13 bás eile fógartha sa Tuaisceart, os cionn 200 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe san iomlán

Deir an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an Rialtas ó dheas ag obair ar phlean chun na srianta a scaoileadh céim ar chéim

13 bás eile fógartha sa Tuaisceart, os cionn 200 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe san iomlán

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá 13 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

Fágann sin gur 817 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 610 duine ó dheas den teorainn agus 207 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an tAire Sláinte ó thuaidh chomh maith inniu gur 53 ionad cúraim atá buailte ag Covid-19 sa Tuaisceart.

32 ionad a bhí buailte de réir na bhfigiúirí a tugadh an tseachtain seo caite. 484 ionad cúraim san iomlán atá ann.

Ní áirítear i bhfigiúirí Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí Thuaisceart Éireann ach líon na ndaoine a fhaigheann bás den ghalar san ospidéal agus d’fhéadfadh líon na marbh a bheith i bhfad níos airde ná 207 duine. 

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach an tseachtain seo caite d’fhéadfadh líon na mbásanna a bheith aon trian níos airde ná mar atá á thuairisciú.

Idir an dá linn, tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an Rialtas ag obair ar phlean chun na srianta a scaoileadh céim ar chéim.

Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh an plean sin faoi réir faoi dheireadh an Aibreáin nó tús na Bealtaine. Dúirt sé gur mhaith leis a bheith ábalta cinnteacht a thabhairt do dhaoine faoin tráth sin.

Dúirt an Taoiseach nár theastaigh uaidh dóchas bréige a thabhairt do dhaoine faoi scoileanna a bheith ag oscailt arís, ach gur mhaith leis an Rialtas iad a oscailt sa gcéad chéim den mhaolú ar na srianta.

Dúirt sé gur mhaith leis go mbeadh na scoileanna oscailte fiú mura mbeadh ann ach lá nó dhó sa tseachtain mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na srianta ar shláinte intinne agus ar oideachas na ndaltaí.

“Tuigim go bhfuil an dianghlasáil ag dul dian ar a lán daoine ach b’fhearr liom gan dóchas bréige a thabhairt do dhaoine anois agus é a scrios arís,” arsa an Taoiseach.

Dúirt Varadkar nár chóir d’aon duine na maidí a ligean le sruth, agus luaigh sé scéalta a bheith ag gabháil thart go raibh níos mó tráchta ar an bóithre agus níos mó daoine ag fágáil a gcuid tithe.

Dúirt sé go bhféadfadh go mbeadh figiúirí ag an Rialtas tráthnóna a léireodh go raibh daoine ag éirí beagán “réchúiseach” faoin ngalar. Bhí sé an-tábhachtach, a dúirt an Taoiseach, nach gcuirfeadh muid ó rath an dul chun cinn atá déanta againn.

Tráth a bhfuil pleananna leis na srianta a mhaolú á réiteach, dúirt an Dr Rosalyn Moran, saineolaí sa néarabhitheolaíocht theoiriciúil in King’s College i Londain go bhféadfadh neart ráigeanna eile den Covid-19 a bheith amach romhainn mura mbeadh “cur chuige nua” againn.

Agus í ag caint ar chlár raidió RTÉ, Today with Sean O’Rourke, dúirt an Dr Moran gur éirigh linn an t-ionfhabhtú a choinneáil ag leibhéal soláimhsithe a bhuíochas do na srianta. Dúirt sí dá n-éireodh linn an ráta atáirgthe nó scaipthe a choinnéail faoi 1, go raibh gach seans ann go mbeadh deireadh leis an ráig seo i lár mhí an Mheithimh.

Bunaithe ar an anailís a rinneadh in King’s College faoi stiúir an Dr Moran, tá an ráig ina buaic faoi láthair in Éírinn agus meastar gur idir 1,008 agus 1,250 duine ar fad a mharóidh an galar sa tír seo faoin am go mbeidh an ráig seo thart.

Maítear sa taighde sin chomh maith go bhféadfadh go mbeadh  ar a laghad trí ráig eile den choróinvíreas againn sula mbeidh imdhíonacht tréada sa bpobal.

Tá rabhadh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, áfach, nach bhfuil aon fhianaise ann go fóill go mbeidh imdhíonacht ar feadh tamall fada ag duine a tholgfaidh an galar.

Dúirt Regina Doherty, an tAire Coimirce Sóisialaí inniu go raibh breis is milliún duine sa tír seo ag brath ar liúntas tacaíochta ioncaim de chineál éigin faoi láthair.

De réir figiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins tá an galar tolgtha ag breis is 2.4 milliún duine ar fud an domhain agus é ina shiocair bháis ag breis is 166,000 duine. Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá is measa atá daoine buailte, 760,000 duine a bhfuil an galar deimhnithe orthu faoin tráth seo sa tír.   

Tá na srianta dianghlasála á scaoileadh in áiteanna san Eoraip –sa Danmhairg, sa Ghearmáin, agus i bPoblacht na Seice.

Fág freagra ar '13 bás eile fógartha sa Tuaisceart, os cionn 200 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe san iomlán'