499 cás nua fógartha agus ráta scaipthe an ghalair tite faoi bhun 200

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe agus deimhníodh 595 cás nua den ghalar

499 cás nua fógartha agus ráta scaipthe an ghalair tite faoi bhun 200

Tá ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 499 cás nua den ghalar atá fógartha tráthnóna ag an Roinn Sláinte.

72 cás a bhí i gCorcaigh, 26 cás a bhí i Maigh Eo agus 21 cás a bhí i gcontae na Mí.

18 cás a bhí i nGaillimh, 18 cás eile a bhí i nDún na nGall, deich gcás a bhí i gCiarraí agus níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge.

Bhain 175 den 499 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse scaipthe an ghalair tite go dtí 194 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír fós i nDún na nGall ach tá sé tite beagáinín go dtí 299. Is 280 an ráta i gcontae na Mí, 240 atá i gCorcaigh agus 191 atá i gCiarraí.

Tá an ráta coicíse anois ag 188 i nGaillimh, 182 i Maigh Eo agus 179 i bPort Láirge.

292 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 37 díobhsan in aonad dianchúraim.

Agus é ag caint ar an gclár News at One inniu dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET go raibh sé “míchruinn” a mhaíomh gur iarr NPHET diansrianta róluath.   

Dúirt an tOllamh Nolan nach fíor a rá go dtitfeadh líon na gcásanna dá gcloífí le srianta Leibhéal 3 Dheireadh Fómhair.

Dúirt sé gur amhlaidh go raibh daoine “go deonach” ag laghdú an líon daoine a raibh siad ag casadh leo sular iarr an Rialtas sin orthu.

“An tseachtain sular cuireadh Leibhéal 5 i bhfeidhm thuig daoine céard a tharlódh, déarfainn, agus bhuail siad le níos lú daoine go sóisialta. Anois is léir an tionchar breise a bhí ag srianta leibhéal 5,” a dúirt Nolan.

“Tá an uimhir R faoina 1 anois agus mar sin tá níos lú ná duine amháin ag tolgadh an ghalair ó dhuine eile. Measaimid go laghdóidh sin tuilleadh,” an dea-scéal a bhí aige.

Tuigeann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí araon a thábhachtaí agus atá an Nollaig do mhuintir na hÉireann agus deir an dá dhream sin gurb é a mian go mbeadh muintir na tíre in ann an Nollaig a cheiliúradh ach ní raibh Leo Varadker ná ceachtar acusan sásta a gheallúint go mbeadh cead ár gcinn againn faoi Nollaig i mbliana.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis NPHET, an Dr Tony Holohan go mbeadh comhairle á lorg acusan ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú maidir le conas an víreas seo a cheansú aimsir na féile.   

Bhí Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry ar Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 ar maidin agus léirigh sé an-imní faoina rábaí agus atá an galar ag scaipeadh ar fud na hEorpa faoi láthair.

Dúirt Henry gur chóir dúinn a bheith cúramach mar gur rabhadh a bhí sa gcaoi ar scaip an víreas arís go tobann i dtíortha eile. Dúirt sé gur 2,500 cás sa tseachtain a bhí san Eilvéis i lár mhí Mheán Fómhair ach go raibh an víreas á tholgadh ag 50,000 duine sa tseachtain sa tír sin faoi láthair.

Ach bhí údar misnigh sa scéal chomh maith, dar leis.

“Tá údar dóchais ann. Táimid ar cheann den dá thír san Eoraip ina bhfuil líon na gcásanna sa gcoicís ag titim cé go bhfuil an galar ag scaipeadh ar luas lasrach sa gcuid eile den mhór-roinn agus an-bhrú go deo ar na hospidéil dá bharr.

“Tá líon na ráigeanna, na mbraislí agus na ngartheagmhálaithe ag titim sa tír seo. Ag titim chomh maith atá an líon daoine a fhaigheann toradh deimhneach ar thástáil agus an uimhir thábhachtach R. Tá an t-éileamh ar thástálacha ag laghdú agus tá laghdú 30% ar an líon daoine a bhfuil dochtúirí teaghlaigh ag cur tástálacha in áirithint dóibh. Níl an brú céanna anois ar an gcóras rianaithe teagmhálaithe,” a deir an Dr Henry.

Dúirt an Dr Colm Henry gur bhreá an rud go mbeadh daoine in ann a bheith i gcomhluadar a chéile faoi Nollaig go slán sábháilte ach dúirt sé nach raibh ach bealach amháin chun é sin a chinntiú, “cloí le srianta leibhéal 5” go deireadh mhí na Samhna. Mheabhraigh sé arís go raibh an víreas seo “an-luaineach” agus gur deacair é a cheansú.

Dúirt an Dr Holohan dá ísle dá mbeadh an líon cásanna in aghaidh an lae ag tús mhí na Nollag gur fearr an tsolúbthacht a bheadh ann chun na srianta a mhaolú.

Sa Dáil inniu dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nár theastaigh uaidh daoine a chur amú le “eolas míchruinn” faoi céard a bheadh ar chumas daoine a dhéanamh mí na Nollag. Dúirt sé nach ngeallfadh sé aon rud mar go bhféadfadh sé go mbeadh ar an Rialtas “iompú thart agus a rá nach bhféadfaí an méid sin a dhéanamh”.

Tá imní léirithe ag lucht leighis faoin laghdú atá tagtha ar an líon daoine atá ag freastal ar Aonaid Éigeandála agus Timpistí agus eagla orthu go bhfuil daoine ann atá go dona tinn ach imní mhór orthu faoin víreas agus iad ag seachaint an ospidéil dá bharr.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid, go raibh dochtúirí comhairleacha ag rá go raibh orthu obráidí níos contúirtí a dhéanamh mar nár tháinig daoine ag iarraidh cóir leighis in am.

“Má theastaíonn cúram uait go práinneach, le do thoil tar chuig an ospidéal,” an impí a bhí ag Paul Reid don phobal.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Deimhníodh 595 cás nua den ghalar inniu.

407 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 49 díobh atá in aonad dianchúraim.

2,700 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,940 duine ó dheas den teorainn agus 760 duine ó thuaidh di.

106,507 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 64,538 cás ó dheas agus  41,969 ó thuaidh.

Fág freagra ar '499 cás nua fógartha agus ráta scaipthe an ghalair tite faoi bhun 200'