300 acht fós gan leagan Gaeilge agus cás cúirte tosaithe in aghaidh an Stáit

Glacadh le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an Stáit san Ard-Chúirt inné toisc gan leagan Gaeilge d’achtanna a bheith ar fáil

300 acht fós gan leagan Gaeilge agus cás cúirte tosaithe in aghaidh an Stáit

D’éirigh le hiarratas dlíodóra ar athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an Stáit san Ard-Chúirt inné, de bharr nach mbíonn leagan Gaeilge d’achtanna ar fáil dó.

Tá cás á thabhairt in aghaidh an Stáit ag an dlíodóir Pól Ó Murchú toisc nach gcuirtear leaganacha Gaeilge ar fáil d’achtanna nua in am cuí, easnamh a chuireann srianta air agus an dlí á chleachtadh i nGaeilge aige, dar leis.

Ag labhairt dó le Tuaisic.ie, dúirt Ó Murchú, dlíodóir teaghlaigh as Baile Átha Cliath, go bhfuil athbhreithniú breithiúnach á lorg aige in aghaidh an Stáit mar “nach féidir leis a chuid oibre a dhéanamh i gceart” cheal achtanna i nGaeilge a bheith ar fáil.

Deir Ó Murchú go mbíonn bac air imeachtaí cúirte a thionscnamh i nGaeilge toisc nach bhfuil “go leor leor achtanna tábhachtacha” de chuid an Oireachtais, cuid acu atá sínithe ag an Uachtarán ó 1979, ar fáil i nGaeilge fós.

“Tá mé ag rá go bhfuil dualgas ar an Stát achtanna a chur ar fáil i nGaeilge le go mbeinn in ann comhairle cheart a chur ar mo chliaint,” arsa Ó Murchú.

Seo an dara huair ag Ó Murchú cás cúirte a thógáil faoi cheist aistriúcháin na reachtaíochta. 

Sa chéad chás a thóg sé, rialaigh an Chúirt Uachtarach in 2010 nach raibh freagracht bhunreachtúil ar an Stát achtanna agus rialacháin chúirte a chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ‘ag an am céanna’ ach aithníodh gur ghá achtanna a fhoilsiú i nGaeilge ‘a luaithe is gur féidir’, mar atá scríofa sa Bhunreacht.

In alt a foilsíodh in The Times UK ag an deireadh seachtaine, dúirt dlíodóir Uí Mhurchú, Colm Mac Aodháin, go bhfuil ag teip ar an Stát cloí le rialú na Cúirte Uachtaraí.

“Bíonn srianta orainn i ngach rud a dhéanann muid mar nach mbíonn leaganacha Gaeilge na n-achtanna ar fáil,” a dúirt Mac Aodháin.

Dúirt sé go bhfuil “ar a laghad 300 acht nár aistríodh go fóill”.

“Bhíodar in ann aistriúcháin a dhéanamh agus iad ag brath ar chlóscríobháin, mar sin cén fáth nach féidir leo é a dhéanamh anois leis an teicneolaíocht atá ar fáil. Ní thuigim é. Tá siad i bhfad i bhfad ar chúl,”  a dúirt sé.

Thug Mac Aodháin le fios go raibh caingean chun dearbhaithe á tabhairt ag Ó Murchú go gcaithfear achtanna a chur ar fáil i nGaeilge ‘in am réasúnta’.

I measc na n-achtanna tábhachtacha atá fós gan leagan Gaeilge, a deir Mac Aodháin, tá The Courts Act 2017, Children and Family Relationships Act 2015 agus an tAcht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015.

Dúirt urlabhraí de chuid an rialtais gur próiseas “casta” atá san aistriúchán reachtach “a bhfuil scil ag baint leis” agus nach raibh ach 23 fostaí ag obair i rannóg an aistriúcháin, rud is cúis leis an mhoill.

In 2011 áfach, rialaigh an Breitheamh Hardiman sa Chúirt Uachtarach, i gcás Ó Beoláin v. Fahy, nár cheart go mbeadh an Stát ag moilleadóireacht i dtaca le hachtanna a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt sé go gcaithfeadh “an Stát féin a dhualgais a chomhlíonadh go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht” agus nach bhféadfadh an Stát a bheith ag “gearán gur de bharr nár chomhlíon sé a dhualgais le scór bliain anuas atá deacracht níos mó aige na dualgais sin a chomhlíonadh anois”.

Beidh cás Uí Mhurchú ar ais os comhair na hArd-Cúirte arís ar an 30 Iúil chun imeachtaí a thionscnamh.

Fág freagra ar '300 acht fós gan leagan Gaeilge agus cás cúirte tosaithe in aghaidh an Stáit'