Tá dlús curtha leis an iarracht idirnáisiúnta tarrthála atá ar siúl i ndeisceart na Tuirce agus tuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún inar maraíodh ar a laghad 5,100 duine.
Tá lucht tarrthála ar a míle dícheall ag iarraidh teacht ar na daoine atá sáinnithe faoi smionagar na mílte foirgneamh a thit as a chéile.
Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go bhféadfadh go mbeidh líon na marbh os cionn 20,000.
Dúirt Adelheid Marschang, oifigeach sinsearach éigeandála de chuid an WHO, gur dócha go bhfágfaidh an crith talún tubaisteach a lorg ar shaol 23 milliún duine, 1.4 milliún páiste ina measc.
Tá roinnt rudaí ag cur bac ar na hiarrachtaí tarrthála, ag áireamh na n-iarchreathanna, an aimsir sheaca agus an dochar atá déanta do bhóithre.
Ní fios cé mhéad duine atá sáinnithe sa dá thír.
Deir daoine in áiteanna iargúlta i ndeisceart na Tuirce go bhfuil brú as cuimse ar lucht tarrthála.
Tá físeáin agus glórphoist á seoladh amach ag daoine atá teanntaithe faoin smionagar le hinsint cá bhfuil siad.
Rinne crith talún an Luain dochar uafásach i gceantar a luíonn leis an teorainn idir an dá thír ar feadh nach mór 650 míle.
Chuir cuid mhór daoine ón Tuirc a míshástacht in iúl ar na meáin shóisialta faoin iarracht tarrthála, iarracht a bhí easnamhach, dar leo.
D’fhógair an tUachtarán Recep Tayyip Erdoğan gur láthair thubaiste a bhí sna deich gcúige a bhí buailte. D’fhógair sé staid éigeandála trí mhí sa cheantar.
Sa tSiria, ba mheasa lorg an chreatha talún mar gheall ar an gcogadh cathartha atá ar siúl ansin le breis is deich mbliana. Ba bhac chomh maith ar na hiarrachtaí tarrthála sa tSiria an drochaimsir agus an ganntanas breosla.
Mar bharr ar an donas, tá aighneas ann faoi cé atá i gceannas ar an gcabhair éigeandála, ceantar atá i seilbh na reibiliúnach.
Níl cead tugtha ag an Rialtas in Damascus an chabhair éigeandála a thabhairt isteach sa tír ach trí aon trasbhealach teorann amháin.
Chomh maith leis sin ní féidir le Siria cúnamh díreach a fháil ó go leor tíortha mar gheall ar smachtbhannaí atá curtha ar rialtas an Uachtaráin Bashar al-Assad.
Go moch maidin Dé Luain, agus daoine ina gcodladh, a tharla an crith talún ar mhéid 7.8 gar do Gaziantep sa Tuirc.
Ina dhiaidh sin, ag 1.30pm, am na háite, tharla creathán talún ar mhéid 7.5 ar scál Richter. Ní iarchrith a bhí anseo, a dúradh.
Fág freagra ar '5,100 maraithe i gcrith talún na Tuirce agus na Siria, na mílte eile sáinnithe faoin smionagar'