5,482 cás nua den víreas deimhnithe, an líon is mó a fógraíodh aon lá ó mhí Eanáir

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur fógraíodh níos mó cásanna inniu ná beagnach aon lá eile i rith na paindéime

5,482 cás nua den víreas deimhnithe, an líon is mó a fógraíodh aon lá ó mhí Eanáir

5,483 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. B’in an líon is mó cásanna a fógraíodh in aon lá amháin ó mhí Eanáir.

Meastar gur mbaineann suas le 1,000 de na cásanna a fógraíodh le riaráiste cásanna a bhí ann le cúpla lá anuas.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur fógraíodh níos mó cásanna inniu ná beagnach aon lá eile i rith na paindéime agus d’iarr sé arís ar dhaoine laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine a mbuaileann siad leo.

549 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, seisear níos mó ná mar a bhí i gceist inné. Tá 96 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná mar a bhí ansin inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,087 cás nua a fógraíodh.

397 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Deir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí gur chóir do dhaoine a thaithíonn bialanna, tithe tábhairne agus clubanna oíche dhá thástáil antaigine a chur orthu féin in aghaidh na seachtaine.

I litir a seoladh chuig an Rialtas, dúirt NPHET gur raibh an “éiginnteacht” a bhaineann le cúrsaí na paindéime faoi láthair ina húdar mór imní.

Cé nach raibh aon srianta nua á moladh ní fhéadfaí a leithéid a chur as an áireamh amach anseo, a dúradh.

Mhol NPHET freisin go n-úsáidfí na teastais Covid in áiteanna eile chomh maith le tithe tábhairne, bialanna agus clubanna oíche.

Moladh chomh maith sa litir go mbeadh daoine ag obair ón mbaile.

Pléifidh an Rialtas comhairle NPHET an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar '5,482 cás nua den víreas deimhnithe, an líon is mó a fógraíodh aon lá ó mhí Eanáir'

  • Lonán Fiaċ

    An nglactar le teastais ainfrídíniúcháin ón gcoigrích (go dtéitear isteach i mbialanna srl. na hÉireann)?
    💉🍴
    Cuireadh an t-ainfrídín – faoi ḋó – orm, ach ba lasmuigh den Eoraip é.