1,751 cás nua fógartha, 343 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

793 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna, an líon is lú a fógraíodh d’aon lá amháin ó mhí Iúil

1,751 cás nua fógartha, 343 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

Tá 1,751 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

343 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 360 inné, agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim, 51 a bhí ansin inné.

793 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna, an líon is lú a fógraíodh d’aon lá amháin ó mhí Iúil. Fógraíodh go raibh dhá dhuine dhéag eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,385 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

417 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt (418 a bhí i gceist inné) agus tá 46 díobhsan in aonad dianchúraim (46 inné freisin).

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,287,633 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,165,322 duine.

Fág freagra ar '1,751 cás nua fógartha, 343 othar buailte ag an víreas sna hospidéil'