Daonlathas a bhíonn ann ag lucht an Aontais Eorpaigh nuair a bhíonn an bua acu…

Is cosúil gur daonlathas a bhíonn ann ag an Aontas Eorpach nuair a bhuann siad, ach nach daonlathas é nuair a bhuann daoine nach n-aontaíonn ar fad leo

Daonlathas a bhíonn ann ag lucht an Aontais Eorpaigh nuair a bhíonn an bua acu…

Nach ait gur tugadh namhaid an daonlathais ar Donald Trump nuair a dhiúltaigh sé glacadh le toradh an toghcháin uachtaránachta sna Stáit Aontaithe in 2020, agus gur thug an tAontas Eorpach ráiteas tacaíochta d’uachtarán na Seoirsia, Salomé Zourabichvili, nuair a dhiúltaigh sise glacadh le toradh thoghchán na tíre sin is í ag gríosú daoine chun agóide is círéibe ar na sráideanna?

Is cosúil gur daonlathas a bhíonn ann ag an Aontas Eorpach nuair a bhuann siad, ach nach daonlathas é nuair a bhuann daoine nach n-aontaíonn ar fad leo.

Sa toghchán féin, bhain an Aisling Sheoirsiach an chéad áit amach le 54% den vóta; sa darna háit le 11% bhí an Chomhghuaillíocht ar son Athchóirithe agus bhí trí pháirtí an fhreasúra eile taobh thiar díobhsan, ceithre pháirtí atá ar son an Aontais Eorpaigh agus in aghaidh na Rúise. San iomlán bhí 38% den vóta ag na páirtithe frith-Rúiseacha seo.

Is páirtí é an Aisling Sheoirsiach atá ag iarraidh dul isteach san Aontas Eorpach ach atá ag iarraidh fanacht cairdiúil leis an Rúis is atá ag diúltú páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht in aghaidh na tíre sin.

Mhínigh mé cúlra na ndifríochtaí sa tSeoirsia in alt a scríobh mé i dTuairisc.ie i mí an Mheithimh.

Ach níl aon amhras ar Mhicheál Martin faoi. D’aontaigh sé le ráiteas ón AE a deir gur caimiléireacht a bhí taobh thiar de bhua a bhí ag Aisling Sheoirsiach. Cén fhianaise atá ann don bhreithiúnas seo?

Bhuel, seo mar a mhínigh an tUachtarán Zourabichvili an scéal, agus í ag labhairt ar theilifís na Seoirsia:

“Is cuma nach bhfuil fianaise againn… Ní raibh aon tír in ann é sin a léiriú, fiú na Stáit Aontaithe nuair a chuir an Rúis isteach ar a dtoghcháin … Mar sin, ní bheimid in ann [an chaimiléireacht] a léiriú. Ach ní hé sin an rud is tábhachtaí … ach an méid atá ar eolas ag pobal na Seoirsia, a mhothaíonn siad agus a fheiceann siad.”

Fianaise lag, ceapaim.

Agus cé hí Zourabichvili? Taidhleoir sinsearach sa Fhrainc ab ea í, a rugadh agus a tógadh sa tír sin, cé gur Seoirsiach a sinsir. Bhí seanathair a máthar ina cheann ar sheirbhís rúnda na Seoirsia sular tháinig na cumannaigh i gcumhacht sa tír in 2021 agus theith a muintir as an tír.

Ceapadh í mar ambasadóir na Fraince chun na Seoirsia in 2003, ach ansin, le comhaontú rialtas na Fraince, thóg sí amach déshaoránacht na Fraince agus na Seoirsia. Cheadaigh sé sin di a bheith ceaptha, in 2004, mar aire gnóthaí eachtracha na Seoirsia i rialtas a bhí faoi cheannas Mikheil Saakashvili, a spreag cogadh tubaisteach leis an Rúis in 2008, agus atá i bpríosún anois ó fuarthas ciontach é i ndúnmharú polaiteora de chuid an fhreasúra.

