10 leid le bheith compordach agus faiseanta ar thuras eitleáin…

Tá ceachtanna foghlamtha ag ár gcomhfhreagraí faoin mbealach le sásamh a bhaint as aerthaisteal…agus ní fíon dearg amháin atá i gceist!

10 leid le bheith compordach agus faiseanta ar thuras eitleáin…

Rinne mé cúpla turas fada eitleáin le gairid agus is féidir leo a bheith thar a bheith tuirsiúil, leadránach agus crua ar an gcolainn agus ar an gcraiceann. Tá roinnt leidí agam inniu don té a bhíonn i mbun aerthaistil le turais a dhéanamh níos compordaí agus níos faiseanta ag an am céanna. Cabhróidh na 10 gcinn seo d’earraí leis an turas a dhéanamh níos éasca, ach is infheistíocht mhaith atá i gcuid acu a sheasas duit go deo seachas d’aon turas amháin.

 

Cluasáin a mhaolaíonn an torann cúlra leanúnach. Caithfidh mé a admháil go bhfuil an péire seo, Bose QuietComfort25, daor ach ar €199.95 tabharfaidh siad pléisiúr iontach duit ar feadh blianta fada. Tá siad ar fheabhas ar fad don té atá beagán neirbhíseach ar bord eitleáin. Ní chloisfidh tú aon rud ach ceol binn nó fuaimrian scannáin ar feadh an turais. Tá neart cluasán ar fáil atá níos saoire agus is cuma cén péire a roghnóidh tusa ach ba cheart go mairfidís ar feadh na mblianta.  

 

Luiteoga Addidas ar €35. Fág uait na jíons agus cuir ort péire acu seo agus beidh compord iontach agat ar thuras fada.

 

Cairdeagan mór bog clúmhach atá fíorchompordach ó Asos ar €41.48. Is geall le fallaing sheomra an ceann seo a choinneoidh duine te teolaí ar feadh an turais.

 

Is breá liom an scairf mhór fhairsing seo leis an bpatrún polcaphoncach ó Zara ar €19.95. Féadfaidh tú pluid a dhéanamh den cheann seo nuair a bhuailfidh tuirse thú.

 

Mála gualainne nó tote ar a dtugtar Shopper ó H&M ar €19.99 – seo mo rogha féin mar mhála taistil mar gur féidir gach rud a shá isteach ann – fón, leabhair, irisí, milseáin, buidéal uisce agus mar sin de. Tá seo i bhfad níos fearr ná a bheith ag iarraidh gach rud a bhrú isteach sa bpóca a bhíonn ar an suíochán amach romhat.

 

Piliúr taistil iontach ó Amazon ar €15.00. Tagann an ceann seo i mála beag ar féidir é a cheangal go héasca ar strapaí do mhála láimhe. Méadóidh an ceann seo an seans go mbeidh néal codlata agat ar bord an eitleáin.

 

Sprae hiodráitithe – mo rogha féin, an ceann seo ó Josh Rosebrook ar fáil ó cultbeauty.com ar £35.00. Ní mholfainn aon smideadh a chaitheamh ar thuras eitleáin, más féidir, ach maothóir a úsáid ó am go chéile le do chraiceann a chosaint ar an atmaisféar tirim.

 

Don té ar a bhfuil gruaig fhada air, níl sárú an Invisibobble le fáil! Tá siad seo le fáil i Boots. €5.99 atá ar thrí cinn acu. Tá siad iontach le do ghruaig a choinneáil siar as an mbealach ort fad is a bhíonn tú ag taisteal.

 

Tá ardmholadh agam féin ar an mbalsam béil, an Laniege Lip Sleeping Mask atá ar fáil i siopaí Sephora i Meiriceá ar $20. Seo an ceann is fearr a d’aimsigh mé riamh agus is cinnte go gcoinneoidh sé do bheola bog le linn d’aistir.

 

Agus ar deireadh….gloine nó dhó d’fhíon dearg le codladh a chur ort agus tú na mílte troigh os cionn na talún.

 

Fág freagra ar '10 leid le bheith compordach agus faiseanta ar thuras eitleáin…'

  • Pól Réamonn

    Níl an scairf sin an-phraiticiúil nuair atá síbh ag taisteal.