D’fhéadfadh 14,000 páiste bás a fháil in Gaza as seo go ceann 48 uair a chloig mura gcuirtear soláthairtí riachtanacha ar fáil dóibh, a deir ceannasaí gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe.
Chuir Iosrael deireadh inné leis an mbac ar chúnamh daonna a thabhairt isteach go dtí Gaza, bac a bhí i bhfeidhm le 11 seachtain.
Dúirt ceannasaí gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe Tom Fletcher nár éirigh ach le cúig leoraí Gaza a bhaint amach inné agus dúirt sé nach raibh sa mhéid sin ach cuid bheag bhídeach den chúnamh a bhí ag teastáil.
Dúirt sé nár éirigh go fóill leis na leoraithe dul chomh fada fiú leis na daoine a bhfuil cúnamh ag teastáil go géar uathu.
Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil cead faighte acu 100 leoraí cúnaimh a chur go dtí Gaza le teacht i gcabhair ar an bpobal.
Tá bia naíonán ar na leoraithe a theastaíonn chun na páistí atá i mbaol a choimeád beo, a deir Fletcher.
“Tá mé ag iarraidh oiread den 14,000 leanbh sin agus is féidir a shábháil as seo go ceann 48 uair a chloig,” a dúirt Fletcher ar an gclár Today ar BBC.
Agus é faoi bhrú mór idirnáisiúnta mar gheall ar an mbaol gorta in Gaza, d’fhógair Benjamin Netanyahu ar deireadh Dé Domhnaigh go gcuirfí maolú ar an mbac ar chúnamh a thabhairt do mhuintir Gaza.
D’éiligh ceannairí éagsúla ar fud an domhain ar Netanyahu stop a chur leis an rabharta ionsaithe is déanaí ar Gaza agus cead a thabhairt do lucht cúnaimh fóirithint ar mhuintir Gaza atá in anchaoi.
Tuairiscítear gur maraíodh 38 Palaistíneach taobh istigh de leathuair a chloig in aerionsaithe a rinne Iosrael aréir.
Dúirt Tom Fletcher go raibh an figiúr maidir le líon na leanaí atá i mbaol a mbáis ceal cúnaimh bunaithe ar fhianaise ó oibrithe de chuid na Náisiún Aontaithe in Gaza atá ag bailiú eolais faoi riachtanais an phobail ansin.
Fág freagra ar '14,000 páiste i mbaol bás a fháil in Gaza mura bhfaigheann siad cúnamh'