Tús á chur ag an HSE le mórfheachtas earcaíochta agus méadú mór ar líon na gcásanna Covid-19 á thuar

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gurb amhlaidh atáthar ag súil le méadú 30% ar líon na gcásanna nua gach lá sa tréimhse romhainn amach agus go bhféadfadh 15,000 cás a bheith deimhnithe ó dheas faoi dheireadh na míosa

Tús á chur ag an HSE le mórfheachtas earcaíochta agus méadú mór ar líon na gcásanna Covid-19 á thuar

Cuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tús inniu le mórfheachtas earcaíochta agus oibrithe nua á lorg acu chun tacú leis an gcath i gcoinne Covid-19.

Cuirfear tús leis an bhfeachtas tráth a bhfuiltear ag cur go mór le líon na dtástálacha don víreas atá á gcur ar dhaoine agus tráth a bhfuil ardú mór á thuar ar líon na gcásanna de Covid-19.

De réir thuar an HSE, 78 cás nua a dheimhneofar inniu, 109 cás a dheimhneofar Dé Céadaoin agus 355 cás nua a bheidh i gceist faoin Domhnach.

Tuairiscíodh tráthnóna inné go bhfuil Páirc an Chrócaigh le bheith ina hionad tástála náisiúnta do Covid-19.

Ionad tástála carrsheirbhíse a bhunófar i gceannáras Chumann Lúthchleas Gael agus beidh gá le coinne chun tástáil a fháil. 19 ionad tástála a bhí inné agus tá 15 ionad eile le bunú sna laethanta amach romhainn.

275 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn agus Plean Gnímh Náisiúnta chun dul i ngleic leis an víreas fógartha.

223 cás ar fad a deimhníodh go dtí seo ó dheas den teorainn agus 54 cás nua a deimhníodh anocht.  52 cás a deimhníodh ó thuaidh go dtí seo, seacht gcinn nua ina measc.

Tá sé i gceist ag an Roinn Sláinte tuarascáil a chur ar fáil maidir le cásanna deimhnithe, mar a mbeidh eolas faoi aois agus inscne na n-othar, cá bhfuil cónaí orthu agus cé acu an raibh cúram ospidéil ag teastáil uathu nó nach raibh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan aréir nach dócha go mbeifí ag filleadh “ar an 29 Márta ar an saol mar a bhí”.

Táthar den tuairim go bhfógrófar ardú suntasach eile ar líon na gcásanna deimhnithe den ghalar sna laethanta amach romhainn.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna inné gurb amhlaidh atáthar ag súil le méadú 30% ar líon na gcásanna nua gach lá sa tréimhse romhainn amach agus go bhféadfadh 15,000 cás a bheith ann ó dheas faoi dheireadh na míosa. Ní bheidh gá ag formhór de na daoine a bheidh buailte ag an ngalar le cúram san ospidéal ach beidh dianchúram leighis ag teastáil ó roinnt acu, a dúirt sé.

Ar na beartais nua atá fógartha sa Phlean Gnímh, tá an mórfheachtas earcaíochta do na seirbhísí sláinte. Maidir leis an scoitheadh sóisialta, táthar ag moladh anois go bhfanfaí trí mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Beidh físchomhdháil éigeandála ag ceannairí an Aontais Eorpaigh inniu chun comhordú a dhéanamh ar a gcuid iarrachtaí scaipeadh an choróinvíris a cheansú.

“Is é an rud is tábhachtaí srian a chur le scaipeadh an ghalair, dóthain trealamh leighis a sholáthar, cur leis an taighde agus na drochiarmhairtí a bheidh ag an ngalar ar chúrsaí eacnamaíochta a rialú,” a dúradh i dtvuít ó Charles Michel, ceannasaí na Comhairle Eorpaí.

Beidh an cruinniú mullaigh urghnách seo, a ghairm Charles Michel, ag ceannairí an 27 ballstát an lá i ndiaidh don G7 físchomhdháil ardleibhéil a bheith acu féin.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad atá fógartha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte le dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil an saol curtha bun os cionn aige ar fud an domhain agus breis is 6,500 duine curtha den saol aige.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Fág freagra ar 'Tús á chur ag an HSE le mórfheachtas earcaíochta agus méadú mór ar líon na gcásanna Covid-19 á thuar'