Ceathrar tofa i mBaile Átha Cliath i dtoghcháin na hEorpa

Toghadh ceathrar feisirí Eorpacha Bhaile Átha Cliath i ndiaidh an 19ú comhaireamh nuair a cuireadh as an áireamh Niall Boylan ó Independent Ireland

Ceathrar tofa i mBaile Átha Cliath i dtoghcháin na hEorpa

Lynn Boylan (SF) iarfheisire Eorpach a bheidh ag filleadh ar Pharlaimint na hEorpa

Tá Barry Andrews ó Fhianna Fáil, Regina Doherty ó Fhine Gael, Lynn Boylan ó Shinn Féin agus Aodhán Ó Ríordáin tofa i mBaile Átha Cliath chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i bParlaimint na hEorpa.

Toghadh an ceathrar i ndiaidh an 19ú comhaireamh nuair a cuireadh as an áireamh Niall Boylan, an láithreoir raidió agus iarrthóir de chuid Independent Ireland. Chaill Ciarán Cuffe an Chomhaontais Ghlais agus Clare Daly, Independents4Change, a suíocháin.

Barry Andrews (FF) a chríochnaigh ar cheann an chomhairimh

Fuair Aodhán Ó Ríordáin nach mór dúbailt na vótaí aistrithe ó Chiarán Cuffe ná mar a fuair aon duine eile de na hiarrthóirí.

Is cainteoir líofa Gaeilge é Aodhán Ó Ríordáin agus is iar-urlabhraí Gaeilge de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é. Fágann a bhua go mbeidh ar a laghad beirt fheisirí a bhfuil Gaeilge acu ag dul chun na hEorpa.

Toghadh Seán Kelly Fhine Gael, cainteoir líofa Gaeilge eile, i ndiaidh an chéad chomhairimh i dtoghlach an Deiscirt.

Meastar gurb é Billy Kelleher, Gaeilgeoir eile, an chéad duine eile a thoghfar sa toghlach sin.

Aodhán Ó Ríordáin (LO) a fuair an suíochán deireanach i mBaile Átha Cliath

Is idir cúigear atá na trí shuíochán eile sa Deisceart. Bhí an t-iarrthóir neamhspleách as contae an Chláir Michael McNamara sa tríú háit i gcaitheamh an lae ach tá an dlíodóir, iarchraoltóir agus cainteoir líofa Gaeilge Cynthia Ní Mhurchú, ó Fhianna Fáil go láidir san iomaíocht freisin.

D’fhéadfadh go mbeadh an dá shuíochán deireanach sa Deisceart idir Ní Mhurchú, Kathleen Funchion Shinn Féin, Mick Wallace, neamhspleách agus Grace O’Sullivan an Chomhaontais Ghlais.

Níl aon iarrthóir tofa go fóill sa toghlach eile, Lár Tíre – An tIarthuaisceart.

D’fhéadfadh scaitheamh a bheith ann sula dtoghfar aon duine i Lár Tíre – An tIarthuaisceart. Tá Luke ‘Ming’ Flanagan ag ceann an chomhairimh i láthair na huaire agus glactar leis go gcoinneoidh an t-iarrthóir neamhspleách a shuíochán san Eoraip ach beidh roinnt comhaireamh eile ann sular féidir sin a chinntiú.

Tá beirt ó Fhine Gael, an t-iarmharcach Nina Carbery agus an t-iarRós Thrá Lí Maria Walsh, a toghadh ina feisire Eorpach in 2019, ag déanamh go maith freisin, mar atá Barry Cowen ó Fhianna Fáil. Bainfidh Cowen tairbhe as vótaí aistrithe ó bheirt iarrthóirí eile a pháirtí, Lisa Chambers agus Niall Blaney, agus ba cheart go mbeadh suíochán aige i dteannta bheirt Fhine Gael.

Meastar gurb é Ciaran Mullooly ó Independent Ireland a thabharfaidh leis an suíochán deireanach. Is idir eisean agus Michelle Gildernew ó Shinn Féin atá sé an suíochán sin a fháil ach tá farasbarr mór ag Mullooly agus ghéill Gildernew gur chosúil nach bhfaighidh sí dóthain vótaí aistrithe leis an mbearna a líonadh.

 

 

Fág freagra ar 'Ceathrar tofa i mBaile Átha Cliath i dtoghcháin na hEorpa'