110,000 dáileog bhreise de vacsaín BioNTech-Pfizer geallta

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur dea-scéal a bhí sna dáileoga breise seo do bhallstáit 

110,000 dáileog bhreise de vacsaín BioNTech-Pfizer geallta

Gheobhaidh Éire 110,000 dáileog sa mbreis de vacsaín BioNTech-Pfizer sna trí mhí seo chugainn.

Mhol an Coimisiún Eorpach inniu go gcuirfí dlús leis an vacsaíniú. 

Bhí sé ráite ag an Rialtas roimhe seo go bhfaigheadh an tír seo os cionn dhá mhilliún dáileog de vacsaín BioNTech-Pfizer sna trí mhí – Aibreán,  Bealtaine, agus Meitheamh. 

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur dea-scéal a bhí sna dáileoga breise seo do bhallstáit.

“Fágann na 10 milliún dáileog bhreise seo de vacsaín BioNTech-Pfizer sa dara ráithe den bhliain go mbeidh os cionn 200 milliún ar fáil snáthaid don AE. Dea-scéala é sin mar tabharfaidh sé deis do bhallstáit cúrsaí a ionramháil agus b’fhéidir bearnaí sa seachadadh a chúiteamh,” a dúirt an tUachtarán. 

Drochthús a bhí le plean vacsaíní an Choimisiúin agus uireasa sa soláthar a bhí geallta ag comhlachtaí, go háirithe AstraZeneca. 

Táthar ag súil go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) cead a gcinn arís Déardaoin do dhochtúirí vacsaín AstraZeneca a thabhairt don phobal. Tá fiosrúchán ar bun ag an EMA lena fháil amach an bhfuil aon chontúirt téachtadh fola ag gabháil leis an vacsaín sin. 

Tá an tsnáthaid sin ar fionraí in Éirinn agus i mbreis is dháréag tír eile go dtí go bhfaighidh sí beannacht an EMA arís. 

Dúirt Aire Sláinte na Fraince, Olivier Véran inné gur mó buntáistí ná míbhuntáistí a bhaineann leis an tsnáthaid. “Táimid ag súil le cinneadh éigin ó eolaithe na hEorpa tráthnóna Déardaoin, rud a thabharfaidh cead dúinn leanúint leis an vacsaíniú,” a dúirt Véran. 

Dúirt an EMA inné go mbíonn téachtadh fola ag cur as do na mílte duine san Aontas Eorpach gach uile bhliain ar chúiseanna éagsúla agus go raibh an chuma ar an scéal nár tharla téachtadh fola “do níos mó  daoine a fuair an vacsaín sin ná don chuid eile den phobal”.

Fág freagra ar '110,000 dáileog bhreise de vacsaín BioNTech-Pfizer geallta'