Trí lá a chaitheamar ag éisteacht le torann suaimhneach na báistí ag titim ar na pubaill. Tar éis tamaill theip ar na pubaill an bháisteach a choinneáil amach. Agus tú i do luí sa mhála codlata agus braonacha uisce ag titim anuas ar chlár do bhaithise tosaíonn tú ag ceistiú na gcinntí a thug anseo thú. Thart ar mheán oíche an tríú hoíche ghlan an spéir agus chuidigh an aimsir linn ár sprioc a bhaint amach; barr an tsléibhe. D’éirigh muid ar a trí a chlog ar maidin, bricfeasta ag 3.30am (pónairí, uibheacha agus arán bán) agus bhíomar réidh le himeacht ar a 4am.
Agus na soilse cinn lasta againn shiúlamar duine ar dhuine sa sneachta úr a bhí tite ar an talamh níos airde ná an láthair champála. Níor tugadh seans don bhricfeasta socrú sna boilg áfach agus phléasc broim i ndiaidh broma síos tríd an líne. Mo léan bhí mise ar an dream bocht a bhí fágtha ar chúl.
Ba é Binn Kalo Yala ár ndúshlán an mhaidin sin. Sliabh i sliabhraon cáiliúil na Himiléithe i Neipeal. Focal Tibéadach is ea Kalo a chiallaíonn ‘dubh’ agus focal Neipealach is ea Yala a chiallaíonn ‘gar don bhearnas’. Tá Kalo Yala ar thaobh na teorann idir Neipeal agus an Tibéid. Agus tú ag dul trí bhearna sna sléibhte, tá cloch dhubh le feiceáil ar an mbarr a thugann ainm don sliabh. Tá an bhinn 5,520 méadar ar airde.
Os cionn 4,000 méadar níos airde ná Corrán Tuathail, an sliabh is airde in Éirinn (1,038m). Tugann muintir na háite ‘cnoc’ ar shléibhte mar Yala agus ag breathnú suas air óna bhun agus sléibhte móra breis is 7,000 méadar ar airde timpeall air, cheapfá nach raibh ann ach siúlóid lán spraoi go dtí an barr. Nod don eolach… níorbh amhlaidh an scéal.
Clocha scaoilte ar fhána ghéar a bhíonn faoi do chois go hiondúil an bealach uilig go dtí an barr. Ghreamaigh an sneachta na clocha dá chéile an lá úd áfach agus cé go raibh sé níos deacra briseadh tríd, bhí greim níos daingne againn dá bharr. Le héirí na gréine bhí radharc ceart againn ar a raibh inár dtimpeall. Sléibhte ollmhóra bagracha, na mílte méadar síos uainn gleann domhain a raibh abhainn ina lár.
Uasteorainn na gcrann, líne an tsneachta agus líne na gcloch greanta go soiléir sna sléibhte os ár gcomhair amach. Bhí Langtang Lirung, 7,234 méadar ar airde, siar uainn. Stop muid ar feadh tamaill ag breathnú ar an ollsliabh seo a raibh an ghrian ag lonrú air. Chuala muid torann íseal domhain, ag méadú de réir a chéile, torann a d’aithin muid le seachtain anuas mar mhaidhm shneachta.
Chonaic muid uainn ansin an mhaidhm agus í ag titim anuas le fána Langtang Lirung. Sheasamar inár staic ansin ag stánadh uirthi, an chéad mhaidhm shneachta a chonaic mé ag tarlú os comhair mo dhá shúil. Tar éis cúpla soicind bhí rian na maidhme ceilte ag scamall púdar sneachta. Thugamar sracfhéachaint ar a chéile, rinne cúpla duine againn gáire le teann neirbhíse agus lean muid orainn ar ár n-aistear go dtí an barr.
