5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Koloman Trax – Trig Mix

Seo an chéad eisiúint ar lipéad Cavalier, lipéad nua-bhunaithe Phil Watson ó Chontae Muineacháin, agus Tom Breslin ó Chontae Aontroma, beirt ógfhear a bhfuil spéis mhór acu i gceol, go háirithe ceol múnlaithe don urlár rince.  

Is leis an léiritheoir Kolomon rax ó Frankfurt an chéad eisiúint ar an lipéad – an Thoughts in Sound EP – agus áirím an rogha seo uaidh ar cheann de na rianta is spéisiúla atá cloiste agam i mbliana.  

Eisítear na céadta ceirnín house is techno gach seachtain agus déantar dearmad ar a bhformhór tar éis cúpla seachtain eile. Ach i gcás na rogha seo, tá an mianach ann go seasfaidh sé fós le himeacht aimsire. Creidim go mbeidh an ceann seo fós á chasadh ag dioscmharcaigh i gceann leathchéad bliain.


Wounded Healer – Panic About Love

Chuireas aithne ar ghuth Sorca McGrath trí na hamhráin atá cumtha aici leis an mbanna Ships ón ardchathair. Anois, tá a céad EP aonair eisithe aici faoin ainm Wounded Healer don lipéad The Pig’s Ear.

Trí rian ar fad atá le clos air, cumtha, casta is léirithe aici féin. Is breá liom an príomhamhrán seo ná beadh as alt ar eisiúint Italo-dioscó comhaimseartha ón stábla Italians Do It Better.


Weval – Grow Up

Thiteas i ngrá le pop-cheol, mall, álainn Weval nuair a chuala amhrán dá gcuid ar chnuasach ceoil a d’eisigh an lipéad Kompakt roinnt blianta ó shin. Beirt ógfhear ón Ollain a chum – Harm Coolen agus Merijn Scholte Albers. Tá popamhrán iontach eile le clos ar a singil nua, é tiomáinte ag cuisle mall an doird is a liricí searbh-mhilise.


Inner Systems – Prequel Tapes

Nuair a bhí an té a bhíonn ag taifead mar PrequelTapes ina dhéagóir, thit sé i ngrá le cuid de na foinn a chuala sé in amhráin leis an mbanna The Cure. Chaitheadh sé laethana fada agus na foinn sin ag guarnáil timpeall ina cheann nó gur cheannaigh sé samplóir Casio FZ-1 is inneall drumaí agus chrom ar cheol a chumadh é féin.  

Ba nuair a d’aimsigh sé Clock DVA a thit sé i ngrá le techno. ‘Sea, bhraith sé an t-uaigneas sa cheol sin ach má bhraith, bhraith sé rud éigin eile ann leis – an gliondar! Chuaigh a chuid scileanna i bhfeabhas de réir a chéile. Ní fadó ó shin, d’aimsigh sé na taifid a rinne sé nuair a bhí sé óg agus astusan, tá saothar nua cumtha aige. Léiritheoir ag dul i ngleic leis na foinn a chum sé is é ina dhéagóir, ceol a fáisceadh as idir fhoraois is autobahn.


Ceann ón gCartlann

Voyager 2 – Fáinní Uranus

In Eanáir na bliana 1986, ghabh an spásárthach Voyager 2 trí chóras Uranus. Deineadh an ócáid a thaifeadadh, idir íomhánna is fhuaim. Tá fuaim na bplainéad uilig le clos ar nascanna éagsula ar YouTube, gach ceann acu níosa coimthíche ná a chéile. Agus, cogar i leith chugham, tá scéal Voyager 1 agus Voyager 2 inste go paiseanta ag Jim Bell ina leabhar The Interstellar Age: Inside the Forty-Year Voyager Mission.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'