5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Four Tet – Morning Side

Níl ach dhá rian le clos ar albam úr Four Tet is tá an peidhre acu thart ar fiche nóiméad ar fhaid. Seo an ceann atá do mo chur faoi gheasa na maidineacha seo. Tá ‘Morning Side’ bunaithe ar lúb de ghuth Lata Mangeshkar – amhránaí ón Ind atá le clos ag amhránaíocht ar bhreis is míle scannán Hindu – is gach féidearthacht ó thaobh na fuaime fáiscithe ag an léiritheoir as a glór. Fiche nóiméad i ndiaidh an chéad bhuille, tá sé thart, is buaileann an fonn láithreach ort filleadh ar a thús agus éisteacht leis an athuair.

New Order – Restless

Ní haon rún é go bhfuil dúil mhór agam i gceol New Order ach chun an fhírinne a insint, ní mór a thógas ceann d’aon amhrán a d’eisíodar ó aimsir an albaim Republic, agus thaitin na singilí ar an albam sin liom níos mó ná na hamhráin eile.

Níl Peter Hook mar dhordghiotáraí acu níos mó ach ní bhraitheann tú uait é mar déanann Tom Chapman an-aithris go deo air. Cuireann fonn an amhráin seo ‘Dream Attack’ óna sá-albam Technique i gcuimhne dom. Ná ceap go bhfuilim ag fógairt go bhfuil an t-amhrán seo ar comhchéim le saothar úd na hochtóidí, ach tá sé i bhfad níos fearr ná na hamhráin atá eisithe acu ó 2001 i leith.

Beidh a n-albam úr Music Complete ag teacht amach ar Mute sa bhfómhar agus cá bhfios nach bhfuil samhradh beag na ngéanna i ndán do sheanfhonndúirí New Order?  

Jamie xx – Loud Places (Barnt Remix)

Bhain an bunleagan den amhrán seo creathadh as na cairteanna níos luaithe an samhradh seo, ní nach ionadh, mar is ar éigean go bhfuil popamhrán níos tarraingtí cumtha ag Jamie xx. Tá an obair léirithe ar an mbunleagan níos glaine agus níos snasta ná aon ní a chuir sé amach roimhe seo, agus é múnlaithe go speisialta do chluasa lucht éisteachta na bpopstáisiúin tráchtála.  

Anois, tá roinnt athmheascáin úra taghta chun solais agus tá obair iontach déanta ag Barnt leis an mbéim ar leith a chuireann sé ar fhocail áirithe ó na bun-liricí, gan trácht ar an gcreatlach de bhuillí atá mar bhonn nua leis.

Venetian Snares – Your Face When I Finally

Tá Aaron Funk ó Cheanada ag cumadh rianta lán de bhuillí aisteacha, bunaithe ar amchomharthaí neamhghnácha, ó chuir sé amach a chéad cheirnín sa bhlian 1999. Chaithfeadh dúil mharbh a bheith agat i mbuillí coimthíocha chun sásamh a bhaint as a cheol ach tá sé seo ar cheann de na rianta is tarraingtí a chuala uaidh le stáir.

Is aoibheann liom an rif ag an tús, a fhileann arís tar éis nóiméid. Agus cad é sin atá á rá aige gan choinne tar éis cúig nóimead? Éist go cúramach mar ní dóigh liom go dtabharfaí cead agam na focail a fhoilsiú ar Tuairisc.ie.

CEANN ÓN gCARTLANN

Fennesz – Endless Summer

Cá n-imigh an samhradh orainn? Go hiondúil, seo an t-am is fearr den bhliain chun cluas le héisteacht a thabhairt do shárshaothar an chumadóra, Christian Fennesz, ón Ostair.  

Is iomaí cor is casadh atá sa phort álainn seo ó 2002, a shamhlaím mar saghas compánach aimbiach le ‘Sometimes’, amhrán ar leith le My Bloody Valentine. Éist leis le linn tráthnóintí deireanacha geala na bliana seo is an montbretia faoi bhláth.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'