Uaireanta is gá na málaí a phacáil, na Taytos agus custard creams a fháil agus tabhairt faoi thuras bóthair

Níl aon saol gan tráma, agus, ní hé an turas trastíre sa gcarr an tráma is measa a d’fhéadfadh tárlú duit i d’óige  

Uaireanta is gá na málaí a phacáil, na Taytos agus custard creams a fháil agus tabhairt faoi thuras bóthair

Tá sé curtha i mo leith, uair nó dhó, go bhfuil mé rócheanúil ar an mbaile. Agus, is dóigh, má bhím ionraic faoi, go bhfuil sé fíor. Ach ar féidir a bheith ‘rócheanúil’ ar an mbaile, dháiríre?

Is sa mbaile atá do chuid rudaí uilig, is má bhíonn an áit sórt trína chéile anois is arís (nó an t-am ar fad), cén dochar. Sa mbaile, féadfaidh tú dul i bhfolach i do sheomra féin agus glas a chur ar an doras, ar feadh scaithimh, más gá.

Níl aon locht agam ar an rud céanna a dhéanamh lá i ndiaidh lae agus, nuair atá na gasúir beag, nach fearr i bhfad a bheith i do theach féin ná a bheith in óstán, ag fanacht i dteach daoine eile, nó, Dia idir sinn is an anachain, ag campáil?

Is maith liom go n-aithním na daoine a chastar orm ar an gcosán chuile lá, Bean na Sálaí Arda, An Fear a Bhíonn ag Caint Leis Féin, an tUasal Ard a mBíonn a Lámha ag Luascadh…

Níl a fhios agam cá’l siad ag dul, ná cá bhfuil cónaí orthu, ach bíonn siad ag déanamh ar áit éicint ag an am céanna liomsa maidin is tráthnóna. Seans go bhfuil ainm éicint baiste acu féin orm chomh maith, An Bhean a mBíonn an Chuma Uirthi Go Bhfuil Sí  Beagán Deireanach, nó Bean na dTrí Mhála, níl a fhios agam.

Dá dtabharfaí  cead dom, d’fhéadfainn laethanta i ndiaidh a chéile a chaitheamh sa teach, go sásta, ag fústráil thart. Bhuailfinn amach ag an siopa timpeall an choirnéil ag iarraidh bainne, nó an páipéar, seans, ach thairis sin, bheinn ar mo sháimhín só.

Ach anois is arís, in iarracht an agrafóibe a choinneáil ó dhoras, is dóigh, caithfidh tú briseadh amach as an ngnáthshaol laethúil. Anois is arís, caithfidh tú na málaí a phacáil, na Taytos is na custard creams aa fháil, agus chuile dhuine a chur sa gcarr agus tabhairt faoin turas bóthair.

Ní bhíonn saol ceart ag páiste, sílim, mura bhfuil ar a laghad turas trastíre amháin déanta acu leis an gclann uilig sa gcarr. Tá rialacha ag baint leis an turas trastíre, áfach, chun go mbeidh na cuimhní  ‘cearta’ ag an bpáiste ar laethanta saoire a óige. Níl aon saol gan tráma, agus, ní hé an turas trastíre sa gcarr an tráma is measa a d’fhéadfadh tarlú duit i d’óige.

Caithfidh an carr a bheith róbheag ar éigean do líon na ndaoine atá istigh inti.

Caithfidh an lá  a bheith ina bháisteach ceomhar is caithfidh an turas a bheith, ar a laghad, trí huaire an chloig gan sos sa gcarr. Caithfidh tú dul amú ar an mbealach agus caithfidh ‘míthuiscint’ a bheith ann maidir le treoracha bóthair agus cé a dúirt nó nár dhúirt gur cheart a ghabháil ar chlé i dTigh an Dá Phota.

Caithfidh tinneas taistil a bheith ar dhuine amháin, nó beirt, más féidir. Agus ní turas trastíre ‘ceart’ atá ann nó go ndéanfaidh do mháthair nó d’athair bagairt go gcasfar an carr thart abhaile arís anois díreach, ‘mura n-éireoidh sibh as an ealaín thiar ansin!”.

Dáiríre, atá mé.

Fág freagra ar 'Uaireanta is gá na málaí a phacáil, na Taytos agus custard creams a fháil agus tabhairt faoi thuras bóthair'

  • Mise Áine

    Sea, is cuimhin liom na turais sin, go rímhaith.

    Le seachtar páiste sa gcarr, fado fadó fadó, agus muid ar ár mbealach áit éigin ar thuras fada éigin, chloistí ‘Má bhíonn orm an carr seo a stopadh…’ ag teacht ón tiománaí, go rímhinic!

    Bhíodh ciúnas ann, ar feadh tamaillin eile, agus ansin thosaítí ar an ngleo, arís.

    Go raibh maith agat, a Bhridget…turas na maidine déanta agam ar bhóithrín na smaointe, anois.