17 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 73 cás nua deimhnithe

2,147 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,631 duine ó dheas den teorainn agus 516 ó thuaidh di

17 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 73 cás nua deimhnithe

Tá 17 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 73 cás nua den ghalar atá deimhnithe, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

2,147 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,631  duine ó dheas den teorainn agus 516 ó thuaidh di.

29,466 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,803 cás ó dheas den teorainn agus 4,663 cás ó thuaidh.

Faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, bhí 89.7% den 24,679 duine a raibh sé deimhnithe go raibh an galar tolgtha acu tagtha chucu féin.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a ndúirt an tAire Sláinte Simon Harris go raibh ráta scaipthe an ghalair seasmhach ag idir 0.4 agus 0.5.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1025 den 1,631 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 897 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Maidir leis an bplé atá ar siúl faoi cé acu méadar nó dhá mhéadar ba chóir do dhaoine fanacht óna chéile, dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, gurb í an chomhairle i gcónaí ná fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile.

Dúirt sé nach riail dhocht a bhí ann ach “breithiúnas réasúnta” bunaithe ar an bhfianaise agus thug sé le fios go ndéantar athbhreithniú an t-am go léir ar an gcomhairle faoin scoitheadh sóisialta i gcónaí. Ní raibh faoi NPHET dul i mbun “idirbheartaíochta” faoin gcomhairle maidir leis an scoitheadh sóisialta.

Thug an Dr Holohan le fios d’airí rialtais níos túisce inniu nach raibh aon athrú tagtha ar an gcomhairle.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Fág freagra ar '17 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 73 cás nua deimhnithe'