag Schmidt in Éirinn agus níor oibrigh sé sa Nua-Shéalainn ó 2007.
Cé gur thug Schmidt le fios go mbeidh sé ag éirí as an gcóitseáil an bhliain seo chugainn is cinnte go mbeidh go leor foirne sa tóir ar an té a bhfuil cáil bainte amach aige mar an cóitseálaí rugbaí is fearr ar domhan. Tá sé á rá le tamall gurb é a thiocfaidh i gcomharbacht ar Steve Hansen nuair a thiocfaidh deireadh lena ré siúd i gceannas ar fhoireann na Nua-Shéalainne.
Ceapadh Schmidt ina phríomhchóitseálaí ar Éirinn mí Aibreáin 2013 tar éis dó gaiscí go leor a dhéanamh le Cúige Laighean, a bhuaigh an Corn Heineken faoi dhó le linn a thréimhse mar bhainisteoir orthu.
Bhuaigh Éire Craobh na Sé Náisiúin faoi thrí ó chuaigh sé i bhfeighil orthu, in 2014, 2015 agus arís i mbliana nuair a bhuaigh siad an ilchraobh.
Údar díomá ab ea é Corn an Domhain 2015 i Sasana nuair a chlis ar an bhfoireann sa bhabhta ceathrú ceannais, ach bhí gortuithe ag cur as go mór d’Éirinn don chluiche sin i gcoinne na hAirgintíne.
Ba é Schmidt a bhí i bhfeighil na foirne nuair a bhuaigh siad ar an Nua-Shéalainn den chéad uair riamh in 2016 i Chicago agus sháraigh siad a thír dhúchas arís i mBaile Átha Cliath an mhí seo.
Fág freagra ar 'Schmidt ag éirí as tar éis Chorn an Domhain agus Farrell roghnaithe mar a chomharba'