326 cás nua den Covid-19 fógartha, rabhadh tugtha faoi bhreis srianta i gceithre chathair

I nDún na nGall atá an ráta is airde den Covid-19 sa tír, ach tá rabhadh tugtha faoi líon na gcásanna i gcathracha Chorcaí, Luimnigh, Phort Láirge agus na Gaillimhe

326 cás nua den Covid-19 fógartha, rabhadh tugtha faoi bhreis srianta i gceithre chathair

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 326 cás nua den Covid-19.

Ní raibh aon bhás eile de dheasca an ghalair le fógairt inniu.

Bhain 22 den 326 cás nua le Dún na nGall.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an ráta is airde den Covid-19 sa tír sa chontae sin. 152 de na cásanna a fógraíodh inniu a bhain le Baile Átha Cliath.

Bhain 32 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 21 cás a bhí i nGaillimh, 15 cás a bhí i gcontae na Mí, naoi gcás a bhí i gCiarraí agus bhí sé chás i Maigh Eo.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte tráthnóna go raibh “gach seans” ann go gcaithfí ceantair eile a bhogadh go dtí Leibhéal 3 ach nach gá go dtarlódh sin dá n-éireodh le daoine an galar a chur faoi chois arís.

Dr Ronan Glynn. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin níos túisce inniu go raibh “an-imní” ar an bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí faoi líon na gcásanna i gcathracha Chorcaí, Luimnigh, Phort Láirge agus na Gaillimhe.

D’fhéadfadh, a dúirt an Taoiseach, go dtabharfaí isteach srianta logánta sna cathracha sin mar atá déanta i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall. Dúirt an Taoiseach gur thug an Dr Ronan Glynn le fios dó go raibh líon na gcásanna i gCorcaigh “ag ardú mar a bheadh líne dhíreach ann”.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Lárionad Faireachais ar Chosaint Sláinte, ráta 148.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae atá i nDún na nGall faoi láthair. Ráta 144.5 atá i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid inniu nach raibh an córas tástála agus cuardach teagmhálaithe i nDún na nGall in ann déileáil le líon na gcásanna a gcaithfí dul i ngleic láithreach leo.

D’iarr an Dr Ronan Glynn ar dhaoine gach áit “ach i nDún na nGall agus Baile Átha Cliath go háirithe” aird ar leith a thabhairt ar an gcomhairle sláinte phoiblí.

“Iarraim ar gach duine a bheith freagrach tú féin as rogha a dhéanamh faoi na daoine ar gá duit bualadh leo, as teorainn a chur le do ghréasán sóisialta agus as líon na dteagmhálaithe sóisialta a bhíonn agat a laghdú sna laethanta agus sna seachtainí seo romhainn.

“Tá gach seans ann go mbeidh ceantair eile ag bogadh go dtí Leibhéal 3 ach ní gá go dtarlódh sé. Chonaiceamar cheana conas mar a d’éirigh linn agus sinn ag obair le chéile an taoide a chasadh i gcoinne an víris seo agus arduithe ar líon na gcásanna a chur faoi smacht arís.

“Bíodh a fhios agat go bhfuil an-tábhacht leis an méid a dhéanann tú féin. Táimid ag brath ar do chuidse roghanna agus gníomhartha chun go n-éireodh linn,” arsa an Dr Glynn.

Tá sé deimhnithe gur bhain 33% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 49 cás. Bhí 69% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

Bhí os cionn 100 duine a bhí buailte ag an ngalar sna hospidéil ó dheas aréir den chéad uair ó thús mhí an Mheithimh.

Micheál Martin

102 cás don ghalar Covid-19 a bhí deimhnithe sna hospidéil oíche Déardaoin. Bhí 16 de na hothair sin sna haonaid dianchúraim agus naonúr acu curtha ar aerálaithe.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna gur deimhníodh 273 cás nua den Covid-19 le lá anuas, an líon is mó cásanna ó thuaidh den teorainn in aon lá amháin faoin gcóras tástála atá anois ann.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu, ach fágann an t-ardú is déanaí go bhfuil os cionn 10,000 cás den ghalar deimhnithe anois ó thuaidh den teorainn.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu gur labhair sé le Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Arlene Foster  agus Michelle O’Neill, chun tathant orthu na beartais sláinte phoiblí chéanna a chur i bhfeidhm ó thuaidh oiread agus is féidir.

Bhí cruinniú inniu ag an Dr Glynn le Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt, an Dr Michael McBride, agus chuir siad ráiteas amach ina dhiaidh ag impí ar dhaoine gan a bheith ag taisteal idir Dún na nGall agus na sé chontae ach amháin sa chás go mbeadh a leithéid riachtanach.

Baineann 350 de na cásanna le seachtain anuas le Béal Feirste, bhí 242 cás i nDoire agus An Srath Bán agus 160 cás a bhí i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.

Tá 46 othar atá buailte ag an ngalar in ospidéil an Tuaiscirt agus tá cúigear acusan in aonad dianchúraim.

44,538 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 34,315 cás ó dheas den teorainn agus 10,223 cás ó thuaidh di.

2,374 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,797 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.

Deir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) go bhfuil líon na mbásanna i bhfad níos airde ná sin.

De réir an eolais is déanaí ó NISRA, bhí 896 duine básaithe de bharr an Covid-19 ó thuaidh faoi Dé hAoine seo caite, an 18 Meán Fómhair, 321 bás níos mó ná mar a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Fág freagra ar '326 cás nua den Covid-19 fógartha, rabhadh tugtha faoi bhreis srianta i gceithre chathair'