Tús curtha le dúshlán cúirte faoi chinneadh diúltú do bhunú Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath

Cuireadh tús inné le cás san Ard-Chúirt in bhfuiltear ag maíomh go bhfuil sé de cheart ag aon tuismitheoir an gaeloideachas a roghnú dá pháiste

Tús curtha le dúshlán cúirte faoi chinneadh diúltú do bhunú Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath

Cuireadh tús inné le dúshlán cúirte san Ard-Chúirt in aghaidh cinneadh a rinne an Roinn Oideachais gan cead a thabhairt Gaelcholáiste a bhunú ar shuíomh de chuid an stáit i gCrois Araild don scoilbhliain 2020/2021.

Tá an cás á thabhairt in aghaidh an Aire Oideachais agus an Ard-Aighne ag An Forás Pátrúnachta, ag Caitríona Uí Lochlainn agus Christine Ní Chiardubhán, beirt tuismitheoirí atá ag iarraidh go rachadh a bpáistí chuig Gaelchólaiste, agus Glór Mológa, grúpa tuismitheoirí Gaelscoile sa cheantar.

Dúirt Caitríona Uí Lochlainn agus  Christine Ní Chiardubhán go raibh a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoil Mológa agus gur sárú ar a gcearta teanga agus a gcearta mar thuismitheoir a bhí sa chinneadh a d’fhág nach mbeadh deis ann na páistí a chur go dtí Gaelcholáiste sa cheantar.

Cormac Ó Dúlacháin agus Dáithí Mac Cárthaigh an fhoireann dlí atá ag lucht an dúshláin.

Meastar go leanfaidh an cás, atá á éisteacht i nGaeilge ag an mBreitheamh Bronagh O’Hanlon ar aghaidh go dtí Dé hAoine.

Tá na gearánaithe ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an cinneadh diúltú don iarratas go mbunófaí Gaelcholáiste ar an suíomh, cinneadh a deir siad a sháraigh an tAcht Oideachais 1998 agus Bunreacht na hÉireann.

Áitíonn siad go bhfuil dóthain spáis ar an suíomh do scoil Bhéarla ina mbeadh 600 dalta agus scoil lán-Ghaeilge ina mbeadh 400 dalta agus gur chóir freastal ar an éileamh mór a deir siad atá ar an ngaeloideachas sa cheantar.

I mí na Samhna 2019 chinn an tAire Oideachais iarbhunscoil nua a cheadú do cheantair Bhaile Átha Cliath/Cluain Sceach agus Baile Átha Cliath 6 Thiar. Thug an Roinn Oideachais le fios gur thacaigh 291 tuismitheoir sa cheantar le hiarratas Educate Together a bheith mar phátrún ar an scoil nua agus gur thacaigh 167 le hiarratas an Foras Pátrúnachta a bheith mar phátrún. Dúradh gur 60 vóta a fuair iarratas Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus gur seachtar a thacaigh leis an iarratas a rinne Scoil Sinéad.

Bhí 32.76% ag iarraidh gurbh í an Ghaeilge a bheadh mar theanga theagaisc sa scoil nua agus 61.9% a bhí ag iarraidh gur scoil Bhéarla a bheadh ann. Dúradh nach raibh aon Ghaelcholáiste sa dá cheantar pleanála scoile agus gur i mBaile an tSaoir, 3.54 ciliméadar ón suíomh i gCrois Araild, a bhí an Gaelcholáiste is giorra don áit. Chinn an Roinn Oideachais pátrúnacht na scoile nua a bhronnadh ar Educate Together agus gur scoil Bhéarla ilchreidmheach a bheadh inti ina mbeadh Aonad Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'Tús curtha le dúshlán cúirte faoi chinneadh diúltú do bhunú Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath'