10 lá ar Miami Beach, Florida i mí Eanáir 1974

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, 10 lá ar Miami Beach, Florida agus cad a dhéanfaimid feasta gan an baobab?

An Trá Theas, Miami, mar a bhí . . .

Godlis: Miami
Grianghraif le David Godlis
Foilsithe ag Reel Art Press
160 leathanach
100 léaráid
Toisí: 7¾
x9½”

Tá áiteanna áirithe ann agus mura nglacfá roinnt grianghraf ag an am nó cuntas cuimsitheach a scríobh orthu, ní bheadh tásc ná tuairisc orthu. Bheadh ort sean-nuachtáin a cheadú chun a fháil amach cén t-athrú a tháinig ar an áit.

I mí Eanáir, 1974, chaith David Godlis, a bhí 22 ag an am agus staidéar á dhéanamh aige ar an ngrianghrafadóireacht, 10 lá ar Miami Beach, Florida. Bhí sceitimíní air mar ní raibh sé ar ais ann ó bhí sé ina gharsún.

Chuir sé roimhe grianghraif a ghlacadh de na Giúdaigh a bhí ar scor ann, sna hóstáin art deco cois Aigéan an Atlantaigh. Níor glacadh le Giúdaigh ann thar oíche. Bhí Florida frithGhiúdach ar feadh i bhfad ach buann an dollar ar gach aon ní! Cuireadh go mór le líon na nGiúdach i bhFlorida nuair a theith 10,000 díobh ó Chúba na gCumannach.

Faoin mbliain 1970, ba Ghiúdaigh iad 80% de dhaonra Miami Beach.

Bhí saol dá gcuid féin ansin acu faoin ngrian agus an Ghiúidis á labhairt ag go leor acu, leabhair Ghiúdaise acu le léamh is amharclann Ghiúdaise acu, fiú amháin. Tá an seandream ag fáil bháis ar ndóigh agus clubanna oíche is ollmhargaí déanta anois de na sionagóga.

 

Cad a dhéanfaimid feasta gan an baobab?

Baobab
Grianghraif le Beth Moon
Ábhar breise le Adrian Patrut
Abbeville Press, Jackson, a d’fhoilsigh, 2021
Teanga: Béarla
128 leathanach
Toisí:  15x10″

Ba bhreá liom baobab a fheiceáil – sula mbeidh deireadh leo.

Maireann cuid acu an-fhada ar fad, breis is 2,500 bliain. Ach tá fathaigh iontacha seo na hAfraice i mbaol. Ag titim as a seasamh faoina meáchan féin atá go leor acu agus spalladh orthu. Níl siad in ann an triomach is an t-athrú aeráide a sheasamh níos mó.

Tá an baobab bocht faoi strus i Madagascar, sa tSeineagáil agus san Afraic Theas. Crann is ea é atá in ann 120,000 lítear uisce a stóráil – smaoinigh air! – is é ag fáil bháis den tart.

Ní hamháin gur féidir bia an-fholláin a dhéanamh as duilleoga an chrainn seo, tá tábhacht spioradálta ag baint leis chomh maith.

Áras na marbh atá sa bhaobab: is ann a chodlaíonn an seandream atá ar shlí na fírinne.

Fág freagra ar '10 lá ar Miami Beach, Florida i mí Eanáir 1974'