Cuirfear tús tráthnóna le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh agus imeachtaí ceoil agus cainte le reáchtáil thar dhá lá.
Inniu agus amárach, 27-28 Iúil, a bheidh an scoil samhraidh ar siúl in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara.
Beidh deis tráthnóna ag an bpobal turas treoraithe a thabhairt ar Theach an Phiarsaigh agus ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh idir 2-5in.
Ina dhiaidh sin ag 4.25in tabharfaidh Dónall Ó Braonáin caint faoin áit atá ag an dúlra i scríbhneoireacht an Phiarsaigh. Cloisfear míreanna ansin ón aisteoir Diarmaid de Faoite agus ó ghasúir Chomhaltas Ceoltóirí Charna.
Beidh siamsaíocht le ceoltóirí agus damhsóirí ó Iorras Aithneach ansin ó 5.45in.
Maidin amárach ag 10.30rn déanfaidh Seosamh Mac Donnacha píosa cainte faoin nGaeltacht agus é ag breathnú siar agus chun cinn. Tá saineolas ag Seosamh ar staid na Gaeilge faoi láthair agus taighde go leor déanta aige ar an scéal.
‘An bhfuil an Ghaeilge ag fáil níos laige?’ an t-ábhar a bheas á phlé ag dream a bhfuil eolas agus tuiscint go leor acu ar chúrsa na teanga agus iad faoi chathaoirleacht Emer Ní Chonaola ó Nuacht TG4. is iad a bheidh ar an bpainéal – Seán Ó Cuirreáin, iarChoimisinéir Teanga, Caitlín Ní Chualáin, RnaG, Máire Denvir, Coláiste Samhraidh Chamuis, Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí pobail agus Máirín Ní Choisdealbha Seoige, Oifigeach Forbartha.
Caitheamh aimsire agus pastimes a bheas á bplé tar éis lóin nuair a inseos Máirtín Davy Ó Contealbha don chomhluadar faoin gcineál oibre a bhíonn ar siúl ag Pastime Chonamara. Inseoidh Máirtín Breathnach faoi Sheid na bhFear ar an gCeathrú Rua agus inseoidh Pádraig Ó Fiannachta faoi Chumann Beachairí Chonamara.
Leithscéal breá le cuairt a thabhairt ar Ionad Cuimhneacháin An Phiarsaigh, lorg chosa an Phiarsaigh a shiúl, agus braon tae a ól sa gcaifé gleoite.
Fág freagra ar 'Tús á chur le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc'