28 leanbh réamhaibí aistrithe ó ospidéal al-Shifa Gaza go dtí an Éigipt, 12 duine maraithe in ionsaí ar ospidéal eile

Deir aireacht sláinte Gaza, atá á rialú ag Hamas, go bhfuil ar a laghad 13,000 duine básaithe de bharr na troda ansin agus gur páistí ar a laghad 5,500 díobhsan

28 leanbh réamhaibí aistrithe ó ospidéal al-Shifa Gaza go dtí an Éigipt, 12 duine maraithe in ionsaí ar ospidéal eile

Maraíodh dháréag agus gortaíodh na scórtha eile in ionsaí aeir a rinne Iosrael ar Ospidéal na hIndinéisise in Gaza, a deir aireacht sláinte an stráice.

De réir tuairiscí ón aireacht sláinte agus fostaithe Ospidéal na hIndinéisise, is fad a bhíothas ag géarú ar an gcoimhlint timpeall ar an ospidéal a rinne Iosrael ionsaí air.

De réir na dtuairiscí buaileadh Ospidéal na hIndinéisise ag timpeall 2.30 am, tráth a raibh tancanna Iosrael ag déanamh ar an áit.

Tá 28 leanbh réamhaibí a aistríodh amach as ospidéal faoi léigear al-Shifa i gCathair Gaza tugtha thar an teorainn go dtí an Éigipt.

Tuairiscítear go dtabharfar na leanaí go dtí aerfort san Éigipt agus go dtabharfar as sin iad go dtí ospidéil.

Bhí na páistí ina n-othair in ospidéal al-Shifa i gcathair Gaza, an t-ospidéal is mó sa stráice.

Tá an t-ospidéal i seilbh thrúpaí Iosrael ón tseachtain seo caite.

Tá na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh cead fiosrúchán a dhéanamh in Gaza faoi mhaíomh Iosrael go bhfuil an t-ospidéal is mó sa stráice ina príomh-bhunáit ag Hamas agus go bhfuil airm i bhfolach acu ansin.

Deir aireacht sláinte Gaza, atá á rialú ag Hamas, go bhfuil ar a laghad 13,000 duine básaithe de bharr na troda ansin agus gur páistí ar a laghad 5,500 díobhsan.

Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres go raibh sé soiléir gur maraíodh na mílte leanbh ó thosaigh bombardú Gaza roinnt seachtainí ó shin.

“Is é seo atá tábhachtach,” a dúirt sé. “Táimid inár bhfinnéithe ar mharú sibhialtach ar bhealach nach bhfacthas a leithéid in aon choimhlint eile a bhí ann ó ceapadh i m’ard-rúnaí mé [an 1 Eanáir 2017].”

Thosaigh an choimhlint is déanaí nuair a thug trodairí Hamas agus grúpaí míleata eile ruathar ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus mharaigh thart ar 1,200 duine. D’fhuadaigh na grúpaí sin os cionn 200 duine.

Deir údaráis Chatar, atá ag iarraidh teacht ar comhréiteach idir an dá thaobh faoi chás na ngiall nach bhfuil ach constaicí “an-bheag” fágtha le sárú sna cainteanna.

Fág freagra ar '28 leanbh réamhaibí aistrithe ó ospidéal al-Shifa Gaza go dtí an Éigipt, 12 duine maraithe in ionsaí ar ospidéal eile'