23 post nua i nGaeltacht Dhún na nGall

Rachaidh Baile na Finne Plaisteach Teo i mbun gnó i nGaeltacht Láir Dhún na nGall i mí na Samhna

Tá 23 post nua le cruthú sa chomhlacht Baile na Finne Plaisteach Teoranta atá lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall. D’fhógair Údarás na Gaeltachta na poist inniu agus thug le fios go bhfuiltear ag súil go bhfostófar 12 roimh dheireadh na bliana seo.

Beidh an comhlacht lonnaithe in Eastát Tionsclaíochta an Údaráis i mBaile na Finne agus beidh siad ag dul i mbun gnó i rith mhí na Samhna.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh lúcháir ar an eagraíocht a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht agus go mbeidh na poist thar a bheith tábhachtach do cheantar na Gaeltachta Láir.

Beidh Baile na Finne Plaisteach Teo ag déanamh plátaí agus babhlaí plaisteacha d’earnáil an bhia ghasta.

Fág freagra ar '23 post nua i nGaeltacht Dhún na nGall'