Le tús an tSraithchomórtais Náisiúnta an deireadh seachtaine seo caite thug suas le leathdhosaen eile d’fhoirne peile na tíre faoi athrú a chur ar an stíl imeartha atá acu féachaint le dul i ngleic leis an gcóras atá tugtha chun foirfeachta anois acu siúd a bhfuil forlámhas glactha acu le blianta beaga ar phríomhchomórtais an tséasúir – Craobhacha Contae agus Clubanna na hÉireann agus Sraithchomórtais Allianz.
Dornán beag anois a chreideann gur féidir dul chun cinn a dhéanamh le haon chóras seachas an ceann a fhágann gur idir a gcúl féin agus an liathróid a chaitheann tromlach na bpeileadóirí formhór an ama – ag déanamh athchúrsála de shíor ar an bpeil, féachaint lena gcéilí comhrac a mheilt ó thaobh coirp agus anama. Mar aon leis an lucht féachana.
Ní mó ná go dtaitníonn sé liom, ach bíonn rath air agus beidh nó go dtiocfaidh duine éicint ar bhealach lena shárú. Nára fada uainn sin.
Bhí an bhliain seo caite ar an bhfód sular thuig Ciarraí go mbeadh orthu féin a bheag nó a mhór an stíl seo a chleachtadh. Ba mhaith a sheas sé dóibh freisin agus beag an baol go dtréigfidh siad anois é ach an oiread.
Córas é atá i réim nach mór go hiomlán i dtuaisceart na tíre – murach é is beag an baol go mbeadh Craobhacha na hÉireann ag Dún na nGall ná ag Tír Eoghain le deich mbliana. Ní fhágann sin aon bhlas níos milse air ó mo thaobhsa de.
Go fiú na Corcaígh, dream a bhíodh níos dílse don traidisiún ná go leor – tá siadsan iad féin anois faoi thionchar an athraithe creidimh, mar is léir óna raibh le rá ag a mbainisteoir Brian Cuthbert i nuachtán an Examiner cúpla seachtain ó shin.
“Nuair a bhí Cluiche Ceannais na Mumhan thart anuraidh d’athraigh muid an modh imeartha a bhi againn. Má bhuailtear le 12 cúilín tú níl de rogha agat ach sin a dhéanamh. Gach bliain déantar aithris ar an gcóras a mheastar a bheith riachtannach chun Craobh na hÉireann a bhuachan. Bheinn ag súil go mbeidh go leor foirne ag cur béim ar an gcosaint i dtús an tséasúir seo ar chuma ar bith,” a dúirt sé.
Ní móide gur féidir an fear a lochtú as an dearcadh sin a bheith aige, go háirithe agus turas go Muineachán roimhe an deireadh seachtaine seo, chomh maith le haistir go Dún na nGall, go Tír Eoghain agus go Doire ina dhiaidh sin.
Bhí mé i bPáirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh seo caite nuair a d’imir peileadóirí na Gaillimhe sa tSraith den chéad uair faoi cheannas a mbainisteora Kevin Walsh.
Fear é Kevin freisin atá idir dhá thine Bhealtaine. Nuair a bhreathnaíonn sé thar a ghualainn siar, mar a rinne Brian Cuthbert, feiceann sé an dá bhua ollmhór a bhí ag Maigh Eo ar Ghaillimh i gCraobh Chonnacht le dhá bhliain 3-14,0-16 agus 4-16, 0-11.
Anuraidh tháinig laghdú ar an mbearna idir na foirne ar chlár na scór ceart go leor, ach ní gá duit boinn Chraoibhe na hÉireann a bheith i do phóca ná gradaim All Stars a bheith ar an matal go dtuigfeá gur i bhfad siar sa gcomhaireamh i bplean Kevin atá an stíl peile thaitneamhach, oscailte, spleodrach is ansa le lucht leanta na Gaillimhe.
Aisteach go leor is fíor freisin go bhfuil ocht gCraobh Shinsear sa gcontae sin buaite ag Cora Fine ó bhliain na mílaoise agus iadsan ar cheann de na foirne ba thúisce a tharraing an t-athchúrsáil chucu féin.
Beidh babhta nó dhó eile den tSraithchomórtas Peile 2015 imeartha sula mbeidh a fhios ag Kevin Walsh cén fiúntas atá i bhfoireann na Mí ar bhuaigh Gaillimh go réidh orthu Dé Domhnaigh seo caite agus sula mbeidh a fhios aige cén cumas a bheidh ina chuid imreoirí féin agus iad ag dul i mbun na stíle seo gur beag é a gcleachtadh uirthi.
An rud is mó a choinneoidh Kevin ó chodladh na hoíche ná freagra a fháil ar an gceist an bhfuil na fir aige a oireann don athchúrsáil seo. Agus má tá, cén fhaid a ghlacfaidh sé orthu an córas nua a mháistriú?
Bheadh aimhreas orm go bhfuil, go háirithe ó Uimhir 10 isteach.
Eochair na stíle sin ar ndóigh daoine a bheith ag gluaiseacht de shíor le hais a chéile agus fios a bheith ag an té a bhfuil seilbh na liathróide aige cén uair is ceart scaoileadh léi – ní soicindí ná caochadh na súl atá i gceist, ach an céadú cuid díobh sin.
Bíodh tú an t-achar is lú ar strae uaidh sin agus buailfear fút le fórsa– ní móide gur duine amháin a dhéanfaidh sin ach an oiread.
Muna bhfuil sé de spreac ionat seilbh na liathróide a choinneáil, tá an cath caillte. Sin an áit a dteastaíonn siad siúd a bhfuil 18” scríofa ar bhónaí a gcuid léinte agus a bhfuil a gcuid matán ag pléascadh amach as a gcuid muinchillí.
Níl aon tosach ar an déanamh sin ag Gaillimh agus ba nuair a tháinig an t-ionadaí toirtiúil Patrick Sweeney ar an bpáirc in aghaidh na Mí a facthas an imirt a bhuaigh an cluiche.
Is mór atá mé ag dul amú nó caithfidh lucht leanta na peile an chontae beagán eile foighde a bheith acu, ainneoin na ‘bpéacán glasa’ a bhí le feiceáil ag deireadh an tséasúir seo caite agus i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh.
Faraor gan bealach éicint eile ann mar sin féin. Cuma liom cén contae!
Fág freagra ar 'Mo ghraidhin an té atá ag súil le peil thaitneamhach, oscailte, spleodrach'