Anois agus a sprioc bainte amach ag Seo Linn ar an suíomh Kickstarter, tá duine eile ag tabhairt aghaidhe ar shuíomh sluamhaoinithe le hairgead a fháil do thogra Gaelach.
Tá £10,000 (€14,000) ag teastáil ó Ádhamh Ó Broin as Earra-Ghàidheal chun canúint Ghàidhlig an cheantair a shábháil. Chuige sin tá leathanach tosaithe aige ar an suíomh sluamhaoinithe crowdfunder.co.uk. Bhí beagnach £3,500 deonaithe ag 45 duine cheana féin aréir agus 54 lá fágtha san fheachtas.
Tá an chanúint a labhraítí in iarthar na hAlban nuair a bhíodh na teangacha Gaelacha i mbarr a réime i mbaol a mbáis anois agus gan ach cainteoir dúchais amháin fágtha, dar leis an mBroineach.
D’fhoghlaim Ó Broin Gàidhlig Dhál Riada, mar a thugann sé ar an gcanúint, agus mhúin dá chlann í. Chaith sé blianta ag déanamh taighde ar an gcanúint agus ag déanamh a mhachnaimh ar an mbealach is fearr len í a chaomhnú.
Tá plean leagtha amach ag Ó Broin don £10,000 sa chás go mbaileofaí ar crowdfunder.co.uk é. Tá sé i gceist aige suíomh idirlín a chruthú, www.dalriada.scot, ar a mbeidh gach eolas faoin gcanúint ar fáil do lucht a foghlama.
Ba mhaith leis freisin saothar an teangeolaí Shualannaigh, Nils M. Holmer, a dhigitiú. Bhailigh Holmer focail, frásaí, scéalta agus amhráin ó chainteoirí dúchais deiridh Earra-Ghàidheal. Deir Ó Broin gurb é an bailiúchán is mó d’ábhar na canúna dá bhfuil ann agus nach bhfuil sé ar fáil go poiblí do mhuintir an cheantair ná d’aon duine eile ar spéis leo an chanúint a fhoghlaim.
Caithfear £1,000 ar an suíomh nua, idir dhearadh, thógáil, óstáil agus eile. £1,000 a chaithfear ar phróiseáil na gcomhad fuaime atá á mbailiú aige i láthair na huaire. Cabhróidh na comhaid sin le foghlaimeoirí fuaimeanna na canúna a fhoghlaim agus snas a chur ar a gcuid cainte.
Íocfar saineolaí Gàidhlig chun leabhair nótaí an Ollaimh Holmer a dhigitiú.
Caithfear formhór an airgid a bheidh fágtha ar fhoclóir a chur le chéile, ceachtanna a mhúnlú, grianghraf a dhigitiú, eagarthóireacht a dhéanamh ar fhilíocht agus ar amhráin, agus ar obair leis an gcainteoir dúchais deiridh, Robbie MacVicar.
‘Saothar mo shaoil is ea sábháil mo theanga ó leaba an bháis. Ba bhreá liom dá meallfadh na scéalta agus na hamhráin a deirim le mo chlann gach oíche cainteoirí nua, in Earra-Ghàidheal nó níos faide i gcéin,’ a dúirt sé.
Cosúil le feachtas Kickstarter Seo Linn, tá tabhartais bheaga le bronnadh ag Ó Broin orthu sin a thabharfadh cúpla pingin don togra. Deir sé nach acmhainn dó mórán duaiseanna móra a bhronnadh ach gur ‘duais ann féin’ an saibhreas a chaomhnófar leis an togra.
Gheobhaidh an té a dheonóidh £5 áit ar Liosta na Laochra ar an suíomh agus téann na duaiseanna i méid as sin suas go £1,000 agus ranganna Skype agus turais treoraithe timpeall Earra-Ghàidheal le hÁdhamh Ó Broin féin.
Tá míniú Béarla tugtha ag Ó Broin ar an togra i bhfíseán ar YouTube:
Tuigim
Ba chóir go mbeadh lucht Outlander in ann tacaíocht a thabhairt dó.
Ardmheas agam air.
Spreagadh dúinne in Éirinn an tine a lasadh chomh maith i ngach teach ar fud na tíre.
Gaeilge i ngach áit. Dúshlán.