‘Why should Maths get prominence over our own national language?’ – Colm O’Rourke ag trácht ar chás na Gaeilge

Deir an tráchtaire agus príomhoide aitheanta Colm O’Rourke gur cheart go mbeadh an Ghaeilge éigeantach agus go mbeadh marcanna bónais ag dul léi

‘Why should Maths get prominence over our own national language?’ – Colm O’Rourke ag trácht ar chás na Gaeilge

Tá a chuidsean ráite ag Colm O’Rourke, duine de na príomhoidí scoile is aitheanta in Éirinn, faoin dá cheist is mó atá i mbéal an phobail maidir le teagasc na Gaeilge – an Ghaeilge éigeantach agus díolúine na Gaeilge.

“Ba chóir don Ghaeilge a bheith éigeantach,” a deir an tráchtaire CLG agus iarpheiladóir go neamhbhalbh le Tuairisc.ie.

“An díospóireacht faoin nGaeilge a bheith éigeantach nó roghnach, sin í an díospóireacht mhícheart. Ba chóir dúinn a bheith ag caint faoin mbealach a bhfuil an Ghaeilge á múineadh sna scoileanna agus faoi na fadhbanna a bhaineann le múineadh na Gaeilge. Ná bac an rud seo faoi Ghaeilge éigeantach nó an Ghaeilge roghnach,” a dúirt an fathach peile atá ina phríomhoide ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh.

Maidir leis na hathruithe a fógraíodh an tseachtain seo ar chóras na ndíolúintí, deir O’Rourke go bhfuil an baol ann go bhfágfaidh an córas nua go mbeidh brú mór ar phríomhoidí.

“Is cinnte go bhfuil méid áirithe imní ar phríomhoidí mar mé féin go mbeimid báite in iarratais ó thuismitheoirí a bheidh ag iarraidh nach mbacfadh a bpáistí leis an nGaeilge. Mar sin is dóigh liom go gcaithfear súil an-ghéar a choinneáil ar an mbealach a chuirtear i bhfeidhm é. Ní dochar ar bith é nach mbeidh gá feasta le tuairisc shíceolaíochta mar thaca le hiarratas ar dhíolúine fad is nach mbeidh rabharta mór iarratas anois ann. Ní bheidh fadhb ag príomhoidí déileáil leis fad is atá na critéir a leagtar síos an-soiléir go deo.

“Níl bun ná barr leis an scéal go mbíonn daoine ag fáil díolúine ón nGaeilge toisc deacrachtaí foghlama a bheith acu agus ansin iad ag déanamh staidéir ar Spáinnis nó Fraincis don Ardteist. Caithfear dul i ngleic leis na rudaí sin go léir. Duine atá ag déanamh teanga eile ní cóir go mbeadh sé i dteideal díolúine a fháil ón nGaeilge.”

Dar le O’Rourke go bhfuil cúpla réiteach ar chás na Gaeilge sa chóras oideachais.

“Is léir go bhfuil rud amháin ann a d’fhéadfaí a dhéanamh, sin marcanna bónais a thabhairt don Ghaeilge, ag an ardleibhéal agus an gnáthleibhéal. Sin bealach maith amháin an teanga a chur chun cinn. Cén fáth go dtabharfaí tús áite don Mhata seachas dár dteanga náisiúnta?

“Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí deontais bhreise nó faoiseamh cánach de chineál éigin a thabhairt do dhaoine chun iad a spreagadh dul go dtí an Ghaeltacht. Ba chóir an bhéim go léir ag gach leibhéal a bheith ar an gcaint agus ar an éisteacht. Ach bheinn sásta dá mbeadh ábhar eile, litríocht na Gaeilge, ar fáil chomh maith do dhaoine le caighdeán níos airde.”

Níl O’Rourke sásta beag ná mór leis an gcúrsa Gaeilge mar atá agus deir sé gur beag blas a fhaigheann múinteoirí agus daltaí air. Ba chóir leasú radacach a dhéanamh ar shiollabas na hArdteiste, a deir sé.

“Seo iad na rudaí ba cheart dúinn a bheith ag caint fúthu sa díospóireacht faoin nGaeilge sa chóras oideachais. Teip a raibh costas mór ag baint leis a bhí sa siollabas traidisiúnta agus caithfear athrú ó bhonn a dhéanamh air. Táimid ag an bpointe anois go bhfuilimid i mbun díospóireachta faoi cé acu ar cheart nó nár cheart ár dteanga féin a theagasc do dhaltaí áirithe – is ionann sin agus admháil gur theip ar an bpolasaí go dtí seo.

“An tsraith shóisearach nua ba chóir go mbeadh béim mhór inti ar chaint agus ar éisteacht ach fuarthas réidh leis an scrúdú cainte roghnach a bhíodh ann! Is dóigh liom chomh maith gur cheart an Ghaeilge a cheangal le hábhair eile agus an teanga a cheangal le gnéithe eile de chultúr na hÉireann – an spóirt, an damhsa, cultúr na teanga féin.”

In agallamh le Tuairisc.ie dhá bhliain ó shin, dúirt O’Rourke gur drochphleanáil na Roinne Oideachais ba chúis leis an ghanntanas múinteoirí Gaeilge. Níl mórán feabhais tagtha ar chúrsaí ó shin, a deir sé.

“Níl aon amhras ach go bhfuil fadhb mhór ann maidir le múinteoirí Gaeilge a fháil. Sin teip eile de chuid an chórais. Bíonn ar mhúinteoirí Gaeilge bunchéim a dhéanamh agus ansin cúrsa dhá bhliain PME, a chosnaíonn níos mó ná €10,000. Déanann múinteoirí adhmadóireachta, corpoideachais agus eolaíochta cúrsa ceithre bliana agus an chéim mar chuid de. Cén fáth go mbeadh éagóir mar seo á déanamh ar mhúinteoirí Gaeilge agus cén fáth go mbeadh orthu airgead mór a chaitheamh agus bliain eile a dhéanamh? Seafóid atá ann agus tá sé an-mhíchothrom.”

Dúirt O’Rourke gur trua leis féin nach bhfuil labhairt na Gaeilge aige ach gur dócha gur sampla eile é sin de chóras lochtach.

Fág freagra ar '‘Why should Maths get prominence over our own national language?’ – Colm O’Rourke ag trácht ar chás na Gaeilge'

  • Marian

    Totally agree with Colm. Theere needs to be an incentive to do well in Irish. The only way to do this is to give extra bonus points. This would then have a ripple effect all the way down to primary schools as parents would all of a sudden have an interest in Irish. We need to be proud of our Irish language and it is the duty of the Department of Education to ensure that all pupils are fluent Irish speakers when they finish secondary school. Extra points could also be awarded for oral Irish.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    “an teanga a cheangal le gnéithe eile de chultúr na hÉireann – an spóirt, an damhsa, cultúr na teanga féin.”

    Amaidí uile. Ceanglaímis an Ghaeilge le scileanna ríomhaireachta, leis an eolaíocht, leis an síceolaíocht…
    Ná ceanglaímis le hábhair ‘spraíula’ gan mhaith is gan luach í