611 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, cúrsaí ‘ag dul in olcas’ ó moladh Leibhéal 5

Deir NPHET gurb é ‘bun agus barr an scéil’ ná go mbeidh ‘dúshlán mór’ roimh an bpobal maidir le líon na n-othar sna hospidéil mura dtagann ‘laghdú mór’ ar líon na gcásanna den ghalar

611 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, cúrsaí ‘ag dul in olcas’ ó moladh Leibhéal 5

Tá 611 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna agus tá cúigear eile básaithe de dheasca an ghalair.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, tráthnóna gur in olcas a bhí cúrsaí imithe ó mhol NPHET don Rialtas srianta Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm sa stát.

“De réir na slata tomhais go léir i dtaobh an ghalair tá cúrsaí imithe in olcas sna trí lá ó bhí a gcruinniú deireanach ag NPHET Dé Domhnaigh,” arsa an Dr Holohan.

Bhain 63 den 611 cás nua le Corcaigh, bhain 60 acu le Dún na nGall, 35 acu a bhain le Gaillimh agus 18 cás a bhí i gCiarraí.

Fógraíodh go raibh an Covid-19 ar 312 duine in aghaidh gach 100,000 duine i nDún na nGall, an contae is measa atá buailte sa stát.

218 de chásanna an lae inniu a bhain le Baile Átha Cliath agus 31 cás a bhí i gCill Dara.

Bhain an 204 cás eile le 21 contae éagsúil.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis go raibh sé róluath a rá an raibh figiúirí Bhaile Átha Cliath ag éirí níos seasmhaí ach gur cinnte gur measa an scéal anois sa chuid eile den stát.

Maidir leis an scéala gur sceitheadh moladh NPHET leis na meáin Dé Domhnaigh, dúirt an Dr Holohan gur trua gur tharla sin.

“Pé duine a sceith an scéal sin ní raibh an aidhm chéanna aige is atá againne – déileáil leis an ngalar go cuí,” arsa an Príomhoifigeach Leighis.

Dúirt sé gur chinn an Rialtas srianta Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm agus gur faoin uile dhuine a bhí sé anois a chinntiú go n-oibreodh an cur chuige sin.

Micheál Martin. Pictiúr: JULIEN BEHAL Photography/RollingNews.ie

Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET gurb é “bun agus barr an scéil” ná go mbeadh “dúshlán mór” roimh an bpobal go léir maidir le líon na n-othar sna hospidéil sa chás nach dtiocfadh “laghdú mór” ar líon na gcásanna den ghalar.

Chuir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí roinnt fíricí nua ar fáil tráthnóna a léirigh gur in olcas atá cúrsaí ag dul maidir le scaipeadh an ghalair agus mar fhianaise dá maíomh go bhféadfadh 1,500 cás in aghaidh an lae a bheith ann an mhí seo chugainn mura ndéantar an taoide a chasadh.

506 cás nua ar an meán a bhí ann gach lá le cúig lá anuas, i gcomparáid le 370 cás sna cúig lá roimhe sin.

Ar an gcéad lá den mhí seo caite 36 duine a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil, i gcomparáid le 156 duine inniu.

Seisear a raibh an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna haonaid dianchúraim ag tús na míosa seo caite i gcomparáid le 25 duine in ICU inniu.

Ochtar a raibh an galar orthu a bhásaigh ó thús na míosa seo agus beirt ar an meán a fhaigheann bás gach lá de dheasca an ghalair anois.

Ar a laghad sé ráig den ghalar a bhí i dtithe altranais ó thús na míosa agus bíonn a thrí oiread cásanna i measc daoine atá os cionn 65 bliain d’aois anois ná mar a bhíodh mí ó shin.

Tá ráta atáirgthe an ghalair ag 1.2. D’fhéadfadh gur ag 1.1 atá an ráta i mBaile Átha Cliath agus ag 1.5 atá sé sa chuid eile den stát, mar a bhfuil cúrsaí ag dul in olcas go mór, a dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET. 124 in aghaidh gach 100,000 duine ráta an ghalair faoi láthair.

Deimhníodh inniu go raibh 828 cás nua den Covid-19 ó thuaidh den teorainn inniu.   

Bhásaigh duine amháin a raibh an coróinvíreas tolgtha aige, rud a fhágann go bhfuil 586 duine curtha den saol ag an víreas ó thuaidh den teorainn faoin tráth seo.    

Dheimhnigh tástálacha go raibh an Covid-19 ar 4,417 duine eile le seacht lá anuas, agus 16,187 duine a tholg an víreas sa tuaisceart go nuige seo.

Beidh cruinniú ag an bhFeidhmeannas amárach agus a lán ag ceapadh go bhfógrófar tuilleadh srianta ina dhiaidh.

