448 cás nua den víreas fógartha, níos lú ná 100 othar sna hospidéil

Tá líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil ó dheas tite faoi bhun 100 den chéad uair ón bhfómhair seo caite

448 cás nua den víreas fógartha, níos lú ná 100 othar sna hospidéil

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá 448 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Tá líonn na n-othar Covid-19 sna hospidéil ó dheas tite faoi bhun 100 den chéad uair ón bhfómhair seo caite. 

99 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 41 acusan in aonad dianchúraim.

Níl raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an mhí seo.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 66 cás nua a deimhníodh.

22 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,030,811 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 630,170.

Ar a laghad 7,089 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,152 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

381,068  cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 258,720 cás ó dheas den teorainn agus 122,348 cás ó thuaidh di.

Ar maidin eisíodh treoirlínte Fáilte Ireland maidir le cúrsaí sláinte nuair a athosclófar earnáil an fháilteachais. 

Seachtain ó inniu, an 2 Meitheamh, a bheidh cead oscailte ag óstáin agus tithe lóistín is leaba agus bricfeasta. 

Beidh cead ag na hóstáin agus na tithe lóistín sin bia a chur ar fáil taobh istigh dá n-aíonna. 

An 7 Meitheamh a bheidh cead ag bialanna, tithe tábhairne agus caiféanna bia agus deoch a chur ar fáil ar bhoird amuigh faoin aer. 

Déanfaidh an Rialtas na treoirlínte seo a athbhreithniú má thagann athrú ar chúrsaí sláinte phoiblí. 

Ní fios fós cathain a bheidh seirbhís faoi dhíon ar fáil san bialanna agus sna tábhairní. 

Dúirt an Taoiseach cheana gur thart faoi thús mhí Iúil a cheapfadh sé a tharlódh sé. 

Seisear os cionn 13 bliain a bheidh ceadaithe ag aon bhord ag bialann nó tábhairne ach féadfaidh suas le 15 a bheith ag an mbord má bhíonn suas go seachtar leanaí faoi dhá bhliain déag sa gcomhluadar. Ní bheidh cead ag grúpa roinnt bord a chur in áirithe agus ní cheadófar cóisirí.

Caithfidh na boird a bheith méadar ar a laghad óna chéile, istigh agus amuigh. Ní bheidh aon teorainn ama ar dhaoine a bheidh ag ithe nó ag ól amuigh faoin aer. Ach a mbeidh ithe taobh istigh ceadaithe, má bhíonn boird dhá mhéadar óna chéile ní bheidh aon teorainn ama i bhfeidhm ach oiread ach má bhíonn siad i bhfoisceacht méadar dá chéile laistigh, 105 nóiméad a bheidh ag custaiméirí lena ndeoch a ól nó a mbéile a ithe. 

Ní bheidh aon seirbhís cuntair ceadaithe agus caithfidh na custaiméirí ar fad fanacht ag an mbord le freastal a fháil agus caithfear an teach a ghlanadh ar fad ag 11.30 pm.

Beidh dualgas ar na tithe ósta agus bialann cloí leis na rialacha sláinte phoiblí maidir le rianú teagmhálaithe, aeráil agus cúram sláinteachais. Caithfidh na fostaithe mascanna a chaitheamh an t-am ar fad agus na custaiméirí má fhágann siad an bord. 

Fág freagra ar '448 cás nua den víreas fógartha, níos lú ná 100 othar sna hospidéil'