351 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
46 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 16 acusan in aonad dianchúraim.
D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 278 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.
19 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gceithre cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.
Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,162,455 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 855,736.
7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.
Chinn an Rialtas níos túisce inniu moill a chur leis an gcead a bhí le tabhairt Dé Luain seo chugainn do bhialanna agus do thithe ósta seirbhís faoi dhíon a chur ar fáil. Ag daoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu amháin a bheidh cead ithe agus ól faoi dhíon nuair a cheadófar an tseirbhís arís.
Dúirt an Taoiseach gurb í “fírinne an scéil” go raibh “rás” ar bun idir an cineál Delta den víreas agus an vacsaín.
Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an lá leis an vacsaín, a dúirt sé.
Dúirt an Taoiseach gur “cor eile” é cinneadh an lae inniu i scéal na paindéime ach go raibh an chuid is measa di “curtha dínn againn”.
D’fhógair sé go rabhthas chun plean a ullmhú a cheadódh do dhaoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu dul ag ithe agus ag ól laistigh.
Tá córais éagsúla á meas bunaithe ar leaganacha éagsúla de phas vacsaíne.
Mhol an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí nach mbeadh cead ithe agus ól taobh istigh ach ag daoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu.
Chuir NPHET in iúl don Rialtas aréir go bhféadfadh go bhfágfadh scaipeadh an chineáil Delta den víreas go mbeadh na céadta míle cásanna nua ann idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair. Sa chás is measa d’fhéadfadh 2,000 duine eile bás a fháil de dheasca an Covid-19, a dúradh. Sa chás is fearr 165 bás a bheadh i gceist as seo go ceann coicíse.
Dúradh go bhféadfadh go mbeadh brú mór ar na hospidéil faoi theacht an gheimhridh, cé nach mbeadh cúrsaí chomh holc agus a bhí tús na bliana.
Níl aon anailís neamhspleách déanta ar fhigiúirí NPHET go fóill.
Dúirt Adrian Cummins, Príomhfheidhmeannach Chumann Bhialanna na hÉireann, go scriosfadh cinneadh an Rialtais gnóthaí ar fud an stáit.
Dúirt sé gur plean “leithchealach nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm” a bhí sa phlean cead ithe agus ól taobh istigh a thabhairt do dhaoine áirithe.
Dúirt David Cullinane, urlabhraí sláinte Shinn Féin, gur údar imní a bhí sa phlean athoscailte ‘dhá leibhéal’.
“Beidh fadhbanna leis agus ní oibreoidh sé. Gach seans go mbeidh sé leithchealach,” a dúirt sé.
Idir an dá linn, táthar le cead a thabhairt na vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson a thabhairt do dhaoine idir 18-39, rud a chuirfidh dlús leis an gclár vacsaínithe.
Chomh maith leis sin, táthar leis an mbearna ama idir na dáileoga den tsnáthaid AstraZeneca a laghdú ó ocht go ceithre seachtaine.
Faoi na pleananna nua a d’fhógair an Taoiseach tráthnóna beidh cead ag níos mó daoine freastal ar ócáidí spóirt agus ceoil taobh amuigh. Beidh cead ag 50 duine freastal ar phósadh.
Antóin
Ní hionann 351 chás nua agus 351 duine atá tinn. An eol dúinn cé mhéad duine acu sin a bhfuil comharthaí sóirt an víris air?
Agus nach greannmhar go bhfuil na Stickies Féin ag caitheamh amhrais ar phlean cinedheighilte an rialtais. An dream fealltach fimíneach céanna a thug lántacaíocht don rialtas céanna a ghlasáil ár muintir féin in óstáin ghéibhinn.