396 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte

D’impigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, ar dhaoine tráthnóna gan bualadh an tseachtain seo chugainn ach le leath an méid daoine a mbuail siad leo an tseachtain seo caite

396 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 396 cás nua den Covid-19. 

Seo an líon is mó cásanna a fógraíodh aon Domhnach ón 26 Aibreán.

Ní raibh aon bhás eile le fógairt inniu.

Bhain 241 den 396 cás den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna le Baile Átha Cliath.

Bhain 36 cás le Corcaigh, bhí 19 cás i nDún na nGall, an líon céanna a fógraíodh inné, agus bhain 12 de na cásanna nua le Gaillimh.

Bhí 11 cás i gcontae na Mí agus bhain sé chás le Port Láirge. 

Bhain 11 de chásanna an lae inniu le Cill Dara, naoi gcás a bhí i Muineachán, seacht gcinn a bhí i gcontae Lú, sé cinn a bhí i gcontae an Chláir agus cúig chás a deimhníodh i gCill Mhantáin. 

Bhain an 27 cás eile le 11 contae éagsúil. 

D’impigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, ar dhaoine tráthnóna gan bualadh an tseachtain seo chugainn ach le leath an méid daoine a mbuail siad leo an tseachtain seo caite.

Tá sé deimhnithe gur bhain 26% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 58 cás. Bhí 70% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

82 duine atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil faoi láthair agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim. 21 duine atá sna hospidéil ó thuaidh agus ceathrar atá in ICU.

176 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh tráthnóna.

222 cás a fógraíodh ó thuaidh inné an líon is mó cásanna nua in aon lá amháin sa Tuaisceart go dtí seo.

42,274 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 32,933 cás ó dheas den teorainn agus 9,341 cás ó thuaidh di.

2,367 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,792 duine ó dheas agus 575 ó thuaidh.

Fág freagra ar '396 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte'