Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla, cúigear tofa chun na hEorpa

Tá Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla agus an comhaireamh go léir beagnach thart. Naonúr feisirí Eorpacha fós le toghadh

Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla, cúigear tofa chun na hEorpa

Agus 946 den 949 suíochán líonta sna toghcháin áitiúla, tá Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla agus iad chun cinn ar éigean ar Fhine Gael.

246 suíochán atá  ag Fianna Fáil agus 245 suíochán a atá ag Fine Gael.

Sa Droichead Nua i gCill Dara, áit a bhfuil an ceathrú hathchomhaireamh ar siúl, atá na trí shuíochán deireanach le líonadh.

Sna toghcháin Eorpacha, toghadh i mBaile Átha Cliath aréir Barry Andrews ó Fhianna Fáil, Regina Doherty ó Fhine Gael, Lynn Boylan ó Shinn Féin agus Aodhán Ó Ríordáin chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i bParlaimint na hEorpa. Leanfaidh an comhaireamh ar aghaidh inniu sa dá thoghlach eile – an Deisceart agus Lár Tíre – An tIarthuaisceart.

Toghadh an ceathrar feisirí i mBaile Átha Cliath aréir i ndiaidh an 19ú comhaireamh nuair a cuireadh as an áireamh Niall Boylan, an láithreoir raidió agus iarrthóir de chuid Independent Ireland. Chaill Ciarán Cuffe an Chomhaontais Ghlais agus Clare Daly, Independents4Change, a suíocháin.

Fuair Aodhán Ó Ríordáin nach mór dúbailt na vótaí aistrithe ó Chiarán Cuffe ná mar a fuair aon duine eile de na hiarrthóirí sa toghchán Eorpach.

Is cainteoir líofa Gaeilge é Aodhán Ó Ríordáin agus is iar-urlabhraí Gaeilge de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é. Fágann a bhua go mbeidh ar a laghad beirt fheisirí a bhfuil Gaeilge acu ag dul chun na hEorpa.

Toghadh Seán Kelly Fhine Gael, cainteoir líofa Gaeilge eile, i ndiaidh an chéad chomhairimh i dtoghlach an Deiscirt.

Meastar gurb é Billy Kelleher, Gaeilgeoir eile, an chéad duine eile a thoghfar sa toghlach sin inniu.

Is idir cúigear atá na trí shuíochán eile sa Deisceart. Bhí an t-iarrthóir neamhspleách as contae an Chláir Michael McNamara sa tríú háit i gcaitheamh an lae ach tá an dlíodóir, iarchraoltóir agus cainteoir líofa Gaeilge Cynthia Ní Mhurchú, cainteoir líofa Gaeilge ó Fhianna Fáil go láidir san iomaíocht freisin.

D’fhéadfadh go mbeadh an dá shuíochán deireanach sa Deisceart idir Ní Mhurchú, Kathleen Funchion Shinn Féin, Mick Wallace, neamhspleách agus Grace O’Sullivan an Chomhaontais Ghlais.

Níl aon iarrthóir tofa go fóill sa toghlach eile, Lár Tíre – An tIarthuaisceart.

D’fhéadfadh scaitheamh a bheith ann sula dtoghfar aon duine i Lár Tíre – An tIarthuaisceart. Tá Luke ‘Ming’ Flanagan ag ceann an chomhairimh i láthair na huaire agus glactar leis go gcoinneoidh an t-iarrthóir neamhspleách a shuíochán san Eoraip ach beidh roinnt comhaireamh eile ann sular féidir sin a chinntiú.

Tá beirt ó Fhine Gael, an t-iarmharcach Nina Carbery agus an t-iarRós Thrá Lí Maria Walsh, a toghadh ina feisire Eorpach in 2019, ag déanamh go maith freisin, mar atá Barry Cowen ó Fhianna Fáil. Bainfidh Cowen tairbhe as vótaí aistrithe ó bheirt iarrthóirí eile a pháirtí, Lisa Chambers agus Niall Blaney, agus ba cheart go mbeadh suíochán aige i dteannta bheirt Fhine Gael.

Meastar gurb é Ciaran Mullooly ó Independent Ireland a thabharfaidh leis an suíochán deireanach. Is idir eisean agus Michelle Gildernew ó Shinn Féin atá sé an suíochán sin a fháil ach tá farasbarr mór ag Mullooly agus ghéill Gildernew gur chosúil nach bhfaighidh sí dóthain vótaí aistrithe leis an mbearna a líonadh.

 

Fág freagra ar 'Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla, cúigear tofa chun na hEorpa'