Chomh fada siar is atá siar ann bhí dúil mhíchuibheasach ag muintir na tíre seo sa pholaitíocht agus i gcúrsaí toghcháin. Bíonn atmaisféar fé leith ag leanúint na n-olltoghchán agus is mó eachtra siamsúil, drámatúil, cinniúnach, binbeach atá tarlaithe i gcaitheamh na mblianta. Is cinnte gur olltoghchán ar leith ba ea ceann na bliana 2011 agus sholáthair sé buille scoir iontach don tsraith ceithre chlár Vótáil (RTÉ1, Dé Luain).
Cé go bhfuil cruatan agus cráiteacht na géarchéime eacnamaíochta greanta i gcuimhne mhórán againn, tá an comhthéacs sleamhnaithe as cuimhne ábhairín. Is cinnte go bhfuil comhthéacs faoi leith ag gach toghchán ach is scéal casta, fairsing atá ag baint le holltoghchán na bliana sin. B’éigean do chlár an Luain riar maith ama a chur i leataobh le scéal na mblianta 2008 go 2011 a reic.
An bolgán ag pléascadh, barántas na mbanc, báite i bhfiacha, an cliseadh eacnamaíoch agus fóirithint an Troika. Dífhostaíocht, eisimirce agus olagón. Meabhraíodh dúinn go raibh lá ann go raibh fiachas €400 billiún ag an Stát; sin €100,000 do gach saoránach ag an am. Bhí an súiche sa phota agus an brachán millte.
Ní nach ionadh mar sin bhí drochmhianach ar an bpobal sa chéad olltoghchán eile agus fuair Fianna Fáil (a bhí i gcumhacht le ceithre bliana déag) agus na Glasaigh faoin eireaball é. Léiríodh dúinn go raibh Micheál Martin, a bhí díreach ceaptha ina cheannaire ar FF, ag snámh in aghaidh easa. Eamon Gilmore agus Enda Kenny ag imeacht sna cosa in airde. Gilmore ag rith le brothall is é ag fógairt “It’s Frankfurt’s way or Labour’s way.”
Bhí tógáil croí de shaghas ann dos na Gaeil nuair a d’éirigh le TG4 díospóireacht ceannairí a reáchtáil trí Ghaeilge. Martin, Kenny agus Gilmore i bpíobáin a chéile. An chéad uair riamh ar tharla a leithéid, agus faoi mar a cuireadh in iúl ar an Luan, an uair dheireanach is dócha.
Chaill Fianna Fáil 57 suíochán agus fágadh iad i dtaobh le fiche Teachta. Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh. Ní haon iontas gur fhógair John Bowman an uair úd gurbh é an t-olltoghchán an ceann is mó corraíl ó 1932, nó go deimhin 1918, i leith. Ba é sin an t-olltoghchán a sheol Luke ‘Ming’ Flanagan, Richard Boyd Barrett, Claire Daly, Gerry Adams agus Mick Wallace chun na Dála den chéad uair.
Cuireadh Leo Varadkar ag an mbord rialtais agus tugadh deis d’Enda Kenny, fear a measadh faoina chumas agus a raibh a bhinse tosaigh féin ag iarraidh fáil réidh leis, a bheith ina Thaoiseach. Is ait an mac an saol. Mheabhraigh an clár úd go bhfuil iarmhairtí an olltoghcháin sin fós á nochtadh féin. Is é a leag na máithreacha don chomhrialtas stairiúil idir FG agus FF agus a chuir dlús leis an mborradh faoi Shinn Féin.
Ba chlár slachtmhar, pointeáilte a bhí anseo a bhí á láithriú ag Cormac Ó hEadhra. De réir mo chomhairimh bhí triúr déag cloigne cainte againn agus iad ar fad ag labhairt as Gaeilge. Fonn a níos fiach. Bhí ionchur breá againn ó aíonna amhail Anna Heussaff, Máirín Ní Ghadhra, Beirní Ní Chuinn, Cathal Mac Coille, Aindrias Ó Cathasaigh agus Fachtna Ó Drisceoil. Cuntas breá ar olltoghchán a bhfuil a iarmhairtí fós le brath.
Fág freagra ar '2011 an t-olltoghchán ba chinniúnaí i stair an Stáit'