Údar dóchais na 10 n-athrú a tháinig ar an tír ó 1979

Ní cóir athrú ar bith a chur as an áireamh san eaglais ná sa tír tar éis don Phápa Proinsias filleadh ar an Róimh

Údar dóchais na 10 n-athrú a tháinig ar an tír ó 1979

Tugtar le fios i gcolúin mar seo go minic nach bhfuil rún dáiríre ag dream ar bith i nDáil Éireann fadhb mhór a réiteach, ainneoin an riachtanais réitigh.

Tá a fhios ag cách mar shampla go bhfuil géarghá le feabhas agus atheagar a chur ar an tseirbhís sláinte.

Léirigh na figiúirí a chuir Fianna Fáil le chéile le gairid, a bhuí le sraith ceisteanna Dála, go bhfuil beagnach milliún othar seachtrach (an t-iomlán: 997,258) ar liostaí feithimh éagsúla. Léirigh staidreamh an pháirtí freisin go bhfuil os cionn 148,000 othar ag fanacht le breis agus bliain ar choinne le comhairleoir.

Teastaíonn cíoradh a dhéanamh ar na fáthanna go bhfuil an scéal amhlaidh sula leigheasfar é. Ach ba dheacair easaontú le colún ina míneofaí na príomhchúiseanna nach bhfuil plean inchreidte molta fós leis an scéal a chur ina cheart.

Ní hionann sin agus a rá nach n-athróidh an saol, nó nach ndéanfar socruithe amach anseo a shíltear a bheith dodhéanta faoi láthair. Is fiú cuimhneamh mar sin ar scata athruithe a tháinig ar an tír idir cuairt an Phápa Eoin Pól a Dó i 1979 agus cuairt an Phápa Proinsias ag an deireadh seachtaine.

Ta deich gcinn d’athruithe nach raibh aon tsúil leo i 1979 sa liosta seo a leanas:

  1. Idir 1979 agus an lá inniu, tá méadú tagtha ar an daonra nach bhfacthas le breis agus céad bliain. Tá 4.75m duine sa stát de réir dhaonáireamh 2016 – breis agus milliún níos mó ná mar a bhí beo sa stát dhá scór bliain ó shin.
  2. Ní raibh cead ach ag daoine pósta deiseanna frithghiniúna a cheannach i 1979. Cuireadh deireadh leis an gcosc i 1984 agus ceadaíodh meaisíní chun coiscíní a dhíol a fheistiú i leithris agus in ionaid phoiblí éagsúla tar éis cúpla bliain eile.
  3. Ní raibh ach seachtar ban i nDáil Éireann i 1979. Toghadh 35 bean mar Theachtaí Dála in 2016 – an bhan-ionadaíocht is mó riamh. Ní leor é fós, ach tá difríocht mhór idir a 4% (1979) agus 22 %.
  4. Níor ceapadh oiread agus bean amháin ina haire rialtais ó bunaíodh an stát go dtí gur shroich Máire Geoghegan-Quinn seomra an rialtais i 1979. Tá ceathrar ban ina n-airí sa rialtas faoi láthair. Ní leor é, ach is dul chun cinn suntasach é ó 1979.
  5. Bhí cosc iomlán ar cholscaradh i bhfeidhm i 1979. Theip ar iarracht an cosc sa Bhunreacht a chur ar ceal le reifreann a reáchtáladh i 1986, ach cuireadh deireadh leis i reifreann 1995.
  6. Bhí cosc dlíthiúil ar ghníomhartha homaighnéasacha i bhfeidhm i  1979. Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i 1988 gur sháraigh an cosc cearta an duine i gcás an tSeanadóra David Norris. Chuir reachtaíocht a chuir an t-aire dlí agus cirt Máire Geoghegan-Quinn faoi bhráid na Dála i 1993 deireadh leis an gcosc.
  7. Níor thug eagraíochtaí a bhí freagrach as an doirteadh fola i dTuaisceart Éireann aon aird ar an bPápa Eoin Pól nuair a d’impigh sé orthu éirí as. Maraíodh breis agus 1,400 duine eile ó thuaidh sular chuir Comhaontú Aoine an Chéasta buanchríoch leis an gcuid is mó den fhoréigean i 1998. Ní raibh aon tsúil le síocháin dá leithéid i 1979.
  8. Bhí monaplacht iomlán beagnach ag Aer Lingus agus ag British Airways in éineacht ar sheirbhísí aeir idir an tír seo agus an Bhreatain, agus táillí arda á n-íoc ag paisinéirí. Chuir bunú Ryanair i 1984 tús le ré nua taistil ar chostas íseal.
  9. Is le litreacha nó ar an bhfón a rinne gnáthdhaoine teagmháil le daoine nach raibh ina gcónaí cóngarach dóibh. Bhí meaisíní telex á n-úsáid ag comhlachtaí, ach thógadh sé suas le cúig nóiméad ar an gcóras teachtaireacht a sheoladh chomh fada leis an gcolún seo. Chuir an t-idirlíon tús le ré nua ó na 1990idí ar aghaidh inar féidir faisnéis, agus raiméis, a aimsiú agus a scaipeadh in imeacht cúpla soicind ar a mhéid.
  10. Ní raibh deis tugtha fós i 1979 do bhean a bheith ina huachtarán ar Éirinn, ná ina sagart san eaglais Chaitliceach. Toghadh an chéad bhean mar uachtarán i 1990, agus bean eile ina diaidh i 1997.

Ní cheadaítear do mhná dul le sagartóireacht fós ach, nuair a chuimhnítear ar an síorlaghdú ar líon na sagart, cá bhfios?

Níor tháinig athrú ar shaol na hÉireann faoi mar a theastaigh ón bPápa Eoin Pól sna blianta tar éis dó cuairt stairiúil a thabhairt ar an tír i 1979. Ní raibh súil ag mórán leis na hathruithe ná leis an bhfeabhas ó bhonn atá sonraithe sa liosta thuas.

Ná cuir athrú ar bith as an áireamh, dá fheabhas nó dá dhonacht é, san eaglais ná sa tír, tar éis don Phápa Proinsias filleadh ar an Róimh.

Fág freagra ar 'Údar dóchais na 10 n-athrú a tháinig ar an tír ó 1979'