4,115 cás nua den víreas fógartha, ‘éiginnteacht agus guagacht’ go fóill ann

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

4,115 cás nua den víreas fógartha, ‘éiginnteacht agus guagacht’ go fóill ann

4,115 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

511 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 19 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 110 díobhsan in aonad dianchúraim, cúigear níos lú ná mar a bhí inné.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go raibh cúrsaí an ghalair “an-éiginnte agus an-ghuagach” agus an cineál Delta den víreas á scaipeadh go tréan i gcónaí.

“Is údar imní an-tromchúiseach é sin agus sinn ag fanacht ar a thuilleadh eolais faoi chineál an Omicron agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin.

 ”Faoi láthair, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil dúinn is dóigh linn go n-éireoidh leis na beartais sláinte phoiblí a bhfuil oiread sin taithí againn orthu moill agus stop a chur le scaipeadh an Omicron agus an Delta. De réir na gcomharthaí luatha, tabharfaidh an teanndáileog den vacsaín Covid-19 cosaint mhaith duit ó ionfhabhtú ón Delta agus ón Omicron.”

Mhol an Dr Holohan do gach duine a bhí i dteideal teanndáileog a fháil déanamh amhlaidh a luaithe agus ab fhéidir é.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,806 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

317 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 40 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '4,115 cás nua den víreas fógartha, ‘éiginnteacht agus guagacht’ go fóill ann'