Agus tá na torthaí istigh…olltoghchán eile!

Fiú mura roghnaímid rialtas san olltoghchán, beidh rogha rialtais ar fáil, mar a bhí i 1948.

Screen Shot 2016-02-05 at 18.44.48

Tá ár meon soiléir.  Mar a bhí go deimhin le bliain ar a laghad, mar a léirigh gach pobalbhreith. Nílimid muiníneach go leor as dream ar bith agus mar sin ní bheidh ar chumas aon pháirtí rialtas a bhunú le móramh Dála.

Mura dtagann athrú mór mar sin

(a) ar mheon an phobail, nó

(b) ar mheon na bpáirtithe,

beidh fíor-thoradh an olltoghcháin soiléir gan mhoill: Olltoghchán eile. Vótáil arís mar sin sa bhFómhar, abair, mura n-éiríonn leis na páirtithe teacht ar mhargadh comhrialtais san idirlinn. Nó vótáil arís tar éis cúpla bliain, má bhunaítear rialtas mionlaigh cosúil leis an gceann a bunaíodh i 1987, a mhairfeadh dhá bhliain.

Ach tá sampla stairiúil a bhaineann le holltoghchán éiginnte eile agus le bunú comhrialtais gan choinne ina dhiaidh. Is i 1948 a cuireadh comhrialtas ar bun nach raibh á thuar ag duine ar bith roimh olltoghchán na bliana sin, ná ar feadh tamaill ina dhiaidh.

Theip ar Fhianna Fáil, a bhí i mbun rialtais roimh ré, móramh a bhaint amach. Ach ainneoin na suíochán a chaill an páirtí (ocht gcinn) bhí 69 suíochán acu sa Dáil nua, agus níor theastaigh ach cúig vóta eile uathu chun dul i mbun rialtais arís. Bhí 147 suíochán sa Dáil, agus Fianna Fáil chomh mór sin chun tosaigh ar Fhine Gael (31) agus an Lucht Oibre (14), glacadh leis ar feadh cúpla seachtain i ndiaidh na vótála go mbeidís ar ais sa diallait sar i bhfad.

Ní mar sin a tharla, ainneoin líon na mionpháirtithe éagsúla agus na Neamhspleách a toghadh. Má fhágtar na príomhpháirtithe i leataobh, seo mar a bhí ionadaíocht na bpáirtithe tar éis olltoghchán 1948:

Clann na Poblachta: 10

Clann na Talún: 7

Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre: 5

An Páirtí um Leasú Airgeadaíochta*: 1

Neamhspleáigh: 11

Bhí easaontas agus eascairdeas nimhneach idir cuid mhór de na páirtithe agus na Teachtaí Dála thuas. Theastaigh comhthuiscint iomlán eatarthu chun Fianna Fáil a chur as oifig, agus ba bheag muinín a bhí ag na páirtithe as a chéile.

Ní raibh cuid acu toilteanach, mar shampla, glacadh le ceannaire Fhine Gael mar Thaoiseach mar gheall ar an méid a rinne sé le linn a thréimhse i gceannas ar fhórsaí an tSaorstáit le linn an chogaidh chathartha i 1922-23.

Sheas Ó Maolchatha i leataobh. Chuaigh John A Costello i gceannas mar Thaoiseach ar an gcéad rialtas idir-pháirtí, a mhair trí bliana.

Anois is é rialtas mionlaigh agus/nó olltoghchán eile, sar i bhfad, an toradh is dóichí a bheas ar an olltoghchán seo. Ar deireadh thiar, cá bhfios cé a bheas i gcumhacht, agus cé a bheas ina dteannta?

Ach idir an dá linn is fiú cuimhneamh ar an méid a tharla i 1948. Ná cuir margadh ar bith as an áireamh, fiú margadh ina mbeadh ar cheannaire míleata seasamh i leataobh. Nó fiú margadh a ghlacfaí leis mar mhargadh gearrthéarmach.

Níl comhréiteach mór ar thaobh an fhreasúra do-dhéanta ainneoin, nó b’fhéidir toisc, an scata mór Neamhspleách agus na mionpháirtithe a thoghfar, mar a tharla 68 bliain ó shin.

Theip ar pháirtí Phríomh-Aire na Spáinne Mariano Rajoy móramh a ghnóthú in olltoghchán ar 20 Nollaig. Tá comhráite fós ar bun idir páirtithe an fhreasúra fad is atá an colún seo á scríobh. Más féidir leo teacht ar chomhréiteach (ní réitíonn siad lena chéile maidir le ceist na Catalóine) beidh Rajoy as oifig láithreach. Murar féidir, beidh muintir na Spáinne ag vótáil arís sar i bhfad.

Cosúil linne mura ndéantar comhréiteach gan choinne, mar a rinneadh i 1948.

Níl margadh polaitiúil ar bith do-dhéanta. Níl ag teastáil ach toil, agus riachtanas.

* An ‘Monetary Reform Party’ a bhunaigh Oliver J Flanagan (athair an Aire Ghnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan). Chuaigh an páirtí in éag nuair a chuaigh sé isteach i bhFine Gael ina dhiaidh sin.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidio a hAon

Fág freagra ar 'Agus tá na torthaí istigh…olltoghchán eile!'