15 bliain níos déanaí agus tá an Roinn Oideachais fós ag ‘céim an taighde’ d’athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge

Cé gur ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge, is cosúil gur beag dul chun cinn atá déanta ó shin

15 bliain níos déanaí agus tá an Roinn Oideachais fós ag ‘céim an taighde’ d’athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge

15 bliain i ndiaidh don Roinn Oideachais a thabhairt le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scoile, tá an t-athbhreithniú fós ag “céim an taighde”.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton go raibh a roinn i mbun athbhreithnithe faoi láthair ar cheist na díolúine Gaeilge.

“Tá céim an taighde [den athbhreithniú] fós ar siúl agus is é sin a bheidh mar bhunchloch le bearta polasaí amach anseo,” a dúirt an tAire Bruton.

Bhí an tAire ag freagairt ceist Dála ón Teachta Dála Róisín Shorthall a d’fhiafraigh de an mbeadh sé sásta a mhachnamh a dhéanamh ar dhíolúine ón nGaeilge a thabhairt do dhaltaí a bhfuil diospraicse, deacracht a bhaineann le comhordú coirp, ag dul dóibh.

Dúirt an tAire nach bhfuil an diospraicse i measc na ndeacrachtaí foghlama a gceadaítear díolúine ón nGaeilge ina leith “faoi láthair”.

Cé gur ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge, is cosúil gur beag dul chun cinn atá déanta ó shin.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2014 ar aon taifid a bhain leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisí ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Tá líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge don Ardteist de bharr deacrachtaí foghlama ina ábhar conspóide le fada agus conspóid go háirithe faoi líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ar an mbonn sin ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile.

Mhéadaigh líon na ndaltaí meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó 20,000 in 2004 go dtí 32,000 in 2014, de réir taighde de chuid an ESRI agus de réir an taighde chéanna  measann daltaí meánscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar ‘is deacra’ acu.

Rinne 41% de dhaltaí Ardteiste na bliana seo a raibh díolúine ón scrúdú Gaeilge acu de bharr deacrachtaí foghlama scrúdú i dteanga Eorpach eile.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais bhí díolúine ó scrúdú Ardteistiméireachta na Gaeilge in 2017 ag 5,954 dalta, agus chláraigh 2,408 dalta acu sin chun teanga Eorpach eile a dhéanamh san Ardteist.

Méadú beagnach 100% é sin le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc.ie cheana, gur dheacrachtaí foghlama ba chúis leis an díolúine ón nGaeilge a bhí ag 70% den 8,363 dalta sa tsraith shinsearach anuraidh.

Fág freagra ar '15 bliain níos déanaí agus tá an Roinn Oideachais fós ag ‘céim an taighde’ d’athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá rud éigin lofa i Roinn an Oideachais…

    Níl ‘fhios agam cá mhéad dalta as an 5,954 siúd a fuair a gcuid oideachais i scoil Gaeltachta? Tuigim fosta go mbíonn sé coitianta go leor do dhaltaí ó mheánscoltacha Gaeltachta an tArdteist a dhéanamh go hiomlán i mBéarla – san ionad/scoil Gaeltachta céanna!!