Níos aite fós, ámh, ná gur íoc an Fhrainc tuarastal Zourabichvili mar thaidhleoir agus í ina haire gnóthaí eachtracha sa tSeoirsia!

Cé gur thacaigh Zourabichvili le Saakashvili ar dtús chonaic sí an bealach a raibh an ghaoth ag séideadh agus chomhoibrigh sí nuair a cuireadh as oifig é in 2009.

In 2018, thréig sí a saoránacht Fhrancach chun ligean di seasamh i dtoghchán na huachtaránachta, íorónta go leor le tacaíocht an pháirtí rialtais reatha atá á cháineadh aici anois, Aisling Sheoirsiach.

De réir mar a tháinig sé chun solais go raibh Aisling Sheoirsiach ag iarraidh ballraíocht san Aontas Eorpach ó thaobh comhar trádála agus eacnamaíochta amháin agus go raibh siad ag iarraidh caidreamh cairdiúil a choinneáil leis an Rúis, d’éirigh níos mó conspóidí idir í agus an rialtas.

Más ag iarraidh réabhlóid dhaite eile a chothú atá sí, ar ndóigh ní haon strainséir í ó thaobh éachtaí míleata mar thaidhleoir Francach, tar éis di a bheith ina Dara Comhairleoir in ambasáid na Fraince i Sead nuair a chuir an Fhrainc tús leis an coup a thug Idriss Déby i gcumhacht ansin i 1990.

Cé gur thréig sí a saoránacht Fhrancach, tá sí fós i ndlúth-theagmháil le fórsaí slándála na Fraince agus lena gciorcail taidhleoireachta.

N’fheadar an bhfuil a fhios ag Micheál Martin i ndáiríre cé leis a bhfuil sé ag tacú.

Tá lámh na Fraince le feiceáil go soiléir sa gconspóid bhréagach seo, ach ceist thábhachtach dúinne: an aontaíonn muid gur gníomh daonlathach é nuair a vótálann daoine ar aon tuairim leis an AE is gur gníomh mídhaonlathach é nuair a dhéanann siad a mhalairt?

An é nach bhfuil cead ag daoine gan a bheith ar son an AE ná NATO?

Fág freagra ar 'Daonlathas a bhíonn ann ag lucht an Aontais Eorpaigh nuair a bhíonn an bua acu…'

  • Indrek Ois

    Is léir gur bhain fadhbanna tromchúiseacha leis na toghcháin sa tSeoirsia. Ar an gcéad dul síos, ní raibh siad ‘cóir’, mar gheall air go raibh buntáiste mór ag páirtí an rialtais, an Aisling Sheoirseach, agus iad i mbun feachtais, mar gur leis an olagarc Ivanishvili, ar príomhchisteoir an pháirtí é, na príomh-mheáin náisiúnta. Anuas air sin, bhain mírialtacht shuntasach leis an vótáil féin, mar gur chaith daoine áirithe vóta níos mó aon uair amháin, gur sháigh daoine eile lear mór ballóidí isteach sa mbosca, gur bhagair lucht tacaíochta an rialtais na vótóirí agus na hiriseoirí, srl. Rud eile de, bhí difríocht 10% idir torthaí na pobalbreithe a reáchtáladh díreach tar éis na vótála agus na torthaí a foilsíodh faoi dheireadh. Seans go raibh caimiléaracht ann, mar sin. Sin é an fáth go bhfuil neart tíortha ag caitheamh amhrais ar bhua pháirtí an rialtais agus ag iarraidh go ndéanfaí gach ar tharla a iniúchadh go neamhspleách. Beidh le feiceáil cén tuairim a bheas ag monatóirí de chuid OECD. Más amhlaidh gur briseadh an dlí, ba cheart olltoghcháin eile a eagrú. Sin é an rud atá i gceist ag an AE, agus Micheál Martin freisin, déarfainn. Ní bheadh údar an ailt ina choinne sin, an mbeadh?

  • Noel

    Fiú nuair a vótáil nach mór 99% de phobal oirthear na hÚcráine ar son aontú leis an Rúis níor ghlac an tIarthar leis an toradh.