Foclaíocht Ghaeilge chonspóideach in úsáid ar shuíomh an Choimisiúin Reifrinn

Tá an seanleagan den leasú a dhéanfaí ar Bhunreacht na hÉireann dá rithfí an reifreann ar phósadh aon inscne an mhí seo chugainn le léamh ar leathanach eolais an Choimisiúin Reifrinn

BunreachtHead

Tá an tseanfhoclaíocht a chruthaigh conspóid cúpla seachtain ó shin maidir leis an reifreann ar phósadh aon inscne in úsáid ar shuíomh an Choimisiúin Reifrinn. Cuireann an Coimisiún Reifrinn eolas neodrach ar fáil faoi thograí reifrinn.

Deirtear ar shuíomh an Choimisiúin Reifrinn:

“Sa reifreann táthar ag iarraidh ort Tá nó Níl a vótáil maidir le clásal a chur le hAirteagal 41. Má ritear an reifreann, beidh airteagal nua ann, Airteagal 41.4 a bheidh mar seo a leanas:

“Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí,” atá le léamh ar shuíomh an Choimisiúin a seoladh inniu.”

Leasaíodh an fhoclaíocht sin nuair a bhí ceist ann faoin mbrí a d’fhéadfaí a bhaint as. Mhaígh daoine áirithe go raibh an baol ann go gcuirfí cosc ar an bpósadh idir fear agus bean dá rithfí an reifreann.

D’fhógair an Taoiseach Enda Kenny ar 10 Márta go mbeadh leagan nua den fhoclaíocht ar an mballóid an mhí seo chugainn.

“Féadfaidh beirt gan beann ar a ngnéas conradh pósta a dhéanamh de réir dlí” an fhoclaíocht nua atá le cur ar an mballóid.

Dúirt urlabhraí an Choimisiúin go raibh an Coimisiún ar an eolas faoin mbotún agus go rabhthas ag obair chun é a réiteach faoi láthair.

Fág freagra ar 'Foclaíocht Ghaeilge chonspóideach in úsáid ar shuíomh an Choimisiúin Reifrinn'