35 post caillte i nGaeltacht Chonamara

Dúradh i ráiteas a d’eisigh an comhlacht Fintrax gurbh í an ‘provisional conclusion’ faoi láthair gur cheart an tseirbhís phróiseála “a lárú” i bpríomhchathair na Polainne, Warszawa

35 post caillte i nGaeltacht Chonamara

Tá 35 post caillte i nGaeltacht Chonamara agus an cinneadh déanta ag an gcomhlacht Fintrax na seirbhísí próiseála sonraí atá ar bun i mBaile na hAbhann a athlonnú sa Pholainn.

Rinneadh an cinneadh tar éis próiseas comhairliúcháin i gceannáras an chomhlachta i bPáirc Gnó na Tulaí, próiseas a mhair dhá mhí.

Dúradh i ráiteas a d’eisigh an comhlacht gurbh í an ‘provisional conclusion’ faoi láthair gur cheart an tseirbhís phróiseála “a lárú” i bpríomhchathair na Polainne, Warszawa.

Dúradh go raibh sé i gceist, mar sin féin, ag Fintrax daoine eile a earcú i nGaillimh a bheidh ag plé le cúrsaí teicneolaíochta faisnéise agus airgeadais sa Pháirc Gnó ar an Tulaigh agus sa pháirc gnó sa Daingean i gcathair na Gaillimhe.

Díoladh an comhlacht Fintrax leis an gcomhlacht infheistíochta Eurazeo, atá lonnaithe sa Fhrainc, ag deireadh na bliana seo caite.

Bunaíodh Fintrax sa bhliain 1985 agus tá sé ar an dara comhlacht is mó ar domhan san earnáil sin. Cheannaigh an comhlacht Sasanach Exponet Private Equity é sa bhliain 2012 ar luach €170m. Tá fás 20% agus 31% tagtha ar an ioncam agus an tuilleamh faoi seach ó 2011.

Fág freagra ar '35 post caillte i nGaeltacht Chonamara'