‘Tá fód móna i bhfad níos luachmhaire sa talamh ná mar atá sé ar an tine

Dá fheabhas agus dá mhaoithneach é an sleán tá sé in am é a leagadh uainn an teachtaireacht a bhí ag clár nua Mhancháin Magan dúinn  

‘Tá fód móna i bhfad níos luachmhaire sa talamh ná mar atá sé ar an tine

“Tá fód móna i bhfad níos luachmhaire sa talamh ná mar atá sé ar an tine,” a deir an Dr. Dáire Ó hUallacháin linn go háititheach, eolgaiseach sa chéad chlár den tsraith An Fód Deireanach (TG4, Déardaoin). Tá Manchán Magan ar “oilithreacht eolais” (ná bíonn i gcónaí?) sa saothar seo a dhíreoidh ar phortaigh na hÉireann. Insíodh dúinn go bhfuil na gnáthóga tábhachtacha, uathúla seo tuairim is 10,000 bliain d’aois agus go gclúdaíonn siad an séú cuid de thalamh na hÉireann. Tá uair na cinniúna buailte linn agus cinneadh le déanamh an bhfuiltear chun leanúint ag baint sochair as na portaigh nó an bhfuiltear chun tabhairt faoina gcaomhnú le dúthracht. Is anois a thuigimid i gceart gur uirlis thábhachtach iad na linnte carbóin seo sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Tráth dá raibh ba iad Bord na Móna, a bhfuil 80,000 heicteáir faoin chúram, is mó a bhí ag baint. Agus an comhlacht in ard a réime sna seachtóidí bhí tuairim is 7,500 duine ag obair don chomhlacht, agus ní baint le sleán a bhí i gceist ach meaisíní de gach saghas acu. Thug Dearbháil Ní Chualáin le fios dúinn go bhfuil athrú ó bhonn déanta acu ó shin agus iad le staonadh go hiomlán ón mbaint. Tá uchtach ag baint lena n-iarrachtaí na portaigh a athfhliuchadh agus daoine a mhealladh chun fóillíochta i measc na muilte gaoithe.  

Ag an am céanna, áfach, tá na portaigh agus baint na móna de dhlúth agus dinneach i muintir na tuaithe. Ní fhéadfá gan a bheith tógtha le Micheál Ó Máille agus a gharmhac Peadar agus iad ag baint le sleán. É mórálach as an obair agus an táirge. Macalla maoithneach ó ré eile, geall leis. Cuimhním féin ar laethanta bainte móna in Iarthar Duibhneach; ag baint le sleán, ag cnuchairt, ag stualáil agus ag tógaint cruaiche. Tá an chuimhne chéanna ag Luke ‘Ming’ Flanagan, duine de cheannairí Chumann Lucht Bainte Móna. Áitíonn sé féin, agus a chomhghleacaí an Teachta Dála Michael Fitzmaurice go bhfuil toise eacnamaíoch le baint na móna agus gur tábhachtaí spreagthaí agus roghanna inacmhainne seachas seanmóireacht. 

Deinim amach nach mbeadh aon chol acu le caint Uí Uallacháin agus é ag trácht ar an athrú meoin atá ag teastáil ó thaobh na bportach. Léiríonn an margadh, agus an tsochaí dá réir, go bhfuil luach le bainne, feoil agus barraí. Má táthar le bheith dáiríre faoi chaomhnú na bportach caithfear a léiriú go heacnamaíoch go bhfuil luach leo; sé sin spreagthaí, oiliúint agus cabhair a thabhairt d’úinéirí na bportach iad a chaomhnú mar is ceart. Clár taitneamhach agus lán eolais inar labhair formhór na n-aíonna as Gaeilge. Dá fheabhas agus dá mhaoithneach é an sleán tá sé in am é a leagadh uainn.  

Fág freagra ar '‘Tá fód móna i bhfad níos luachmhaire sa talamh ná mar atá sé ar an tine'

  • Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin

    Athġuthú na GA🇮🇪 NÓ aistriúchán scríofa aisti óna codanna feasta a ḃíonns daoine dá gcur in iúl as teangacha nach í (ar nós ‘Journal 20h’ / ‘ARTE’ na Fraince agus iad i mbun cainte leosan nach bhfuil Fraincis acu). Sraith an-suimiúil murach é.

  • Kevin

    De réir mo bharúlsa, tá TG4 i bhfad níos fear ná RTÉ! Ní dhéanann RTE aon rud iad féin a a thuilleadh, ach ceannaíonn siad cláranna ón USA. Tá siad chomh leisciúl sinn😖

  • Eoghan Ó Néill

    Clár an-mhaith déanta ag Manchan in a labhraíonn sé agus éisteann sé le daoine bainteach leis na portaigh. Thiar sna 1970 dí ba é an tuairim ginerálta gur gealta a bhì sna daoine a léirigh imní i dtaobh a bhí ag tarlú don timpealacht ach anois i ndiaidh 50 bliana is mionlach ( glórmhar) atá dall ar an gá le hathrú ar ár modh maireachtála chun an farasbárr CO2, metain, N2O etc. a bhaint as an aer.

  • An Teanga Bheo

    Fód móna ar an tine is fearr liomsa