Tar éis ceithre uair an chloig ag siúl is ag dreapadh, ag sleamhnú is ag cur allais, shroicheamar casadh sa sliabh. “Tá muid beagnach ann,” a dúirt Lhakpa, an treoraí sinsearach a raibh Everest dreaptha aige 12 uair. Rinne cúpla duine gáire mar is é sin an freagra a bhíonn ag an Seirpeach i gcónaí nuair a fhiafraíonn tú de cén fhad atá fágtha, is cuma más ag tús nó ag deireadh an aistir atá tú. Ag an stad seo ní raibh muid beagnach ann ná baol air.
Ag an gcasadh sin sa sliabh is ea a chonaic muid i gceart binn an tsléibhe os ár gcomhair agus timpeall dhá uair an chloig fós le dreapadh againn. Is ag an bpointe seo a bhuaileann an lagmhisneach thú. I rás maratóin, deirtear gur idir 30 agus 35 ciliméadar an tréimhse is deacra. B’amhlaidh an scéal ar an sliabh. Bhí muid tuirseach, bhí an dreapadh ag éirí níos contúirtí is níos géire agus muid fós píosa fada ón mbarr.
Thosaigh smaointe diúltacha ag rith liom, mhoilligh mo luas agus d’éirigh mé níos cantalaí. Bhí an ghrian ag scaladh anuas orainn agus bhí mé ag caitheamh an iomarca éadaí. Bhí na bristí agus cóta Gore-Tex riachtanach don trí lá báistí a chuaigh thart ach anois bhí sé geall le bheith ag dreapadh i seomra allais.
Bhí meáchan caillte agam freisin agus bhí an bríste, nár theastaigh beilt uaidh ag tús an turais, ag sleamhnú síos anois faoi mheáchan an úim dhreapadóireachta. Stop mé ar feadh tamaill, mhéadaigh an bhearna idir mé féin agus an grúpa – rud maith mar bhí spás pearsanta uaim.
Tá daoine ann a labhraíonn faoina bheith dearfach in am an chruatain, a mhalairt a bhímse. Baineann sé, b’fhéidir, le blianta fada ag imirt iománaíochta ach bainim sásamh as áit ‘dhorcha’ a aimsiú, tugann sé spreagadh dom is lasann an fhearg splanc ionam. D’ith mé barra Snickers agus lean mé orm ansin ag eascaine is ag scaoileadh mallachtaí le gach rud, an sneachta, mo bhríste, mo bhróga agus na daoine chun tosaigh orm nach raibh ag glacadh sosa.
Ag seasamh ar dhroim an tsléibhe bhí muid in ann An Tibéid a fheiceáil chomh maith leis an Shishapangma, sliabh atá 8,027 méadar ar airde.
Anois bhí muid beagnach ann. Sheas Ashok, an treoraí eile, amach chun tosaigh orainn. Fear 24 bliain d’aois, tá Everest dreaptha aige faoi thrí agus tá sé de rún aige na 14 binn a dhreapadh go luath. Leis an mhuinín a thagann le taithí, le haclaíocht a choirp agus le fios a cheirde, shaordhreap Ashok an chuid dheireanach go dtí barr an tsléibhe, rinne sé ancaire agus chuir sé an rópa síos chugainne.
Dá dtitfeadh duine ag an bpointe seo, rachfá b’fhéidir míle méadar síos an sliabh agus chríochnófá sa Tibéid. Dhreap muid le cúnamh na líne agus bhaineamar an barr amach duine ar dhuine, trí dhuine dhéag againn as ceithre airde na cruinne. Gaisce a bhí ann don ghrúpa a bhí éagsúil ó thaobh cumais, aclaíochta agus aoise.
Chuir Davide as an Iodáil bratach na Sairdíne ar foluain sa sneachta. Lonraigh an ghrian ar shliabhraon Langtang agus bhí mise i mo sheasamh ansin agus t-léine mo chlub CLG, Naomh Mearnóg, á chaitheamh agam le teann mórtais.
Is éasca an tÉireannach a aithint i gcéin.
Instagram: @gar.odriscoll
Lelia Ní Bhroin
Alt iontach agus fíor shuimiúl. Tá sé dochreidte na heactraí a thógtar agus an dáinsér a bhaineann leo. Gan amhras is léir ón sliocht gurb fhiú é a dhéanamh.