395 cás nua fógartha, comhréiteach in Stormont faoi shrianta

Tá imní léirithe ag NPHET arís maidir le ráta an ghalair i nDún na nGall

395 cás nua fógartha, comhréiteach in Stormont faoi shrianta

Tá 395 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte inniu agus tá duine amháin eile básaithe de dheasca an ghalair.

33 duine a fuair bás de dheasca an ghalair go dtí seo mí na Samhna.

Bhain 31 den 395 cás nua le Corcaigh, 27 cás a bhí i nGaillimh, 27 cás a bhí i nDún na nGall agus 22 cás a bhí i gcontae na Mí. Bhí níos lú ná cúig chás nua i bPort Láirge, i gCiarraí agus i Maigh Eo.

Fógraíodh 132 cás nua i mBaile Átha Cliath.

Tá ráta atáirgthe an ghalair anois ag 0.6 agus tá an dara ráta coicíse is ísle san Aontas Eorpach in Éirinn – 135.

Tháinig laghdú 52% ar ráta coicíse scaipeadh an ghalair sa stát i gcomparáid leis an gcoicís roimhe sin, an laghdú is mó san AE.

Is i nDún na nGall i gcónaí atá an ráta is airde agus 284 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae le coicís anuas. Tá imní léirithe ag NPHET arís maidir leis an scéal i nDún na nGall, mar a bhfuil ráta an ghalair ag laghdú i bhfad níos moille ná mar atá sa chuid eile den stát.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach NPHET, go raibh “teachtaireacht shoiléir” ansin do mhuintir Dhún na nGall, is é sin “go n-oibríonn na srianta”.

Tá an ráta anois ag 163 i gcontae na Mí, 148 i Maigh Eo, 130 i gCiarraí, 122 i gCorcaigh agus 115 i gCiarraí. 97 ráta coicíse an ghalair i nGaillimh, agus í ar cheann de na cúig chontae ina bhfuil an ráta coicíse faoi bhun 100.

Tá 279 othar atá buailte ag Covid-19 sna hospidéil agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

I dTuaisceart Éireann, tá an Feidhmeannas i Stormont tagtha ar chomhréiteach faoi shrianta Covid-19.

Faoin socrú nua seo cuirfear seachtain eile leis na srianta reatha i dTuaisceart Éireann agus beidh cead ag roinnt earnálacha athoscailt Dé hAoine seo chugainn.

Ghlac móramh leis an moladh sin a rinne comhalta an DUP, Diane Dodds, Aire Eacnamaíochta an Fheidhmeannais.

Vótáil Sinn Féin i gcoinne an rúin agus staon an SDLP ón vótáil. Thacaigh an DUP, an Páirtí Aontachtach agus an Alliance leis.

Fágann an comhréiteach seo go mbeidh cead ag seirbhísí ina mbíonn daoine i ngartheagmháil lena chéile athoscailt i gceann seachtaine. Beidh tithe tábhairne agus bialanna dúnta go ceann coicíse eile ach beidh cead ag caiféanna agus tithe caife oscailt i gceann seachtaine.

Mar chuid den réiteach, tabharfar faoi na hullmhúcháin d’fheachtas vacsaíne, cuirfear córas tástála gasta i bhfeidhm agus cuirfear tacaíocht airgid níos fearr ar fáil do ghnóthaí atá buailte ag na srianta.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 15 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh 11 duine acu. Deimhníodh 548 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

435 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 46 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

An Tánaiste, Leo Varadkar

Bhí 101% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 144 ionad cúraim sa Tuaisceart.

2,790 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,965 duine ó dheas den teorainn agus 825 duine ó thuaidh di.

111,873 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 66,632 cás ó dheas agus  45,241 ó thuaidh.

Níos túisce inniu chomhairligh an Tánaiste Leo Varadkar do dhaoine a bhí ag cuimhneamh ar theacht abhaile don Nollaig gan aon eitilt a chur in áirithe go fóill.

“Maidir le daoine a bheith ag cur eitiltí in áirithe chun teacht abhaile i gcomhair na Nollag, an chomhairle a chuirfinnse orthu ná gan é sin a dhéanamh faoi láthair.

“Tuigim go bhfuil sé sin deacair agus go bhfuil sé sin crua, ach tá sé seachtaine fágtha go dtí an Nollaig agus tá sé róluath ag daoine a bheith ag cur eitiltí in áirithe chun teacht abhaile.”

Dúirt Varadkar go raibh an baol ann i gcónaí go bhféadfadh an taisteal idirnáisiúnta an galar a neadú arís sa phobal. Ba mhó fós an baol a bhain leis an taisteal trasteorann in Éirinn féin, a dúirt an Tánaiste.

Osclaíodh ionad tástála ag aerfoirt Chorcaí agus na Sionna inniu. Comhlacht príobháideach RocDoc atá ina mbun agus cosnóidh tástáil amháin idir €129 agus €149. Beidh toradh na tástála ag duine laistigh de 72 uair an chloig. Is féidir tástáil ghasta a fháil ar €199 agus beidh an toradh agat laistigh de chúpla uair an chloig.

Tá athrú déanta ag an Rialtas ar na rialacha maidir le cúrsaí taistil idirnáisiúnta. Ón 29 Samhain, daoine a bheidh ag taisteal ó thíortha “dearg” san Aontas Eorpach agus toradh diúltach faighte acu ar thástáil Covid-19, ní gá dóibh dul ar coraintín 14 lá. Má léiríonn tástáil a dhéanfar ar a laghad 5 lá tar éis dóibh teacht anseo nach bhfuil an víreas tolgtha acu, ní gá dóibh a gcuid taistil a srianadh agus fanacht sa bhaile.

Ón lá inniu ar aghaidh caithfidh siopaí agus ollmhargaí a dhíolann alcól chomh maith le hearraí eile bac nó teorainn a chur idir an t-alcól agus na hearraí eile sa siopa. Iarracht atá anseo mealltacht an alcóil a laghdú agus gan é a bheith sa gcosán ar gach siopadóir, go háirithe  daoine óga.

Fág freagra ar '395 cás nua fógartha, comhréiteach in Stormont faoi shrianta'