23 cás nua de Covid-19 deimhnithe agus imní faoi bhraislí cásanna agus cúrsaí taistil

Tá seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. 2,297 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime

23 cás nua de Covid-19 deimhnithe agus imní faoi bhraislí cásanna agus cúrsaí taistil

Tá seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 23 cás nua a deimhníodh agus bhain 15 cás acusan le cúrsaí taistil.

Daoine faoi bhun 25 bliain d’aois a bhí i gceist le 17 de na cásanna nua agus daoine faoi bhun 45 bliain d’aois a bhí i gceist leis na cásanna nua go léir.

Bhain naoi gcinn de na cásanna nua le braisle amháin cásanna a raibh baint aige le cúrsaí taistil agus le grúpa daoine a bheith ag cruinniú le chéile.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, Ronan Glynn, go raibh fianaise mhaith ann go raibh braislí cásanna ag teacht chun cinn de bharr daoine a bheith ag cruinniú le chéile i ngrúpaí móra.

D’impigh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ar dhaoine arís tráthnóna gan dul thar lear murar taisteal riachtanach é.

“Ní hé seo an t-am a bheith ag dul ar saoire thar lear,” a dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna.

Meastar go bhfuil ráta atáirgthe an Covid-19 anois ag 1 nó beagáinín os a chionn, a dúirt cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte.

Dúirt an tOllamh Nolan gur údar a bhí san ardú ar an ráta atáirgthe a bheith “cáiréiseach” ach nárbh údar mór imní go fóill é.

Dúirt sé go raibh ardú beag ar líon na gcásanna nua agus go raibh an galar anois ar cheathrar in aghaidh gach 1,000 duine, i gcomparáid le triúr an tseachtain seo caite.

Mar sin féin, bhí cúrsaí “seasmhach” go maith ar an mórgóir, a dúirt sé.

2,297 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,743 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di.

31,333 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,565 cás ó dheas den teorainn agus 5,768 cás ó thuaidh di.

D’fhógair NPHET go raibh baint le hionad cúraim ag 1,115 den 1,743 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 983  de na cásanna sin, nó 57% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

Idir an dá linn, tá ráite ag toscaire speisialta Covid-19 na hEagraíochta Domhanda Sláinte nach dóigh leis an WHO go scaiptear an víreas go forleathan san aer.

Dúirt an Dr David Nabarro go gcreideann an WHO gur braoiníní a thagann as scamhóga agus scornach duine a bhfuil an galar tolgtha aige is siocair le formhór mór na gcásanna Covid-19 agus go bhfuil cosaint ar fáil ag duine ach fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus cloí le treoracha sláinteachais.

Agus é ag caint ar chlár raidió RTE News at One, dúirt an Dr Nabarro go raibh “intinn oscailte” ag an WHO faoin scéal agus faoi cibé an bhféadfaí an galar a scaipeadh chomh maith trí cháithníní a bheadh ar iompar san aer.

Ó foilsíodh alt faoi ghalair thógálacha san iris Clinical Infectious Diseases le déanaí inar mhol 237 saineolaithe eolaíochta, innealtóireachta agus leighis go n-admhódh lucht leighis agus sláinte phoiblí go bhféadfadh an coróinvíreas scaipeadh ar an aer in aerasóil nó cáithníní beaga bídeacha a thagann as béal duine. Bheadh impleachtaí troma aige sin do dhaoine a bheadh laistigh in aon seomra lena chéile agus an cineál aerála a bheadh ansin.

Dúirt san Dr Nabarro nach raibh aon taighde cinnte ann fós a chruthaíonn go bhfuil an scaipeadh san aer an-tábhachtach. Dúirt Nabarro go raibh an ceart ag foirne teicniúla an WHO a bheith “fíorchúramach” agus comhairle á tabhairt acu agus go gcaithfeadh a gcuid comhairle “a bheith chomh maith agus a d’fhéadfadh sí a bheith” ach go mbeidís sásta an treoir a leasú dá dtiocfadh “fianaise”  nua chun cinn.

D’admhaigh an Dr Nabarro go raibh roinnt ráigeanna den Covid-19 a bhí deacair a mhíniú – cór i Meiriceá mar shampla a chloígh leis an scaradh sóisialta dhá mhéadar ach a tholg an galar.

Dúirt an toscaire speisialta má chruthaítear go bhfuil aeriompar an víris an-suntasach i scaipeadh an ghalair, go gcaithfí níos mó airde a dhíriú ar rudaí amhail aeráil laistigh i seomraí agus in oifigí agus mascanna a chaitheamh níos coitianta.

Fág freagra ar '23 cás nua de Covid-19 deimhnithe agus imní faoi bhraislí cásanna agus cúrsaí taistil'