Iad siúd ba lú a raibh ceapadh dóibh ba mhinice ab fhearr a rinne ar pháirceanna spóirt na cruinne sa mbliain atá anois ar a dé deiridh. Leicester City a raibh 5000/1 le fáil orthu sa siopa geallghlacadóireachta an tseachtain ar thosaigh an Premiership agus 1/5 an tseachtain ar tháinig sé chun deiridh. Foireann rugbaí Chonnacht a bhuaigh an Pro 12, comórtas ar ghaire dá bhun ná dá bharr iad le scór blianta roimhe sin. Danny Willet a thug leis Comórtas Gailf na Máistrí in Augusta agus ní bheadh sé ann beag ná mór murach gur thug a bhean chéile an chéad pháiste a saolaíodh dóibh ar an saol cúpla lá roimh an am.
Cuir leis sin gaisce na Chicago Cubs a bhuaigh an World Series, bua na Portaingéile i gCraobh Sacair na hEorpa, mar aon le peileadóirí Thiobraid Árann a chuaigh chomh fada le Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann agus is léir duit an chúis go mba iad siúd ba lú trácht orthu ba mhinice i mbéal an phobail i mbliain spóirt 2016.
Ola ar a gcroíthe siúd arb é an rud is lú a mbíonn coinne leis is ansa leo, mé féin ar dhuine acu.
Ach má bhí cumhracht aoibhinn in aer an spóirt sách minic i rith na bliana seo caite, bhí an boladh géar é féin ann níos minice ná ba cheart dó a bheith.
Tá mí-ionracas na ndrugaí ró-fhairsing i gcónaí, faraor, go fiú agus gur údar misnigh dúinn go bhfuil siad siúd a chuireann an dlí i bhfeidhm ag teacht suas leis na caimiléirí. Cé go ndeir an seanfhocal gur fearr go deireanach ná go brách, cuimhnigh ar an mórtas pearsanta agus pobail a bhainfeadh leis an mbonn cré-umha a bheith á thabhairt do Rob Heffernan i Londain seachas a bheith á fháil i gCorcaigh ceithre bliana dár gcionn agus an scéal céanna i gcás Olive Loughnane agus bonn óir na hEorpa.
Ba náireach freisin cuid an chaoi ar thángthas ar chuid de na breithiúnais ag na Comórtais Dornálaíochta ag Cluichí Oilimpeacha Rio 2016 agus ba mheasa ná sin an ceann faoi a bhain le duine dár gcuid trodaithe féin a bheith á dhíbirt abhaile. Níor chuidigh cás Pat Hickey le cúrsaí ach an oiread, cé gur chóir a rá nach bhfuil sé ciontaithe as aon chion agus é seo á scríobh agam.
Ó tháinig ráithe dheireanach na bliana, tá scéalta faoi mhí-úsáid ghnéis ar bhuachaillí óga tar éis croitheadh a bhaint as cluiche an tsacair i Sasana. Tá an tríú bainisteoir ó thús na bliana i gceannas ar an bhfoireann náisiúnta ansiúd. Ní údar iontais rómhór ag aon duine é gur easpa cumais agus saint is cúis leis na hathruithe. Roy Hodgson briste as a phost siocair nach raibh na peileadóirí faoina chúram maith a ndóthain. A chomharba Sam Allardyce éirithe as tar éis 67 lá agus míchleachtas ó thaobh airgid curtha ina leith.
Céard a d’fhág fear a bhí ag saothrú £3 mhilliún in aghaidh na bliana ag cur lena ioncam trína bheith ag dul don uisce faoi thalamh? Faigh freagra na ceiste sin agus tuigfidh tú gurb iad na créatúir bhochta a íocann ag na geataí an t-aon dream a bhfuil aon dáimh acu leis an gcosmhuintir as ar fhás ‘cluiche na ndaoine’ i Sasana.
Ach níorbh é an duairceas agus an dorchadas amháin a bhain le himeachtaí spóirt 2016, cé gur trua gurbh éigean fanacht chomh fada sin gur tuigeadh i gceart do na bainisteoirí a bhí ar fhoireann sacair na hÉireann gur cheart Wes Hoolahan a roghnú chuile uair a dtéann siad chun páirce.
Agus iad i mbun rámhaíochta i Rio, sháraigh Paul agus Gary O’Donovan chuile dhream cé is moite de na Francaigh. Ar an talamh tirim, sháraigh siad a bhfuil ann agus rinne athmúscailt ar an dóchas a bheadh ag duine i spóirt a ndéanann leithéidí Sam Allardyce agus lucht na ndrugaí a ndícheall chun é a mhúchadh.
Ba iad foireann iomána faoi 21 Phort Láirge mo laochra spóirt fhéin in 2016. Ní as ucht a mbua sa gcraobh a deirim sin, ná fiú as an spleodar, an ghrástúlacht agus an chríochnúlacht a léirigh siad agus iad faoina bhun sin.
Ceoltóirí den scoth a chuir na hógánaigh seo i gcuimhne dom i chuile chluiche dár dimir siad. Níor athraigh a meon ná a gcur chuige, bíodh an cluiche idir dhá cheann na meá nó bídís go maith chun cinn, rud a tharla níos minice ná a mhalairt.
Cuma cé acu é, ní fada a thóg sé ar dhuine a thuiscint go mba dhaoine iad seo a bhí i mbun cúraim a raibh máistreacht acu air agus meas dá réir.
Is féidir a rá go rabhadar chomh maith agus an méid sin chun tosaigh ar a gcéilí comhraic nár ghá dóibh a bheith ag brath ar theaicticí, ach bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist.
Is í an iománaíocht an bealach atá ag na fir óga seo chun iad féin a chur i láthair agus faoi cheannas Austin Gleeson, níl aon dabht ach go ndearna siad sin go slachtmhar in 2016.
As a dtaispeántais siúd amháin, ba bhliain faoi leith í bliain spóirt 2016.
Fág freagra ar '2016 – an bhliain inar deineadh uachtaráin d’íochtaráin'