Dúirt an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, inniu “gur chóir gach rud a phlé”. Dúirt sí gur theastaigh uaithi féin ‘scoradán ciorcaid’, nó srianta an-dian ar feadh tamall gearr, a sheachaint ach go raibh srianta breise riachtanach.

Michelle O’Neill

55,771 cás den víreas atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 39,584 cás ó dheas den teorainn agus 16,187 cás ó thuaidh di.

2,402 duine atá curtha den saol ag an ngalar ó thús na paindéime, 1,816 duine ó dheas agus 586 duine ó thuaidh.

Tá ionad altranais amháin i nDún na nGall buailte go dona ag an víreas agus 30 cás den Covid-19 ann.

Deimhníodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos túisce inniu go raibh ráig in ionad altranais Brindley Manor sa Chonmhaigh in oirthear an chontae.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an eolas agus cuidiú á chur ar fáil aici don fhoireann agus do na daoine atá ina gcónaí san ionad.

Faoi shrianta Leibhéal 3, níl aon chead cuairteoirí san ionad ach i gcásanna eisceachtúla agus na daoine sin a bhfuil an víreas tolgtha acu, tá a muintir curtha ar an eolas agus na hothair ag leithlisiú ina seomraí féin.

Deimhníodh inné go raibh an galar tolgtha ag 31 duine in ionad altranais Kilminchy Lodge i bPort Laoise, deichniúr den fhoireann ina measc.

Dheimhnigh an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an Rialtas ag scrúdú cheist na bhfíneálacha chun srianta an Covid-19 a chur i bhfeidhm

Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh cruinniú ag Coiste Maoirseachta an Stáit ar maidin chun plé a dhéanamh ar bhealaí le srianta Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar aréir ag cruinniú de chuid pháirtí parlaiminte Fhine Gael go bhféadfadh go gcaithfí córas fíneálacha a chur san áireamh má bhíonn daoine ag sárú na srianta. Dúirt Leo Varadkar gurb é ab fhearr leis an Rialtas daoine a mhealladh le cloí leis na srianta seachas pionóis throma a thabhairt isteach.

Dúirt sé sa gcás go gcaithfí fíneálacha a thabhairt isteach go mbeidís grádaithe agus gur ar an spota a chuirfí i bhfeidhm iad seachas dul trí na cúirteanna. Cheap an Tánaiste gur fíneáil chuí €50 a ghearradh ar dhuine nach gcaithfeadh masc nuair ba cheart agus mholfadh sé €200 don té a sháródh srianta taistil.

Dúirt an Tánaiste nár theastaigh uaidh féin ná ó na Gardaí go dtabharfaí cumhachtaí breise do na Gardaí le dul isteach i dtithe a mbeadh amhras orthu go raibh srianta Covid-19 á sárú iontu.

Dúirt urlabhraí Rialtais ar maidin go bhféadfaí fíneáil €2,500 a chur ar dhuine a sháródh srianta áirithe Covid-19 faoin reachtaíocht mar atá faoi láthair. D’fhéadfaí fíneáil mar sin a ghearradh ar dhuine, mar shampla, as tionól a eagrú nó gan masc a chaitheamh ar an gcóras iompar poiblí.

Faoin bhfeachtas Fanacht d’eagraigh na Gardaí 132 pointe seiceála tráchta inniu agus na srianta taistil á míniú acu do thiománaithe, rud a d’fhág scuainí tráchta ar roinnt bóithre.

Agus é ag caint ar Today with Claire Byrne ar RTE inniu, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan, Fine Gael, gur chóir srianta a chur ar uaireanta oscailte na siopaí eischeadúnais. Mhol sé gur chóir teorainn a chur leis an méid alcóil a d’fhéadfadh duine amháin a cheannach ag an am céanna.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé léirithe ag lucht na sláinte poiblí go raibh tionchar ag an iomarca ólacháin ar scaipeadh an Covid-19.

“Nuair a fheicfidh tú duine ag teacht amach as siopa agus tráidire mór cannaí aige tá a fhios agat nach deoch bheag tar éis an dinnéir atá ann,” a dúirt sé.

Kamala Harris

Idir an dá linn, beidh díospóireacht iarrthóirí na Leas-Uachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe anocht agus meastar go mbeidh Mike Pence agus Kamala Harris ag díriú ar an gcaoi ar dhéileáil an tUachtarán Trump leis an Covid-19, go háirithe ó buaileadh síos é féin leis.

Scaoileadh abhaile an tUachtarán Trump as Ospidéal Walter Reed inné ach tá cáineadh go leor á dhéanamh air de bharr a iompair ó shin.

Fág freagra ar '611 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, cúrsaí ‘ag dul in olcas’ ó moladh Leibhéal 5'

  • Poraic o'hEipicín

    Dún sios na eischeadúnais ar fad. In Ainm Dé.